Méid an Téacs

An dara siollabas Gaeilge don Teastas Sóisearach faofa ag an Aire Oideachais

Márta 15, 2017

Tá imní ann i measc lucht an Ghaeloideachais agus múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre faoin siollabas nua agus meastar nach bhfuil dóthain ullmhúcháin déanta chun an siollabas a thabhairt isteach.

Tá an siollabas nua Gaeilge don Teastas Sóisearach faofa ag an Aire Oideachais Richard Bruton. Deimhníodh i gciorclán a d’eisigh an Roinn Oideachais an tseachtain seo go bhfuil sé i gceist ag an Roinn an siollabas nua Gaeilge don Teastas Sóisearach a thabhairt isteach ag tús na scoilbhliana seo chugainn, i Meán Fómhair 2017.

Tabharfar an siollabas nua Gaeilge i bhfeidhm do lucht na chéad bhliana an fómhar seo mar aon leis an siollabas nua do theangacha na hEorpa, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus an Iodáilis, agus siollabas nua ealaíne. Beidh na daltaí a thosóidh ar an gcúrsa nua i mbliana ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach in 2020. Deimhníodh sa chiorclán a scaipeadh an tseachtain seo go bhfuil na siollabais seo uilig faofa ag an Aire Bruton.

Beidh dhá “shonraíocht” Ghaeilge, mar a thugtar orthu sa cháipéis, i gceist don Teastas Sóisearach feasta. Díreoidh sonraíocht amháin ar dhaltaí arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais agus ar dhaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tabharfar an sonraíocht isteach i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Béarla a mbíonn ábhar amháin nó níos mó, taobh amuigh den Ghaeilge féin, á mhúineadh i nGaeilge.

Beidh an dara sonraíocht dírithe ar dhaltaí nach í an Ghaeilge an chéad teanga atá acu agus tá sé i gceist go dtabharfar isteach é i scoileanna nach í an Ghaeilge an teanga theagaisc iontu.

Tá imní ann i measc lucht an Ghaeloideachais agus múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre faoin siollabas nua agus meastar nach bhfuil an siollabas réidh le cur i bhfeidhm fós.

Sheol an eagraíocht COGG, a bhfuil feidhm reachtúil orthu comhairle a chur ar an Roinn Oideachais i dtaobh a bpolasaí Gaeilge, litir chuig an Roinn Oideachais ag moladh nach dtabharfaí isteach an cúrsa nua i mbliana mar atá beartaithe ach go gcuirfí siar é go dtí Meán Fómhair 2018. Tuigtear do Tuairisc.ie nach bhfuair COGG aon fhreagra ar an litir sin go fóill.

Bhí múinteoirí Gaeilge ar labhair Tuairisc.ie leo ar aon phort le COGG nach bhfuil an t-ullmhúchán ceart déanta chun an dara siollabas a thabhairt isteach. Dúirt na múinteoirí sin gur ar éigean go bhfuil aon sonraí tugtha ag an Roinn Oideachais dóibh faoin siollabas nua, agus go bhfuil doiléire ag baint le pé sonraí atá tugtha dóibh.

Bhí amhras mór ar mhúinteoirí chomh maith go mbeadh aon téacsleabhar le dealramh réidh don chúrsa nua roimh thús na scoilbhliana seo chugainn.

Eagraíodh laethanta inseirbhíse do mhúinteoirí Gaeilge le déanaí chun iad a chur ar an eolas maidir le pleananna na Roinne don siollabas agus dúirt duine amháin a d’fhreastail ar cheann de na hócáidí gur mó ceisteanna ná freagraí a fuarthas le linn na hócáide sin. Dúirt sé freisin go bhfuil mearbhall níos mó anois air ina diaidh.

Thug an Roinn Oideachais le fios do na múinteoirí go bhfoilseofaí ‘an tsonraíocht’ maidir leis an siollabas nua as seo go ceann cúpla seachtain, ach ba bheag dóchas a bhí ag na múinteoirí a labhair le Tuairisc.ie go dtabharfadh foilsiú na sonraíochta sin chun soiléire an scéal.

Tá lucht páirte an Ghaeloideachais ag éileamh le fada an lá go dtabharfaí isteach siollabas Gaeilge nua don Teastas Sóisearach agus don Ardteist a dhéanfadh freastal mar ba chóir ar riachtanais an chainteora dúchais agus an chainteora líofa Gaeilge.

Dúirt duine amháin a bhí páirteach san fheachtas fada go mba thrua anois dá dtabharfaí isteach siollabas “a chodail amuigh ar mhaithe lena thaispeáint go bhfuil rud éigin ar siúl”.

“Is mithid é a dhéanamh, is fiú é a dhéanamh, agus ba chóir é a dhéanamh ceart. Sin é é. Ní éireoidh leis más in aghaidh a dtola a chuirfear faoi bhráid na múinteoirí é sula mbíonn na sonraí ar fad ar eolas agus sula mbíonn an cur chuige ag teacht le riachtanais an dalta seachas riachtanais na Roinne,” a dúirt duine acu siúd a bhí lárnach i bhfeachtas ar son an dara siollabas don chainteoir dúchais.

http://www.peig.ie/nuacht-as-gaeilge/an-dara-siollabas-gaeilge-don-teastas-soisearach-faofa-ag-an-aire-oideachais