Scléip 2018 – Micléinn molta i Mainistir Fhear Muí !
Samhain 27, 2017
Tugadh ard-mholadh do na micléinn a chuaigh ar ardán ag Scléip Gael Linn 2018 san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí ar na mallaibh! Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, le béim ar na healaíona comhaimseartha.

Bhuaidh ‘4AG’ ( ó chlé: Caitlyn Ní Choitir, Lauryn Rís, Gwen Cúc ) ó Ghaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh an comórtas ‘Rince Cruthaitheach – Sinsear’

Buaiteoir an chomórtais ‘Amhránaíocht Aonaire le féintionlacan – Sóisear’: Molli Meaghan-Tresson, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh

An grúpa ‘Togra’ ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean – ó chlé: Máirtín Ó Cathasaigh, Ally Ní Mhathúna, Ciarán Mac Gearailt, Tríona Ní Shúilleabháin. Chun tosaigh: Annie Lovisetto – a roghnaíodh le dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas Scléip i mí Eanáir!
Is ar an gCéadaoin, 22 Samhain 2017, a bhí réamhbhabhta seo an deiscirt den chomórtas ar siúl, agus bhí atmaisféar iontach san amharclann, a bhí lán go béal le scoláirí a thaisteal ó Chondae Chiarraí – Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Coláiste de hÍde ó Dhaingean Uí Chúis mar aon le Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí , ó Chondae Chorcaí – Gaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainisitir Thuaidh agus Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, ó Phort Láirge – Meánscoil San NIoclás, Rinn ó gCuanach, ó Chill Chainnigh – Coláiste Pobail Osraí agus ó Loch Garman – Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh. Rinneadh léiriú ar sceitsí, ar rince chruthaitheach agus ar cheol agus amhránaíocht chomhaimseartha – go haonarach agus i ngrúpaí – agus baineadh ard-chaighdeán amach, tríd síos ! Thug na moltóirí, Liam Ó Mathúna, Enda Reilly agus Pádraig Ó Conghaile ( nó MC Muipéad mar is fearr aithne air !), aischothú do na hiomaitheoirí uilig, in éineacht le moltaí faoi conas barrfeabhas a chur ar ghnéithe áirithe dá léirithe. Bhí cinntí deacra le déanamh acu faoi na míreanna a bheadh ag dul ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas in amharclann Clasach, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, ar an gCéadaoin, 31 Eanáir 2018, ach ar deireadh, aontaíodh orthu seo a leanas :
Rince Cruthaitheach – Sóisear
- Saol Deireanach, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh
Rince Cruthaitheach – Sinsear
- 4AG, GC Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh
Sceitse Nuachumtha
- ‘Na Cailíní Corcora’, Coláiste Íde, An Daingean
Slua-amhránaíocht
- Blaisín, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh
- Bliain 5, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sóisear
- Michael Holden, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
2.Katríona Roberts, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sinsear
- Liam Mac Siacais , Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Amhránaíocht Comhaimseartha, le feintionlacan ( Aonair ) – Sóisear
1.Molli Meaghan-Tresson, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sinsear
1.Adam Ó hIfearnáin, Gaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh
2.Noah Snyder, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Grúpaí ) – Sóisear
1. ‘Cailíní Binne’, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
2.’Col-Ide’, Coláiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Grúpaí ) – Sinsear
1. ‘Na Buacs’, Meanscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
2. ‘Tógra’, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí
Comhghairdeas leo uilig !
Freedom Scoil Surfála – Bilingual Adventure Education Centre
Samhain 27, 2017
Gaeilge sa Trá Mhór le Scoil Surfála Freedom
Experience the Irish Language in a modern context from our ” Surf Cottage Facility in Tramore”
Our focus is on Developing Oral Skills through Active Learning.Throw yourself into the Irish Language and participate in one of our Gaeilge Surf & Adventure programmes.Our ethos is all about having fun while learning Irish at the same time.In 2008 we became Ireland’s first Bilingual Surf School : “Freedom Scoil Surfála “We began our ” Gaeilge Journey” by going back to school, learning Irish and then used it while working in the surf school. The language literally came alive as we began to use it in an ordinary every day way.
Over the years we have developed a Team of Irish Language Instructors and Teachers who deliver our Bilingual Surf and Advenure Activities . With the Approval of Foras na Gaeilge and The Irish Surfing Association and supported by our elite partner Billabong – Schools from all over Ireland return year after year to enjoy our unique Irish Language Trips
What do we Offer as Gaeilge:
- Ceachteanna Surfála trí Ghaeilge – Surf Lessons through Irish
- Turais Scoile – School Tours trí Ghaeilge – Half Day & Full Day Tours
- Fanacht Thar Oíche – Overnight Gaeilge Surf & Adventure Trip. Meals, Hostel / Hotel Accommodation Included
- Surfing & WaterSafety Programme as Gaeilge – 3 sessions over Three weeks
- Irish Language Summer Surf Camps July & August 1 & 2 week Camps
- Surfing Certificate Course As Gaeilge. Secondary Schools
- Weekend Gaeilge Activity Programme for Adults
- Irish Language Surfing Experience for International Visitors
Fun, Adventure and learning Trí Ghaeilge for schools, Families and community groups. The Level of Irish is geared to suit each Group : Beginner – Intermediate and Advance
More info: Billy Butler – Bainisteoir Freedom Scoil Surfála.
0863914908 – 051386773. irish@freedomsurfschool.com www.freedomsurfschool.com
Taispeántais thaitneamhacha sa Taibhdhearc ag Scléip 2018 !
Samhain 22, 2017
Chuir taispeántais thaitneamhacha ó iarbhunscoileanna an iarthair tús bhreá le Scléip Gael Linn 2018 i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt, 21 Samhain seo caite ! Ba é seo an chéad réamhbhabhta réigiúnach den chomórtas tallainne seo, a thugann deis do scoláirí ó na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, dul ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.
Tá Gael Linn an-sásta go bhfuil ardú tagtha ar líon na scoileanna atá ag glacadh páirte i gcomórtas Scléip arís i mbliana.
Dírithe ar na healaíona comhaimseartha, tá sé ( 6 ) rannóg ar fad i gceist sa chomórtas – Amhranaíocht Aonair le féintionlacan, Grúpaí Amhránaíochta le féintionlacan, Slua-Amhránaíocht, Ceol Aonair, Rince Cruthaitheach agus Sceitse Nuachumtha.
Páirteach sa réamhbhabhta sa Taibhdhearc bhí daltaí ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Gaelcholáiste Luimnigh, agus don chéad uair Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Coláiste na Coiribe, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna agus Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh. Bhí na moltóirí, Mícheál Ó Ciaraidh agus Méabh Ní Thuathaláin, an-tógtha leis na ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí agus rinceoirí uilig a chur taispeántais ilchineálacha os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair. Rachaidh na buaiteoirí seo a leanas ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas ar an gCéadaoin, 31 Eanáir, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig !

Grúpa amhránaíochta na hIdirbhliana ó Scoil Phobail Mhic Dara, Carna – buaiteoirí an chomórtais ‘Amhránaíocht Comhaimseartha le Féintionlacan – Sinsear’

Dara Ó Ceallaigh agus Rónán Ó Ceallaigh ó Choláiste na Coiribe, Gaillimh – buaiteoirí an chomórtais ‘Rince Cruthaitheach – Sinsear’.

Bhuaigh ‘Speirling’ ó Choláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, an comórtas ‘Rince Cruthaitheach – Sóisear’.
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sóisear
1. Sorcha Ní Choncarraige, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sinsear
- Róisín Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sóisear
- ‘Saol an Deiscirt’, Gaelcholáiste Luimnigh
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sinsear
- Idirbhliain SPMD, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna
- ‘Fraoch’, Coláiste an Eachréidh, Baile Locha Riach
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sóisear
1. Ruby Ní Chuinn, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sinsear
- Oisín Dilger, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Slua-amhránaíocht
- ‘Idir’, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sóisear
- ‘Speirling’, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sinsear
- Dara Ó Ceallaigh & RónánÓ Conaill, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Sceitse Nuachumtha
- Grúpa A, Idirbhliain Choláiste na Coiribe, Gaillimh
Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú sna laethanta amach romhainn , san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 22 Samhain, in Amharclann an Gharáiste, Déardaoin, 30 Samhain, 2017 agus in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an Aoine, 1 Nollaig, agus fógrófar na torthaí anseo in am tráth ! Coinnigh i dteagmháil le Scléip ar Twitter – #Scléip2018, nó beidh grianghraif ó na hócáidí éagsúla le feiceáil ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn amach anseo.
Cothrom na Féinne sna Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoi chaibidil ag Tionól Forbartha Bliantúil Gaeloideachas i gcomhar le COGG ar an 24 Samhain 2017
Samhain 20, 2017
|
|
AONACH NA NOLLAG
Samhain 16, 2017
AONACH NA NOLLAG 2017 ar siúl i gColáiste Eoin & Coláiste Íosagáin an Domhnach seo, 19 Samhain idir 1 & 5.
Cístí, bronntanais, leabhair, ceardaíocht, plandaí, Roth an Áidh, Roth na mBuidéal agus an-chuid eile.
Tagaigí ann ar an lá, tacaígí leis an dá scoil agus bainigí sult as an ócáid agus as comhluadar na scoile!
_______________________________________
Dátaí Athsceidealaithe don dráma ‘An Triail’ san Axis i mBaile Munna
Samhain 10, 2017
Beidh An Triail le Máiréad Ní Ghráda i stíl Fíbín ar ais ar stáitse san Axis i mBaile Munna i mBaile Átha Cliath le sé léiriú speisialta ar an Mháirt 5ú agus an Chéadaoin 6ú Nollaig mar thoradh ar sheónna a cuireadh ar ceal de bharr Spéirling Ophelia an mhí seo caite.
Murar éirigh leat an dráma a fheiceáil an mhí seo caite bígí cinnte nach gcaillfidh sibh amach air i mí na Nollag. Chonaic lucht féachana sa bhreis ar 6,500 duine an dráma le linn na camchuairte i 7 n-ionad mórthimpeall na tíre. Dhíol na seónna amach i gCeatharlach, i mBaile Átha Luain, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath.
Téann Fíbín i ngleic le ceisteanna a ardaíonn múinteoirí agus scoláirí araon, trí phlota a bhreathnaíonn as dáta a thabhairt isteach i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha ag baint úsáid as puipéid, maisc, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chun lucht féachana óg, ach go háirithe a mhealladh ar bhealach a thagann le saol na linne seo agus gur féidir teacht ar seó go héasca. Téann an léiriú seo i bhfad lasmuigh den nádúr dubh agus bán atá sa chaint agus cuidíonn an seó na constaicí san fhoghlaim a shárú le seó fuinniúil, mealltach agus greannmhar.
Tá ticéid ar fáil anois ón Axis ar 01 883 2100
Cuir bhur dticéid in áirithe inniu agus ná caill amach ar an léiriú físiúil agus fisiciúil seo!!
COSTAS: €12.50 (D’fhéadfadh táille áirithinte a bheith i gceist) agus téann múinteoirí in aisce!
DÁTA: Dé Máirt 5ú & Dé Céadaoin 6ú Nollaig
AM: 10r.n., 12i.n & 2i.n
FAD: 1 uair
Téigh anonn chuig leathanach ‘An Triail’ le haghaidh gach eolas eile!
Coicís go Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG
Samhain 10, 2017
Níl ach coicís ón lá inniu go dtí go mbeidh ár gcomhdháil bhliantúil oideachais, Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG, ar siúl. Tá líon an-ard scoileanna, taighdeoirí, eagraíochtaí agus institiúidí oideachais cláraithe ag an staid seo agus tá muid ag súil go mór leis an bplé bríomhar spreagúil ag an ócáid.
Tá clár an Tionóil agus gach eolas eile le fáil ag an nasc seo. Tá am ag daoine clárú go fóill.
Tá áthas orainn go mbeidh An tAire Stáit um Ardoideachas, Mary Mitchell O’Connor T.D., linn ar maidin leis an gcomhdháil a oscailt go hoifigiúil. Beidh an tOllamh Alan Titley linn san iarnóin le heochairaitheasc an Tionóil a thabhairt.
Ionadaíocht
Tá ionadaíocht ar fáil do Thionól Forbartha 2017 arís i mbliana. Is féidir le scoileanna cur isteach ar ionadaíocht do mhúinteoir amháin freastal ar an Tionól Forbartha tríd an gcóras OLCS. Anuas air sin, tá ionadaíocht ar fáil d’aon phríomhoidí atá ag teagasc ach teagmháil a dhéanamh le COGG (01 6340831 nó eolas@cogg.ie ) le breis eolais agus na foirmeacha cuí a fháil.
COIRM GAEL LINN 2018 – cláraigh anois !
Samhain 9, 2017
Eagróidh Gael Linn sraith de fhéilte COIRM ar fud na tíre in ionaid oiriúnacha, le háiseanna maithe amharclannaíochta, le linn mhíonna Feabhra/Márta 2018.
Ag Coirm, cuireann Gaelscoileanna agus bunscoileanna Gaeltachta seó i nGaeilge ar stáitse a léiríonn na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla. Fágtar a rogha féin de théama faoi gach scoil, agus bíonn meascán de mhíreanna – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach seó, ag a mbíonn teorann ama de 20 nóiméad.
Ní comórtas atá i gceist le COIRM ach bíonn léirmheastóir i láthair, agus tugtar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léireoidh ardchaighdeán ag na féilte.
Seo a leanas na dátaí sealadacha do na féilte éagsúla. Cinnteofar na hionaid agus na dátaí seo nuair a bheidh na hiarratais uile istigh !
Dé Céadaoin 7 Feabhra 2018 – Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí
Déardaoin 8 Feabhra 2018 – Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin
Dé Céadaoin 21 Feabhra 2018 – Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC
Dé Máirt 27 Feabhra 2018 – Amharclann Hawks Well, Sligeach
Dé Céadaoin 28 Feabhra 2018 – Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha
Déardaoin 1 Márta 2018 – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
Dé hAoine 2 Márta 2018 – Amharclann Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill
Dé Luain/Dé Máirt 5/6 Márta 2018 – Amharclann na Cathrach, Gaillimh
Dé Máirt 13 Márta 2018 – Siamsa Tíre, Trá Lí
Tá gach eolas faoi rialacha Coirm, mar aon le foirm iontrála, ar fáil ag www.gael-linn.ie/coirm
Dáta deiridh iontrála – 18 Nollaig 2017
Ceolchoirm /Concert 16/11/17, 8:00pm, Dún Mhuire, An tAonach
Samhain 9, 2017
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Ceolchoirm den scoth ó Oisín MacDiarmada agus Paul Finn ón ngrúpa Téada le Samantha Harvey i nDún Mhuire ar an Déardaoin, 16 Samhain, 2017 ar a 8.00 pm. We are delighted to announce that Oisín MacDiarmada and Paul Finn, from the renowned group Téada with Samantha Harvey, will be in concert in Dún Mhuire Nenagh on Thursday 16 November 2017 at 8:00pm. Eolas : 067 41570 cnagantaonach@gmail.com
Jeff Kinney ag teacht ar cuairt go hÉireann
Samhain 7, 2017
Ba mhaith linn sibh a chur ar an eolas go bhfuil Jeff Kinney údar na sraithe iomráiteach Dialann Dúradáin nó Diary of a Wimpy Kid, ag teacht go hÉireann ar chuairt.
Beidh Jeff ag síniú leabhair i siopa leabhar Eason, Sráid Uí Chonaill ar an Satharn, 2ú Nollaig 11rn – 2in.
Tá ticéad, atá saor in aisce, ag teastáil don ocáid seo agus is féidir iad a chur in áirithe ar suíomh Eason.
http://www.easonedition.com/event/eason-event-jeff-kinney/?instance_id=12384
Tá Jeff fíor bhródúil go deo as na leabhar Gaeilge agus ba bhreá leis castáil ar páistí a bhfuil na leabhair Gaeilge acu. Is féidir leis na gasúir a gcuid leabhar a thabhairt leo ar an lá le fáil sínithe.
Ceiliúradh foilseacháin an dara leabhar déag, The Getaway, é an camchuairt seo agus chomh maith leis sin tá an triú leabhar as Gaeilge Barr ar an Donas foilsithe ag Futa Fata le seachtain anuas freisin.
Bheadh sé iontach na Gaeil agus leitheoirí óga a fheiceáil ag an ócáid seo agus ba mhór againn é dá mbeadh sibh in ann an deá scéal a roinnt le páistí agus tuismitheoirí na scoile.
Tá Futa Fata ag comhoibriú le Penguin Random House Ireland ar an ócáid seo.