Méid an Téacs

Feachtas Náisiúnta Olltoghcháin Gaelscoileanna Teo

Bealtaine 3, 2007

CÓIRÍOCHT CHÓIR ANOIS! – AG ÉILEAMH RÉITEACH BUAN

Sheol GAELSCOILEANNA TEO. Feachtas Náisiúnta Olltoghcháin inniu – CÓIRÍOCHT CHÓIR ANOIS! – AG ÉILEAMH RÉITEACH BUAN’ ag freagairt do pholasaí na heagraíochta ar son réitigh a éileamh ar dhrochstaid cóiríochta scoileanna lán-Ghaeilge na tíre seo, ach go háirithe ag an mbunleibhéal. Tarraingaíonn an feachtas aird na bpolaiteoirí, na bpáirtithe agus an Rialtais ar an ngéarchéim chóiríochta atá ar siúl i scoileanna Lán-Ghaeilge na tíre seo le blianta fada anuas.

Tá fás agus forbairt leanúnach ag teacht ar líon na scoileanna lán-Ghaeilge le breis agus 30 bliain anuas ach tá líon na scoileanna atá ag fanacht ar chóiríocht bhuan ag méadú seachas ag ísliú. Ag seoladh an fheachtais, dúirt Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin, gur "Dúshlán gan sárú go fóill san earnáil í géarchéim na cóiríochta ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal. Is beag dul chun cinn atá déanta san earnáil faoin gceist seo agus meabhraíonn an feachtas don Rialtas a fhreagracht i leith córais oiriúnach comhaontaithe a chur i bhfeidhm chun leasa páistí na tíre seo."

Léiríonn na fíricí:-

Ø Go bhfuil 53% de scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal (131 scoil sa 26 contae) fós gan chóiríocht bhuan, is ionann sin agus iomlán de 69 scoil

Ø I measc an 29 scoil a bunaíodh ó 1998 i leith, níl aon cheann acu i gcóiríocht bhuan

Ø I measc an 58 scoil a bunaíodh ó 1994, tá 52 acu sin fós gan cóiríocht bhuan.

40 scoil ag fanacht 10 mbliain ar a laghad ar chóiríocht bhuan agus tá 9 scoil ag fanacht 20 bliain nó níos mó.

Sonraítear príomhthorthaí an taighde sa phacáiste eolais atá seolta mar chuid den fheachtas, agus leagtar amach réitigh éilithe ar staid an chórais cóiríochta reatha. Ina theannta, eisíodh cáipéis ar phríomhéilimh na heagraíochta ar an Rialtas ar son córais gaelscolaíochta feabhsaithe.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair ar bhonn 32 contae. Tá 5 bhunscoil lán-Ghaeilge ag oscailt Meán Fómhair 2007 móide 4 iarbhunscoil nua.

Tuilleadh Eolais:

Mícheál Ó Broin, Uachtarán 087-9467700

Oifig GAELSCOILEANNA TEO. 01 4773155

Críoch

 

PRÍOMHTHORTHAÍ SUNTASACHA Ó THORTHAÍ TAIGHDE GAELSCOILEANNA TEO., 2007

(Bhí 93% (122 scoil)mar ráta freagartha ar an gceistneoir a d’fhiosraigh staid na cóiríochta sna 131 bunscoil lán-Ghaeilge sna 26 contae, taobh amuigh den Ghaeltacht.)

CÚLRA

Géarchéim leanúnach

Tá géarchéim chóiríochta in earnáil na gaelscolaíochta go leanúnach le blianta anuas. Tá líon na scoileanna atá fós ag feitheamh ar chóiríocht oiriúnach ag méadú seachas ag ísliú. Níl sé inghlactha go bhfuil sé de chúram ar thuismitheoirí dul i mbun tiomsaithe airgid chun cur le ranníocaíochtaí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta i dtreo cíosa. Tugadh aitheantas don ghéarchéim seo i gClár an Rialtais, 2002:

"Beifear ag glacadh le hathbhreithniú cuimsitheach ar riachtanais na ngaelscoileanna agus na scoileanna go léir sa Ghaeltacht. Mar chuid d’obair na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, beifear ag déanamh athbhreithniú ar staid na bhfoirgneamh go léir atá na scoileanna seo ag úsáid agus beimid ag cur cl&;aacute;r i gcrích chun a bheith cinnte go bhfuil siad oiriúnach de réir an chaighdeán".

Faraor, is beag an dul chun cinn atá déanta ar an gceist phráinneach seo. Ón méid atá bainte amach, ní leor é in aon chor. Is léir go bhfuil ag teip ar an gcóras chun tabhairt faoin bhfadhb. Is gá go ndéanfaidh an Rialtas tosaíocht den cheist, faoi mar a bhí geallta. Caithfear deireadh a chur leis na socraithe sealadacha mí-oiriúnacha agus gníomhú a éileamh ón Roinn ar thimpeallacht sláintiúil foghlama a bheith ar fáil dár ndaltaí.

CÓIRÍOCHT BHUAN AGUS NA FÍRICÍ

53% de ghaelscoileanna gan cóiríocht bhuan.

Tá 131 bunscoil lán-Ghaeilge sna 26 contae (níl an 5 bhunscoil nua a bheith ag oscailt Meán Fómhair 2007 san áireamh sa bhfigiúr seo). Faoi láthair tá 69 scoil i gcóiríocht shealadach, sin 53%.

I measc an 29 scoil a bunaíodh ó 1998 i leith níl aon cheann acu i gcóiríocht bhuan go fóill.

I measc an 58 scoil a bunaíodh ó 1994 tá 52 acu sin fós gan cóiríocht bhuan, a chuimsíonn 90% den iomlán sa tréimhse seo.

Bunaíodh 104 scoil idir 1983 agus 2006. Tá 69 scoil, sin 66%, gan cóiríocht bhuan. As seo:-

• 34 scoil bunaithe idir 1983 agus 1989 – 10 scoil gan cóiríocht bhuan – 29%.

• 51 scoil bunaithe idir 1990 agus 1999 – 40 scoil gan cóiríocht bhuan – 78%.

• 19 scoil bunaithe idir 2000 agus 2006 – 19 scoil gan cóiríocht bhuan – 100%

Tá 40 scoil ag fanacht 10 mbliain ar a laghad ar chóiríocht bhuan agus 9 gcinn astu sin ag fanacht 20 bliain nó níos mó.

 

OIRIÚNACHT NA CÓIRÍOCHTA

59% de ghaelscoileanna i gcóiríocht nach bhfuil oiriúnach.

Luaigh 59% de na bunscoileanna a d’fhreagair nach bhfuil an chóiríocht atá ag an scoil oiriúnach, bíodh sé buan nó sealadach.

I measc na gcúiseanna a sonraíodh do mhí-oiriúnacht na cóiríochta áirítear :-

Seomraí Réamhdhéanta

· Tá 22 scoil ag brath go hiomlán ar sheomraí réamhdhéanta

· Tá 25 scoil eile ag baint úsáide as seomraí réamhdhéanta

Sean-Fhoirgnimh
– mar shampla i sean-thrádstóras, sean-ospidéal eitinne, srl. agus na deacrachtaí gaolmhara – ar a n-áirítear costais arda teasa, fuinneoga nach n-osclaíonn, poll sa díon/san urlár, tais.

Comhroinnt Spáis
Ag comhroinnt spáis le club spóirt agus na deacrachtaí gaolmhara a chuimsíonn stóráil fearais agus easpa príobháideachais
Gan dóthain leithris do dhaltaí ná do mhúinteoirí

Easnaimh sna Scoileanna

· 49 (40%) scoil nach bhfuil halla acu nó halla oiriúnach

· 33 (27%) scoil gann ar spás agus ar seomraí ranga féin

· 13 (11%) scoil nach bhfuil deis forbartha fisiciúil acu agus mar sin nach féidir freastal ar an éileamh ar áiteanna

· 23 (19%) scoil nach bhfuil seomra foirne acu nó seomra foirne mí-oiriúnach

· 19 (16%) scoil nach bhfuil seomra tacaíocht foghlamtha acu nó seomra tacaíocht foghlamtha oiriúnach

· 18 (15%) scoil nach bhfuil clós acu nó clós oiriúnach

· 9 (7.5%) scoil nach bhfuil seomra acmhainne acu.

Bun-áiseanna eile in easnamh:

· oifig,

· páirc imeartha,

· spás stórála,

Samplaí d’easnaimh sna scoileanna:

· Halla, seomra foirne, seomra riachtanais speisialta agus áit stórála

· Halla, seomra tacaíocht foghlamtha, spás stórála agus oifig cheart

· Cé go bhfuil an-éileamh ar an scoil, ní féidir leo aon gheallúint a thabhairt do thuistmitheoirí. Faoi láthair tá siad gann ar halla, seomra foirne agus áit stórála

· Leithreas amháin idir 100 páiste, ag roinnt spáis le Club Peile agus ag baint úsáide as seomraí réamhdhéanta. 11 bliain ag feitheamh ar scéal ón Roinn

· Ag brath go hiomlán ar sheomraí réamhdhéanta atá i ndrochchuí ar fad. Tá suíomh aitheanta le 5 bliain anuas ach níl aon dul chun cinn tar éis tarlú.

Luaigh 3 scoil atá i gcóiríocht shealadach nach bhfuil aon chinnteacht acu don bhliain scoile seo chugainn ó thaobh suímh de.

 

FADHBANNA SLÁNDÁLA :

13% de ghaelscoileanna buartha faoi fhadhbanna slándála.

Luaigh 16 (13%) scoil go bhfuil fadhbanna slándála sa scoil. Cuimsíonn samplaí:

poll sa díon agus san urlár, uisce ag sileadh isteach, fadhbanna le teas agus leictreachas, fadhbanna le francaigh, seomraí ar fad thuas staighre, an clós páirceála in úsáid mar chlós imeartha srl.

CÍOS NA SCOILEANNA (scoileanna gan cóiríocht bhuan)

Os cionn €4,500,000 in aghaidh na bliana caite ar chíos

D’fhreagair 58 bunscoil an cheist a bhain le cíos a íoc – agus soiléiríodh go bhfuil €4,500,000 á íoc ag na scoileanna seo in aghaidh na bliana.

ÁR nÉILIMH

Tá líon beag den 69 scoil gan chóiríocht bhuan ar liosta tógála na Roinne faoi láthair ach is gá gníomhú go práinneach chun scannal na scoileanna atá ag feitheamh le fada ar chóiríocht bhuan a chur ina cheart, mar sin éilímid:

• go dtabharfaí tosaíocht do ghéarchéim staid na cóiríochta i scoileanna le haitheantas buan atá i gcóiríocht shealadach laistigh den Rannóg Pleanála sa Roinn.

Glacann Gaelscoileanna Teo. leis go mbíonn ar scoileanna tús a chur leis an bhfás i gcóiríocht shealadach ach ba chóir go gciallódh ‘sealadach’ sealadach, mar sin éilímid:

• go mbeidh pleanáil réamhghníomhach ann do sholáthar suíomhanna trí struchtúr comhaontaithe idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus na húdaráis áitiúla.

• go mbeidh dualgas reachtúil ar lucht pleanála sna comhairlí áitiúla suíomhanna cuí a aimsiú agus a chur ar leataobh do scoil a luaithe is a bhíonn an t-aitheantas buan bronnta orthu, móide cead ordú ceannaigh éigeantach a bheith acu.

• go mbeidh dualgas reachtúil ar Oifig na nOibreacha Poiblí suíomh a cheannach laistigh de thréimhse 3 bliana ó bhronntar an t-aitheantas buan ar an scoil.

Idir an dá linn, ní chóir d’aon scoil, nuabhunaithe ná seanbhunaithe, a bheith ag fulaingt i gcóiríocht mí-oiriúnach, mar sin éilímid:

• go mbeidh íoschaighdeán de chóiríocht shealadach do scoileanna, idir spás agus caighdeán fisiciúil, móide scála ama an tréimhse sealadaigh do gach scoil a bheith chomhaontaithe.

Níl sé cothrom go bhfuil ar scoileanna i gcóiríocht shealadach airgead a thiomsú chun cur le ranníocaíochtaí na Roinne i dtreo cíosa, mar sin éilímid:

• go mbeidh cúram cíosa 100% ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta do gach scoil le haitheantas buan, agus

• i gcás scoileanna gan aitheantas buan, aisíoc iomlán ar an difir idir 75% agus 100% tar éis don scoil aitheantas buan a bhaint amach.

CÓIRÍOCHT CHÓIR ANOIS!

SCLÉIP! 2007: Ag Spreagadh Óg-thallain Gaelach

Aibreán 24, 2007

Ba chúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. a fhógrú gur bhuaigh dráma Gael-Choláiste Chill Dara mórdhuais craobh ceannais Scléip! 2007 (comórtas tallainne na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge). Léirigh daltaí na scoile an-ábaltacht agus spiorad ina dráma, Bruscar ar mhórcheist na dtimpeallachta ar an Satharn, an 21 Aibreán in Amharclann Dean Crowe, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí.

Ghlac dá scoil déag le seachtó mír éagsúla páirt i réamhbhabhtaí réigiúnacha an chomórtais tallainne a eagraíodh i gceithre cúigí na hÉireann. Ghlac 10 scoil páirt sa chraobh ceannais agus léiríodh ardchaighdéan i ngach ceann de na Rannóga éagsúla.

Seo dara bhliain an chomórtais agus bhí sé mar aidhm ag nGAELSCOILEANNA TEO. cuir leis an gcomhoibriú idir ghrúpaí agus eagrais maraon le leanúnachas sa Ghaeloideachas a léiriú do na rannpháirtithe. Chuige sin, d’eagraíomar gach réamhbhabhta i gcomhpháirt le eagras nó ghrúpa áitiúil. Reachtáileadh Réamhbhabhta Uladh i gcomhpháirt le Comhairle na Gaelscolaíochta, Réamhbhabhta Connachta i gcomhpháirt le Comharchumann Chorr na Móna, Réamhbhabhta Mumhan i gcomhpháirt le Aonad na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh, agus Réamhbhabhta Laighin i gcomhpháirt le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Bhí seacht rannóg ann: Pop / Rac-cheol, Ceol Aonair, Grúpa Ceoil (traidisiúnta), Rince Cruthaitheach Aonair, Rince Cruthaitheach Grúpaí, Cur i Láthair ar Stáitse agus Ilchineálach. Sa Chraobh Ceannais, bhí Méabh Ní Fhallúin, Raidió na Life; Daracha Nic Philibín, Ceoltóir; Éimear Nic Eanraí, Scríbhneoir agus Stiúrthóir, mar mholtóirí.

Ritheadh comórtas deartha le N.C.A.D. agus bhuaigh Annika Berglund, ealaíontóir ón tSualainn an coimisiún don Trófaí agus do deich bplaiceanna.

 

 

 

Seo thíos liosta de na scoileanna a bhuaigh duais;

Buaiteoirí an Chomórtais

Bruscar, Gael-choláiste Chill Dara: Príomhdhuais an chomórtais, Trófaí Scléip!

Tuarmhicasóir, Coláiste Muire: Rannóg A, Pop / Rac-Cheoil

Tadhg Maher, Gaelcholáiste Reachrann: Rannóg B, Ceol Aonair.

Ceoltóirí Gaelcholáiste Reachrann, Gaelcholáiste Reachrann: Rannóg C, Grúpaí Ceoil.

Sorcha Ní Mhuircheartaigh, Gaelcholáiste Choilm: Rannóg D, Rince Cruthaitheach (Aonair).

Na Síofraigh, Gaelcholáiste Cheatharlach: Rannóg E, Rince Cruthaitheach (Grúpaí).

Bruscar, Gael-choláiste Chill Dara: Rannóg F, Cur i Láthair ar Stáitse.

Mím Choilm, Gaelcholáiste Choilm: Rannóg G, Ilchinéalach.

 

Buaiteoirí Duaiseanna Speisialta

Cathy Ní Néill, Coláiste Íosagáin: Rannóg B, Ceol Aonair.

Na Seacht bPeacaí Marfacha, Coláiste Feirste: Rannóg F, Cur i Láthair ar Stáitse.

Na Cailíní ag Canadh, Coláiste Chnoic na Labhrás: Rannóg G, Ilchinéalach.

 

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

CRÍOCH.

Tuilleadh Eolais:

Seán Ó hAdhmaill 087 6895612

Craobh Ceannais Scléip! 2007

Aibreán 18, 2007

Dréacht-Chlár Ama

 

Craobh Ceannais Scléip 2007

 

Rannóg A – Pop / Rac-Cheol
10.00r.n.: Réalta Dhaithí (Gaelcholáiste Luimnigh), (Uasmhéid 8 nóiméad)
10.15r.n.: Tuarmhicasóir (Coláiste Muire), (Uasmhéid 8 nóiméad)
10.30r.n.: Punc! (Gaelcholáiste Cheatharlach), (Uasmhéid 8 nóiméad)
10.45r.n.: Aiseolas óna Moltóirí.

 

Rannóg B – Ceol Aonair
11.00r.n.: Loinnir Ní Dhonghaile (Coláiste Feirste), (Uasmhéid 8 nóiméad)
11.10r.n.: Cathy Ní Néill (Coláiste Íosagáin), (Uasmhéid 8 nóiméad)
11.20r.n.: Clíodhna Nic Bhranair (Coláiste Feirste), (Uasmhéid 8 nóiméad)
11.30r.n.: Caoimhe de Bhillis (Gaelcholáiste Chiarraí), (Uasmhéid 8 nóiméad)
11.40r.n.: Tadhg Maher (Gaelcholáiste Reachrann), (Uasmhéid 8 nóiméad)
11.50r.n.: Fiona Ní Chonaill (Cnoc na Labhras), (Uasmhéid 8 nóiméad)
12.00r.n. Aiseolas óna Moltóirí

 

Rannóg C – Grúpaí Ceoil
12.10i.n.: Ceoltóirí Cois Locha (Coláiste Muire), (Uasmhéid 8 nóiméad)
12.20i.n.: Ceoltóirí Feirste (Coláiste Feirste), (Uasmhéid 8 nóiméad)
12.30i.n.: Gaelcholáiste Reachrann (Gaelcholáiste Reachrann), (Uasmhéid 8 nóiméad)
12.40i.n.: Draíocht (Coláiste Chnoic na Labhrás), (Uasmhéid 8 nóiméad)
12.50i.n.: Aiseolas óna Moltóirí, (Uasmhéid 8 nóiméad)

 

Lón 1.00i.n. – 2.00i.n.

 

Rannóg D – Rince Cruthaitheach (Aonair)

1. 2.00i.n.: Caitríona Nic Réamoinn (Gaelcholáiste Chill Dara) (Uasmhéid 8 nóiméad)

2. 2.10i.n.: Sorcha Ní Mhuircheartaigh (Gaelcholáiste Choilm ) (Uasmhéid 8 nóiméad)

3. 2.20i.n.: Aiseolas ó na Moltóirí.

 

Rannóg E – Rince Cruthaitheach (Grúpaí)
2.30i.n.: Rinceoirí Choilm (Gaelcholáiste Choilm) (Uasmhéid 8 nóiméad)
2.40i.n.: Na Síofraigh (Gaelcholáiste Cheatharlach) (Uasmhéid 8 nóiméad)
2.50i.n.: Rinceoirí Thuar Mhic Éadaigh (Coláiste Muire) (Uasmhéid 8 nóiméad)
3.00i.n.: Aiseolas ó na Moltóirí.

 

Rannóg F – Cur i Láthair ar Stáitse
3.15i.n.: Na Seacht bPeacaí Marfacha (Coláiste Feirste), (Uasmhéid 15 nóiméad)
3.30i.n.: Aisteoirí Choilm (Gaelcholáiste Choilm), (Uasmhéid 15 nóiméad)
3.45i.n.: Bruscar (Gaelcholáiste Chill Dara), (Uasmhéid 15 nóiméad)
4.00i.n.: Aiseolas ó na Moltóirí.

 

Rannóg G – Comórtas Ilchinéalach

1. 4.15i.n.: Aoife Ní Chaiside (Coláiste Feirste), (Uasmhéid 15 nóiméad)

2. 4.30i.n.: Mím Choilm (Gaelcholáiste Choilm), (Uasmhéid 15 nóiméad)

3. 4.45i.n.: Na Cailíní ag Canadh (Coláiste Chnoic na Labhrás), (Uasmhéid 15 nóiméad)

4. 5.00i.n.: Aiseolas ó na Moltóirí.

 

5.15i.n.: Bronnadh na dTrófaithe.

Plean Straitéiseach 2007 – 2009

Aibreán 4, 2007

Tháinig deireadh le próiseas comhairliúcháin na heagraíochta mí Eanáir seo caite ar Dréacht Phlean Straitéiseach 2007 – 2009. Is mian linn buíochas a ghabháil le gach éinne a chur aighneacht agus moltaí luachmhara isteach agus beidh an plean athbhreithnithe á fhoilsiú gan ró-mhoill.

Dréacht-Phlean Straitéiseach GAELSCOILEANNA TEO. 2007 – 2009.

Oifigeach Forbartha ag Teastáil

Márta 21, 2007

Tá folúntas ag GAELSCOILEANNA TEO.

d’OIFIGEACH FORBARTHA

(ar chonradh 3 bliana)

Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa atá de dhíth chun réimse oibre na heagraíochta i mbunú agus i mbuanú scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal a phleanáil agus a chur i gcrích ar ardchaighdeán. Ceadúnas tiomána iomlán ceadúnas iomlán agus teacht ar charr.

Scála Tuarastail: €29,152 – €46,253 (ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí).

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na ngaelscoileanna bunleibhéil agus dara leibhéal. Is é an gaeloideachas an réimse oideachais is mó fáis agus forbartha in Éirinn le 30 bliain anuas agus tá GAELSCOILEANNA TEO. chun tosaigh san fhás agus san fhorbairt sin.

Foirm iarratais, sainchuntas agus critéir uilig an phoist le fáil ó

www.gaelscoileanna.ieblathnaid@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 0868050335.

Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe: 5.00i.n. Dé hAoine, 13 Aibreán 2007

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.

Foirm Iarratais

Sainchuntas Poist

Ionad Oideachais I mBaile Bhúirne

Márta 13, 2007

Lár-ionad Tacaíochta agus Forbartha don Ghaeilge lonnaithe i mBaile Bhúirne

 

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhógra an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, TD agus an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, go gcuirfear tús agus feidhm le tionscnamh tacaíochta agus forbartha don Ghaeilge i mBaile Bhúirne i nGaeltacht Mhúscraí in iarthar Chorcaí.

 

Dar le Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO. gur céim chun tosaigh do mhúineadh na Gaeilge agus teagasc trí Ghaeilge an fógra seo. "Tá sé fíorthábhachtach d’earnáil na gaelscolaíochta a leithéid de sheirbhís agus acmhainn a bheith ar fáil anois. Tá sé suntasach go bhfuil ról aitheanta ag na páirtithe leasmhara ar fad sa togra seo. Tá súil againn go rachaidh an tionscnamh seo i ngleic leis na dúshláin atá os ár gcomhair, ach go háirithe i dtaobh oiliúint mhúinteoirí agus soláthar acmhainní don gaelscolaíocht agus don Ghaeilge mar ábhar", a deir sé.

 

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. leis go mbeidh an acmhainn náisiúnta seo faoi stiúir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), agus go gcuirfidh an t-ardú sa bhuiséad atá geallta dóibh go mór le soláthar níos cuimsithí d’achmhainní teagaisc agus foghlama don Ghaeilge.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

 

Tuilleadh Eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin 086-8050335

Mícheál Ó Broin 087-9467700

Aitheantas Do Ghaelcholáiste Bhun Chranncha, Do Mheán Fómhair 2007

Márta 12, 2007

AITHEANTAS DO GHAELCHOLÁISTE BHUN CHRANNCHA, DO MHEÁN FÓMHAIR 2007

 

LÉIRIÚ AR ÉILEAMH AGUS AR FHÁS LEANÚNACH IN EARNÁIL NA GAELSCOLAÍOCHTA

 

Cúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. go bhfuil aitheantas bainte amach ag Gaelcholáiste Bhun Cranncha, Dún na nGall, tar éis critéir an Aire Oideachais agus Eolaíochta a shásamh le déanaí. Tiocfaidh an t-aitheantas seo i bhfeidhm ó mhí Meán Fhómhair na bliana seo nuair a osclóidh an iarbhunscoil nua lán-Ghaeilge comhoideachasúil, Gaelcholáiste Bhun Chranncha, a chuid doirse don chéad uair.

Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO., gur deá-thoradh é an t-aitheantas seo ar shár-obair an choiste bunaithe, an choiste Gairmoideachais agus foireann GAELSCOILEANNA TEO. Deir sí gur "sampla iontach é Gaelcholáiste Bhun Chranncha don fhás agus don fhorbairt ar an ngaeloideachas agus ar shain-mhúnla an tumoideachais Gaeilge".

Is faoi phátrúnacht an Choiste Gairmoideachais Co. Dhún na nGall atá an Ghaelcholáiste nua agus freastalóidh sé ar mhórcheantair Inis Eoin. Is é Gaelcholáiste Bhun Chrancha an ceathrú iarbhunscoil le h-aitheantas a bhaint amach don chéad scoilbhliain eile. Ar bharr sin tá 5 ghaelscoil ag an mbunleibhéal ag fanacht ar chinneadh ón Roinn agus ón Aire Oideachais agus Eolaíochta faoina gcuid iarratais. Is léiriú é líon na scoileanna lán-Ghaeilge atá ag teacht ar an bhfód go leanúnach ar éileamh méadaithe ón bpobal agus ar thuiscint ar bhuntáistí an dátheangachais agus an chórais tumoideachais.

Chuir Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., fáilte roimh aitheantas nua an Ghaelcholáiste. Deir sé ina thaobh "Is deá-scéal é an t-aitheantas nua seo do thodhchaí na Gaeilge in Inis Eoin. Tá fás thar cuimse tagtha ar an ngaeloideachas agus leanfar leis an bhfás le deá-thoil an phobail, dian-obair na bpatrúin agus na gcoistí bunaithe agus leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. leis an tacaíocht don fhás agus don fhorbairt seo. Táimid buíoch don Roinn Oideachais agus Eolaíochta freisin as an gcomhoibriú leanúnach anois agus ar aghaidh do bhunú agus do bhuanú na scoile seo agus gach scoil lán-Ghaeilge."

 

Is í GAELSCOIILEANNA TEO. an eagraíocht chomhordaithe do na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

 

Tuilleadh Eolais:

Nóra Ní Loingsigh 01-4773158

Mícheál Ó Broin 087-9467700

Críoch

« Previous Page