Méid an Téacs

Art Ó Súilleabháin i nGaelscoil na Mí

Meitheamh 24, 2014

Tháinig an scríbhneoir Art Ó Súilleabháin ar cuairt chuig na páistí i nGaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin agus Gaelscoil an Bhradáin Feasa i nDroichead Átha i rith Sheachtain na Gaeilge. Is scríbhneoir é Art Ó Súilleabháin as Corr na Móna i nGaillimh a bhfuil roinnt scéalta agus dánta Gaeilge do pháistí scríofa aige. Bhí na páistí ar bís chun bualadh le húdar Gaeilge. Léigh sé roinnt scéalta agus dánta do na páistí agus labhair sé leo faoi chúlra na ndánta. Chomh maith leis sin, d’éist sé leis na páistí ag cur a dhánta i láthair dó. Dúirt sé go raibh ard-chaighdeán Gaeilge acu agus bhí na páistí an-sásta é sin a chloisteáil! Chabhraigh an chuairt seo go mór le cur chun cinn na teanga i measc phobal na scoile leis an gcumarsáid Ghaeilge idir na páistí agus an scríbhneoir, an deis chun éisteacht le scéalta agus dánta Gaeilge á léamh ag an údar agus an spreagadh a thug sé do na páistí chun tabhairt faoi scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge. Bhain na páistí go léir an-taitneamh as an gcuairt agus tá siad ag obair ar a ndánta féin a scríobh faoi láthair.

An grianghraf: Na páistí as Rang 1/2 i nGaelscoil na Mí agus a múinteoir Clár Ní Mhaoláin leis an scríbhneoir Art Ó Súilleabháin.

Gaelscoil na Mí