Méid an Téacs

Beag seans go bhfeicfear polasaí oideachais don Ghaeltacht roimh thús na scoilbhliana nua

Márta 10, 2016

Tá ráite ag Príomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin nach bhfuil mórán dóchais aici go bhfoilseofar polasaí oideachais nua don Ghaeltacht roimh thús na scoilbhliana 2016/17.

Ag labhairt di ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh inniu, dúirt Ní Mhóráin go raibh dóchas ann ag tús na bliana seo go bhfeicfí an polasaí roimh an olltoghchán.

“Foilsíodh na moltaí beagnach bliain ó shin, gealladh go bhfoilseofaí an polasaí roimh dheireadh na bliana seo caite, ansin gealladh gur i mí Eanáir a d’fheicfimis é, agus ansin dúradh gur i mí Feabhra a d’fheicfimis é. Táimid anois i mí an Mhárta agus níor foilsíodh fós é.

“Bhíomar dóchasach go mbeadh an polasaí nua i bhfeidhm don scoilbhliain 2016/17. Is dócha nach dtarlóidh sé anois, tá sé ródhéanach sa bhliain agus ní fhéadfaí é a bhrú chun cinn,” a dúirt Ní Mhóráin.

Ba i mí na Bealtaine seo caite a d’fhoilsigh an tAire Oideachais Jan O’Sullivan moltaí oideachais don Ghaeltacht a thugann aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn “go hiomlán trí mheán na Gaeilge” agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor i wraith na naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar ann freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc i mBéarla tosú ag teagasc trí Ghaeilge.

Baineann ceann de na moltaí is conspóidí a dhéantar sa dréachtpholasaí leis an éileamh ar theagasc i mBéarla sa Ghaeltacht.

Sa chás go mbeadh “mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagasc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí” moltar sa dréachtpholasaí gur cheart féachaint ar scoileanna ‘Béarla’ a sholáthar má bhíonn an t-éileamh ar a leithéid “sách mór”.

Dúirt Ní Mhóráin inniu nár luadh an t-éileamh sin ar chor ar bith nuair a pléadh na moltaí nua i ndiaidh a bhfoilsithe.

Tugadh le fios ag díospóireacht oscailte a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair i gceannáras na Roinne Oideachais go gcuirfí bailchríoch ar an bpolasaí nua Gaeltachta roimh dheireadh na bliana 2015 agus go bhfoilseofaí go luath i 2016 é.

Tháinig sé chun solais ar ‘Bileog’ an Irish Times i mí na Nollag go ndearna rialtas Garret Fitzgerald cinneadh i 1985 neamhaird a thabhairt ar mholtaí radacacha don oideachas sa Ghaeltacht, cuid acu a bhí cosúil leis na moltaí sa dréachtpholasaí nua.

Ghlac an rialtas cinneadh an uair sin tuarascáil ar chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht a fhoilsiú, ach léirígh meamram rúnda rialtais a scaoileadh faoin ‘riail 30 bliain’ nach raibh sé i gceist riamh go gcuirfí na moltaí a bhí sa tuarascáil i bhfeidhm.

www.tuairisc.ie

Folúntas: Gaelscoil na Ríthe, Co na Mí

Márta 10, 2016

Tá Gaelscoil na Ríthe ag lorg múinteoir acmhainní. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24907/

Clár cónaithe idirbhliana ar fáil anois i gColáiste na Rinne

Márta 10, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Turais as Gaeilge ar fáil timpeall uaigheanna Laochra Gael i nGlas Naíon

Márta 10, 2016

Is i Reilig Ghlas Naíon a luíonn na mílte Bleá Cliathach taobh le laochra na hÉireann, ina measc Mícheál Ó Coileáin, Éamon de Valera, Charles Parnell agus Dónall Ó Conaill.

Ba é an Conallach a bhunaigh an reilig sa bhliain 1832 agus é ag iarraidh go mbeadh seirbhís cheart adhlactha ar fáil do na Caitlicigh a bhí go mór faoi smacht ag an am.

Amach as breis is milliún duine atá curtha i reilig Ghlas Naoin, is é uaigh Mhicheáil Uí Choileáin an ceann is mó a dtugtar cuairt uirthi.

Is cuma cén t-am den bhliain a dtugann tú cuairt ar a uaigh, beidh bláthanna uirthi. Tagann daoine as tíortha eile fiú le hómós a thabhairt dó.

Chuaigh muid ar cuairt chuig an reilig ar na mallaibh, áit ar chas muid ar an treoraí Paddy Gleeson. Fear atá paiseanta faoina chuid oibre agus a bhfuil cur amach iontach aige ar an stair a bhaineann leis an reilig agus iad siúd atá curtha ann.

Mar chuid de chéiliúradh Sheachtain na Gaeilge, seolfar leagan Gaeilge de threoirleabhar an mhúsaeim, rud a thabharfaidh deis do dhaoine iniúchadh a dhéanamh ar stair na reilige trí Ghaeilge.

Agus beidh na turais reilige ar siúl ag an deireadh seachtaine le linn Sheachtain na Gaeilge.

Tá gach uaigh i nGlas Naíon go díreach mar a bheadh caibidil as leabhar staire ann agus cé go bhfuil siad ina luí gan focal astu anois, tá siad beo trí mhacasamhail Paddy Gleeson atá ag roinnt a scéalta agus oidhreacht na reilige leis an phobal.

Físeán ar fáil anseo

Féile Scoldrámaíochta Bhéal Feirste

Márta 10, 2016

Seacht nGaelscoil ó chontae Aontroma agus an Dúin a chuaigh chun ardáin ag Féile Scoldramaíochta Bhéal Feirste i mbliana. Ba í Scoil na Fuiseoige a thóg príomhdhuais an chomórtais, Scothléiriú na Féile, leo.

D’éirigh le ceithre scoil; Gaelscoil na bhFál, Scoil na Fuiseoige, Gaelscoil an Chaistil agus Scoil an Droichid dul fríd chuig Craobh Uladh; a bheas ar siúl in Amharclann Phlás an Mhargaidh i gCathair Ard Mhacha Dé hAoine.

Seo spléachadh ar na buaicphointí ó fhéile na bliana seo i mBéal Feirste…

Físeán ar fáil anseo

‘An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916’ forlíonadh lán-Ghaeilge 32 leathanach le foilsiú san Irish Times amárach

Márta 10, 2016

Foilseofar leis an Irish Times amárach forlíonadh lán-Ghaeilge 32 leathanach, An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916, mar chuid de Chomóradh 1916-2016 Fhoras na Gaeilge.

Déanfar cíoradh sa bhforlíonadh ar cheisteanna a bhaineann leis an bhfís a bhí ann don Ghaeilge agus do shochaí na hÉireann céad bliain ó shin.

I measc na n-údar a mbeidh alt leo in An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916 tá an tOllamh Brian Ó Conchubhair ó Ollscoil Notre Dame a shamhlaíonn an dearcadh a bheadh ag an seisear déag a cuireadh chun báis i 1916 faoi chomóradh 2016.

I measc na scríbhneoirí eile a chuir peann le pár don fhorlíonadh tá Alan Titley, Des Geraghty, Dara Ó Cinnéide agus Áine Ní Chiaráin.

Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge go gcuirfidh mórán daoine spéis san fhorlíonadh speisialta.

“Beidh an forlíonadh ina fhoinse luachmhar d’institiúidí tríú leibhéal a dhíríonn ar aon ghné den phleanáil teanga, cúrsaí cumarsáide, cúrsaí litríochta agus staire agus teagasc na Gaeilge. Beidh sé ina ábhar spéise do scoileanna, d’eagraíochtaí Gaeilge, na meáin agus do phobal na Gaeilge araon.

“Tá súil againn go spreagfaidh an forlíonadh comhrá faoin nGaeilge, faoin áit a bhfuil sí anois, faoin todhchaí atá i ndán di agus faoi mheon an phobail ina leith,” a dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge.

www.tuairisc.ie

Iarchéimeanna lán-Ghaeilge ar fáil timpeall na tíre

Márta 10, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Scéalaíocht do pháistí ar fud na tíre do Sheachtain na Gaeilge

Márta 10, 2016

Beidh mór imeacht scéalaíochta do pháistí, idir 2-7 bliain d’aois, á reachtáil ag Love Leabhar Gaeilge i nGaillimh, Corcaigh agus Baile Átha Cliath ar an Satharn seo mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge.

Pearsain móra le rá ó TG4 a bheidh i mbun an léitheoireachta le Gráinne Bleasdale i Hodges Figgis (Baile Átha Cliath), Emma Ní Chonaill i Waterstones (Corcaigh) agus Caitlín Nic Aoidh i Charlie Byrne’s Gaillimh.  Rognóidh an triúr pearsan na leabhair a bheidh siad chun léamh do na páistí agus tabharfar blaiseadh de gach atá ar fáil don aos óg i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.
4
Tá an ócáid saor in aisce do pháistí agus do thuismitheoir agus fáilte roimh chách!  Cuirfear tús leis an scéalaíocht ag 11rn agus mairfidh sé uair an chloig.  Is féidir a thuilleadh eolais a fháil ó MeasMedia ag 091 869617, nó ag info@measmedia.com

Príomhoide

Márta 10, 2016

j

Tá Bunscoil Phobal Feirste ag iarraidh príomhoide a cheapadh a léiríonn go soiléir, ag staid an iarratais agus ag staid an agallaimh araon, fís ghlinn don scoil.  Ba chóir go mbeadh ardscileanna labhartha agus scríofa i nGaeilge aici/aige.  Ba chóir fosta gur duine é/í a chuireann agus a fhorbraíonn an t-éiteas Gaelscolaíochta agus a éascaíonn atmaisféar ina n-aithnítear fiúntas gach duine agus ina gcuirtear misneach i ngach duine.

Critéir Riachtanacha:

  • Bunchéim agus cáilíocht aitheanta teagaisc agus bheith cláraithe le GTCNI faoi dháta an cheapacháin
  • 8 mbliana ag obair i nGaelscoil nó in earnáil ábhartha chuí le 11 bhliain anuas
  • 2 phointe bainisteoireachta le 3 bliana ar a laghad
  • Taithí inléirithe i mbainisteoireacht daoine agus acmhainní
  • Ardscileanna cumarsáide sa Ghaeilge

Critéir Inmhianaithe:

  • PQH nó cúrsa iarchéime ábhartha breise a bhronnann cáilíocht
  • Bheith ina p(h)ríomhoide nó ina leas-phríomhoide

 Chun foirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil gabh i dteagmháil le;

An Runaí, Bunscoil Phobal Feirste, 11 Páirc Rosgoill, Bóthar Seoighe, Béal Feirste BT11 9QS.       

Guthán: 028 90301598

R-phost:  ledwards064@c2kni.netgaelchursai@gmail.com

Dáta druidte: 3.i.n. Dé hAoine, 8ú Aibreán 2016

Is fostóir comhionannais é Bunscoil Phobal Feirste

Ó Pheann an Phiarsaigh – Iúr Cinn Trá – Dé Sathairn 12 Márta 2016

Márta 9, 2016

Beidh an dráma nuascríofa ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir á léiriú I dTeach na hÉigse (Iúr Cinn Trá), Dé Sathairn, 12 Márta @ 7.30–9.30 i.n.

Mar chuid den oíche, beidh ceol le Seán Mac Corraidh agus Pádraigín Ní Uallacháin.

Ticéid ar fáil ar 028 30313031. Cead isteach £10. Lacáiste £5.

An tIúr

An dráma
Sa léiriú pearsanta corraitheach seo ar shaol agus ar shaothar duine de mhórphearsana agus de mhórlaochra na hÉireann, cuirtear bladhm bheochta an athuair faoi shaothar scríofa Phádraig Mhic Phiarais (1879-1916) agus cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil. Is léiriú paiseanta macánta neamhbhalbh é seo ar an Phiarsach ina nochtar clúideacha uile a phearsantachta don lucht féachana agus ina ndéantar ceiliúradh agus comóradh air mar fhile bisiúil, mar ghearrscéalaí nuálach, mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne saothar ollmhór ar son na teanga agus ar son an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre.

Noel Ó Gallchóir
Is as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill é Noel Ó Gallchóir. Tá a shaol caite aige ag plé leis an oideachas trí Ghaeilge agus le cur chun cinn na teanga agus an chultúir. Ba mhúinteoir é i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ó 1977 agus bhí sé ina phríomhoide sa scoil ó 1998 go 2015. Tá suim faoi leith aige sa stair, sa scríobh agus sa drámaíocht.  Le linn 2014/15 chuir Noel seó aonair eile dar teideal ‘Idir Dhá Cheann na hImní’ os comhair an phobail 25 huaire. Saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna ab ábhar don dráma sin agus léiríodh é go forleathan ar fud na tíre. Bronnadh Gradam Stewart Parker 2015 ar an dráma agus d’éirigh leis gradam a bhaint amach ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i gCorcaigh chomh maith.

« Previous PageNext Page »