Text size

Bliain na Gaeilge seolta

November 29, 2012

Scaoileadh 120 balún san aer san Fhaiche Mhór Dé Domhnaigh seo caite ag Spraoi sa Phobal agus Bliain na Gaeilge 2013 á seoladh agus 120 bliain d’athbheochan na Gaeilge á cheiliúradh.

Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge in 1893 le bunú Chonradh na Gaeilge, agus tá sé mar aidhm ag Bliain na Gaeilge na mílte deis úsáide Gaeilge a chur ar fáil don 2 mhilliún duine a deir go bhfuil an teanga acu sa lá atá inniu ann. Bhí seoltaí ar Bhliain na Gaeilge ar bun i nDoire, i Maigh Eo; i gContae an Chláir, i mBéal Feirste agus in ionad siopadóireachta na Faiche Móire, Gaillimh.

Dúirt Baba Ní Fhlatharta, Oifigeach Forbartha le Conradh na Gaeilge, “Tá sí mar aidhm ag Bliain na Gaeilge an pobal a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid.

Táimid ag iarraidh ar gach duine úsáid a bhaint as an nGaeilge lena gcuid cairde, gaolta, comhghleacaithe agus eile i 2013, páirt a ghlacadh sna comórtais a bheidh á reáchtáil do Bhliain na Gaeilge, agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí éagsúla a luaitear ar www.gaeilge2013.ie.”

Tá breis agus 50 eagraíocht teanga agus chultúir ó cheann ceann na tíre ag glacadh páirte sa togra teanga tábhachtach seo agus is féidir teacht ar a thuilleadh eolais maidir leis an togra ar www.gaeilge2013.ie, www.facebook.com/gaeilge2013 nó ar Twitter @gaeilge2013.

www.advertiser.ie/galway

Foilsithe ar 29 Samhain 2012