Cúrsa Bainistíochta Inmheánach Scoile
Iúil 7, 2008
Eagraithe ag: GAELSCOILEANNA TEO. i gcomhpháirtíocht le hIonad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar.
Dátaí: 18ú – 22ú Lúnasa 2008
Am: 09.30 – 14.00
Ionad: Óstán Plaza, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24
Costas: €50 (seic iniata le hIonad Oideachais, Baile Átha Cliath Thiar
OIriúnach do: Príomhoidí nua, Leas-phríomhoidí agus múinteoirí le dualgais bhainistíochta orthu
Cainteoirí: Anita Nic Amhlaoibh, Máirín Ní Chéilleachair, Sinéad Ní Nualáin, Mícheál Ó Broin, Dónal Ó Conaill, agus Foireann GAELSCOILEANNA TEO.
Faoi chaibidil:
- Ceisteanna T1 agus an Tumoideachas
- Míniú ar an sainmheon lán-ghaelach agus conas “pobal lán-ghaelach” a bhunú i measc an scoilphobail
- Poiblíocht agus ocáidí scoile a eagrú
- Ról an Bhoird Bainistíochta agus ról an phátrúin mínithe don mhúinteoir
- Conas Féilire riaracháin na bliana a chur le chéile. Spriocdhátaí tábhachta a aimsiú
- Cóiríocht Scoile: cóiríocht bhuan. Léiriú ar chonas suíomh a aimsiú agus iarratas a dhéanamh ar scoil bhuan
- An córas pleanála agus tógála a mhíniú
- Ag cothú gaoil dearfacha sa scoil; scileanna bainistíochta coimhlinte éagsúla a chur in oiriúint do shuíomhanna agus d’ocáidí chuí
- Conas aire a thabhairt duit féin, strus agus brú oibre a sheachaint
- Ag plé le tuismitheoirí, conas córas cumarsáide éifeachteach a fhorbairt sa scoil
- Gaelscoileanna mar eagras, conas gur féidir leis tacú le scoileanna
- Earcaíocht: conas tabhairt faoin bpróiseas ó thús go deireadh