Méid an Téacs

Polasaí na Roinne Oideachais maidir le bunú Gaelscoileanna á imscrúdú ag an gCoimisinéir Teanga

Feabhra 3, 2017

Fad is atá an t-imscrúdú reachtúil sin ar bun ag an gCoimisinéir, tá sé deimhnithe ag an Aire Oideachais go bhfuil athrú déanta ar pholasaí pátrúnachta na Roinne maidir le ceist na Gaeilge i roghnú scoileanna nua.

Roimhe seo, bunaithe ar chúrsaí daonáirimh amháin a bhíodh próiseas measúnaithe pátrúnachta na Roinne do scoileanna nua, ach dheimhnigh an tAire Oideachais sa Dáil go mbeadh teanga teagaisc na scoile “ina dlúthchuid” feasta den phróiseas.

Idir an dá linn, tá imscrúdú ar bun ag an gCoimisinéir Teanga maidir le gearán faoi dhiúltú na Roinne d’iarratas ar ghaelscoil nua i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, iarratas a raibh os cionn 330 teaghlach luaite leis.

Cuireadh an t-imscrúdú ar bun de thoradh gearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara faoi dhiúltú na Roinne d’iarratas a rinne an Foras Pátrúnachta ar scoil nua lán-Ghaeilge a bhunú i gceantar Dhroim Conrach agus Marino i mBaile Átha Cliath.

Ó cuireadh tús leis an imscrúdú seo, tá athrú déanta ar pholasaí na Roinne, athrú a ndearna an tAire Oideachais cur síos air sa Dáil le déanaí.

“… My Department has moved to incorporate the medium of instruction of a proposed new school as an integral part of the patronage assessment and recommendation process. In this regard, as part of the application process, prospective patrons must submit completed parental preferences and indicate their preference for their child(ren) to be educated through that patron’s school model and also their preference with regard to education through the medium of English or Irish. The assessment process includes an analysis of Irish medium provision in the area and the adjacent school planning areas,” a dúirt an tAire Oideachais, Richard Bruton.

Dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra le Tuairisc.ie, áfach, nach aon leigheas é an t-athrú seo ar pholasaí na Gaeilge ar na deacrachtaí a bhaineann le bunú scoileanna lán-Ghaeilge.

“Ní chinnteoidh an t-athrú seo go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil i gceantar nach bhfuil sé ar fáil ann cheana agus ba chóir polasaí a thabhairt isteach a chinnteoidh go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil in aon cheantar nach bhfuil sé ar fáil, pé acu oideachas ilchreidmheach, Caitliceach nó eile atá á éileamh sa cheantar sin.

“Is léir, áfach, fiú i gceantair ina bhfuil éileamh fíorláidir ar oideachas lán-Ghaeilge, mar a bhí i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath anuraidh, nach bhfuil an córas in ann freastal ar an éileamh. Níl an córas cothrom ná feiliúnach. Is í an chéad teanga náisiúnta atá i gceist,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra le Tuairisc.ie.

www.tuairisc.ie