Text size

(Gaeilge) Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile

June 29, 2017

Sorry, this entry is only available in Irish.

(Gaeilge) Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!

June 28, 2017

Sorry, this entry is only available in Irish.

Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!

June 27, 2017

Bhí an-spórt ag daltaí ó ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta ag Féile Peile Gael Linn 2017 le linn na míonna Bealtaine agus Meitheamh. Cúig fhéile ar fad a eagraíonn Gael Linn go bliantúil le maoiniú ó Foras na Gaeilge- ceann i ngach cúige agus an dara ceann i gCúige Mumhan, chun freastal ar éileamh! I mbliana, bhí na féilte dhá-lá seo ar bun i Ráth Chairn, in Indreabhán, ar an bhFál Carrach, sa Rinn, agus i gCorca Dhuibhne, agus bhí 8 scoil páirteach i ngach ceann acu.

Chomh maith leis na féilte féin, reáchtáladh réamhbhabhtaí cáilithe i mBéal Feirste (i gcomhar le Corn Uí Mhuirí), i gCorcaigh (i gcomhar le Cumann na mBunscoil), sa Cheathrú Rua agus i dTuaim. Idir na réamhbhabhtaí agus na féilte féin, bhí os cionn 60 scoil páirteach, agus suas le 1,100 peileadóir, idir chailíní agus bhuachaillí!

D’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad ag gach féile agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin go dtí an Craobh Cúige. Is iad seo a leanas na foirne buacacha- comhghairdeas leo!:

Féile Laighean, Ráth Chairn: Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Co. Chill Dara

Féile Uladh, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall: S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall

Féile Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Scoil Iognáid, Gaillimh

Féile na Mumhan 1; Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí: Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Co. Chiarraí

Féile na Mumhan 2, An Rinn, Co. Phort Láirge: Gaelscoil Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann

Agus ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhí an spraoi! Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird agus céilithe ar bhun do na daoine óga, agus ghlac sár-cheoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí ó na scoileanna éagsúla páirt sna ceolchoirmeacha chomh maith! Deis iontach a bhí ann do na scoláirí bualadh le cairde nua ó scoileanna eile, agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga! Tá Gael Linn an-bhuíoch de na múinteoirí uilig a thug cabhair agus cúnamh le reáchtáil na bhféilte ar aon bhealach, agus ar ndóigh, de coistí áitiúla CLG a chur na háiseanna ar fáil dúinn sna ceantracha éagsúla!

(Gaeilge) Folúntais le Gaelcholáiste Céitinn

June 27, 2017

Sorry, this entry is only available in Irish.

Caifé Cultúir ag filleadh ar an Leabharlann Náisiúnta!

June 27, 2017

An bhfuil spéis agat i gcúrsaí cultúir agus ealaíon? Ar mhaith leat do chuid tuairimí a roinnt le daoine eile a bhfuil spéis acu sna healaíona? Bí linn mar sin ag an gCaifé Cultúir 12:30pm Déardaoin seo chugainn 29 Meitheamh sa Chaifé Joly sa Leabharlann Náisiúnta!

Múinteoirí ag teastáil uaidh Coláiste Ghobnatan

June 23, 2017

Tá folúntais ar fáil i gColáiste Ghobnatan i mBaile Mhúirne, Co. Chorcaí. Conradh bliana atá i gceist leis na folúntais. Tá iarratais á ghlacadh uaidh Múinteoirí Bitheolaiocht Agus Eolaiocht Talamhaiochta, Múinteoirí Staire, Múinteoirí Corp Oideachas, Múinteoirí Ealaíne agus Múinteoirí Matamaitice. Is gá iarratais a sheoladh roimh an 6ú lá de Iúil.

Tá folúntas ar son Príomhoide i gColáiste Ghobnatan chomh maith. Conradh buan atá i gceist agus is gá iarratais a sheoladh roimh an 30ú lá de mhí an Mheitheamh.

Is féidir cur isteach ar na folúntais seo tríd an suíomh;

https://portal.etb.ie/pls/cketbliverecruit/erq_search_version_4.start_search_with_params

(Gaeilge) Folúntais cianda le Langroo

June 23, 2017

Sorry, this entry is only available in Irish.

(Gaeilge) Stiúrthóir Naíonra de dhíth ar Naíonra Nurney

June 22, 2017

Sorry, this entry is only available in Irish.

(Gaeilge) Anois atá tú ag caint! – Léitheoir Gréasáin ABAIR

June 22, 2017

Sorry, this entry is only available in Irish.

Campa

June 22, 2017

Páistí ó 5 – 13 mbliana d’aois
Cáthain: Júil 10 – 14
Institiúid Teicneolaíochta Sráid Bolton
10:00 – 14:00 Luan go h’Aoine

Ceimic, bitheolaíocht, fisic, innealtóireacht………….
€150. “Earlybird” €135 go dtí 05/06/17
rátaí lascaine ar beirt nó níos mó

087-6749608

info@anyone4science.com

www.anyone4science.com

Next Page »