Méid an Téacs

An Comhrá Mór – Ollchruinniú Gnímh

Bealtaine 25, 2017

Ollchruinniú

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

De réir daonáireamh na bliana anuraidh ó dheas tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge don chéad uair ón bhliain 1946. Chomh maith leis sin ó dheas, léiríonn tuairisc an Choimisinéara Teanga go bhfuil ag teip ar chóras na scéimeanna teanga, córas a bhí le bheith mar chroílár Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ó thuaidh, in ainneoin 12,000 a bheith ar shráideanna Bhéal Feirste an tseachtain seo caite (breis eolais thíos), agus go bhfuil deich mbliana caite ó gealladh Acht Gaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn, Comhaontú a shínigh rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine, níl Acht Gaeilge againn fós chun seasamh le cearta phobal na Gaeilge.

Is léir go bhfuil gá do phobal na Gaeilge aird a dhíriú in athuair agus le práinn ar na mórfheachtais atá ag teastáil chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agus a fhorbairt fud fad na tíre.
Chuige sin, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit arís freastail ar An Comhrá Mór – Ollchruinniú Gnímh. Tá sonraí na cruinnithe thíos:
• Dáta: Dé Sathairn, 10 Meitheamh 2017
• Am: 11.00 go 16.00
• Ionad: Óstán Wynns, 34-39 Sráid na Mainistreach Íochtar, BÁC 1
Fóram poiblí a bheidh ann le dul i mbun gnímh. Áireofar go háirithe gníomhartha maidir le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas, agus maoiniú don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach i measc go leor eile. Tá fáilte roimh chách ann agus is féidir clárú anseo.

Ní neart go cur le chéile.

AN LÁ DEARG

Tá ardmholadh ag dul do gach duine páirteach san eagrúchán agus gach duine a bhí ag an Lá Dearg. Léiriú iontach láidir a bhí ann den líon agus den réimse daoine atá taobh thiar d’Acht Gaeilge ó thuaidh agus creideann muid go gcabhróidh sé go mór leis an Acht a bhaint amach