Méid an Téacs

Scléip Gael Linn 2018 – Craobhchomórtas, Dé Céadaoin, 31 Eanáir 2018

Eanáir 30, 2018

Beidh craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2018 ar siúl in amharclann Clasach, Cluain Tarbh, Dé Céadaoin, 31 Eanáir 2018. Beidh os cionn 300 aisteoirí, ceoltóirí, rinceoirí agus amhránaithe ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó Dhún na nGall go dtí Daingean Uí Chúise, mar aon lena gcuid múinteoirí agus tuismitheoirí, i láthair. Tá clár na hócáide faoi iamh, mar eolas daoibh – beimid ag cur tús leis na comórtais ag 11.00a.m. – beidh dhá halla in úsáid againn do na comórtais i rith an lae, agus táimid ag súil go mbeadh críoch le cúrsaí c.3.45.m., uair a bhronnfar na duaiseanna.

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Cuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Tá comórtas Scléip á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.

Bhí ceithre réamhbhabhta réigiúnacha ar siúl ag i rith mhí na Samhna/mí na Nollag –i Muineachán, i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath agus i Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, ag a roghnaíodh na hiomaitheoirí don chraobhchomórtas. I measc na moltóirí a bheidh ann ar an lá mór, beidh an léiritheoir drámaí, Síle Ní Dhuibhne, an damhsóir, Máire Uí Mhurchú, agus na ceoltóirí agus cumadóirí, Enda Reilly agus Pádraig Ó Conghaile (nó MC Muipéad!).

Bronnfar duaiseanna ar na buaiteoirí i ngach rannóg agus Gradam Scléip ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheasann amach as na buaiteoirí uilig sna comórtais ceoil/amhránaíochta . Bronnfar duais Gradam Cheoil Nós, chomh maith, don amhrán nua-chumtha is fearr sna comórtais amhránaíochta, canta ag duine aonair nó ag grúpa. Is í Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí Rá, a bheidh mar láithreoir ar an ócáid. Táimid ag súil le han-lá …agus beidh fáilte mhór roimh lucht féachana !