Méid an Téacs

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2019 – Cainteoirí ó Chiarraí agus Conamara ag ceiliúradh !

Eanáir 24, 2019

Comhghairdeas leis na foirne díospóireachta ó Chiarraí agus ó Chonamara a thug Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2019 leo ar na mallaibh!   Is ar an gCéadaoin, 23 Eanáir a reáchtáladh an ócáid ghradamúil seo, san Óstán County Arms, Biorra. Cruthaíonn Comórtas Uí Chadhain ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc iontu agus ghlac os cionn 50 foireann páirt sna babhtaí éagsúla a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.  Déanann Foras na Gaeilge an comórtas a mhaoiniú.

Painéal de chúigear moltóir a bhí i láthair ar an oíche-Áine Hensey, Íde Uí Uallacháin, Féilim Mac Donnchadha, Seán Mac Labhraí agus Eoghan Mac Cormaic.  Bhí an chaighdeán chomh hard go raibh dúshlán mhór rompu na foirne bhuacacha a roghnú!  Sa rannóg shóisearach den chomórtas, bhí neart tuairimí ag na cainteoirí  óga ar fad ar an ábhar spéisiúil  ‘Tá cultúr na tíre seo slán sábháilte i lámha an aosa óig!’  Bhí sceitimíní áthais ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurbh iad foireann  Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis ( Páidí Mac Gearailt, Meadhbh Nic an Ultaigh agus Antaine Ó Séaghdha ) na buaiteoirí!  Fuaireadar an ceann is fearr ar fhoirne ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath agus Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath. Threoraigh na múinteoirí bródúla, Ciara Ní Shé agus Méabh Breathnach, na cainteoirí óga agus iad ag ullmhú don bhabhta ceannais seo agus do na díospóireachtaí ar fad a bhí acu i rith an chomórtais.

Foireann ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal ( Aoife Nic Dhonncha, Siobhán Ní Neachtain agus Aisling Ní Chonghaile) a d’ardaigh an corn tar éis a mbua sa chraobh shinsearach.  Éacht eile é seo don scoil, a bhfuil traidisiún láidir díospóireachta inti – bhí beirt den fhoireann seo, Siobhán agus Aisling, mar churaidh sóisearacha ag Craobhchomórtas Uí Chadhain 2017!  Ba í Tríona Uí Mhurchú, Príomhoide na scoile, an múinteoir a bhí i mbun na foirne arís agus í an-bhródúil as a cuid scoláirí.  Sa díospóireacht seo freisin bhí foirne ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí, agus arís eile, Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath.  Phléadar an rún ‘Is córas roghnúcháin cothrom é córas na bpointí!’, a bhí tráthúil do na scoláirí sinsearacha seo,  agus bhí na hóráidithe uilig an-eolach faoin ábhar agus ag bréagnú a chéile tríd síos!

Is é  Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh a bhí mar aoichathaoirleach ar an oíche. Is iar-bhuaiteoir de chuid an chomórtais é féin, agus bhí dea-chuimhní cinn aige ar na díospóireachtaí a raibh sé féin páirteach iontu agus é ina scoláire. Luaigh sé gur sheas an taithí leis agus é ag dul chun cinn ina ghairm beatha roghnaithe.  Bhí sé an-mholtach faoi chainteoirí óga na hócáide seo, a léirigh tuiscint mhaith ar na hábhair a bhí á gcíoradh acu, agus thug sé a chuid tuairimí féin ar chóras na bpointí, ach go háirithe! Bronnadh buanchorn agus dearbháin de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas, na curaidh sóisearacha, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, agus na curaidh sinsearacha, Coláiste Chroí Mhuire, agus bronnadh dearbháin de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach san ócáid.

Agus é ag tréaslú leis na duaiseoirí, dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn: ‘Tá tábhacht ar leith ag baint le spreagadh a thabhairt do dhaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge. Dá bhrí sin, is ábhar sásaimh do Gael Linn an leibhéal rannpháirtíochta i gComórtas Uí Chadhain agus an t-ardchaighdeán díospóireachta atá á léiriú ag daltaí. Táimid go mór faoi chomaoin ag na múinteoirí as a ndúthracht agus a ndílseacht don chomórtas.’

Curaidh na hÉireann!  Foireann Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal  a bhuaigh an comórtas díospóireachta Uí Chadhain / Gael Linn i gcraobh na sinsear. Sa phictiúr chomh maith tá a múinteoir, Tríona Ní Mhurchú, agus an t-aoichainteoir, an tOllamh Ciarán Ó hÓgarthaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Curaidh na hÉireann! Foireann Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a bhuaigh an comórtas díospóireachta Uí Chadhain / Gael Linn i gcraobh na sinsear. Sa phictiúr chomh maith tá a múinteoir, Tríona Ní Mhurchú, agus an t-aoichainteoir, an tOllamh Ciarán Ó hÓgarthaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

 

Curaidh na hÉireann!  Buaiteoirí chomórtas díospóireachta Ui Chadhain Gael Linn i gcraobh na sóisear, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, lena múinteoirí Ciara Ní Shé, ar chlé, agus Méabh Breathnach, ar dheis. S a phictiúr chomh maith tá Pádraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn, ar chlé, ags an t-aoichainteoir Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Curaidh na hÉireann! Buaiteoirí chomórtas díospóireachta Ui Chadhain Gael Linn i gcraobh na sóisear, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, lena múinteoirí Ciara Ní Shé, ar chlé, agus Méabh Breathnach, ar dheis. S a phictiúr chomh maith tá Pádraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn, ar chlé, ags an t-aoichainteoir Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

 

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie nó

Tomás Ó Cadhla, Riarthóir an chomórtais 087:7474927