Text size

Ceardlann Drámaíochta: Tuairimí Drámaíochta don Aos Óg

March 27, 2013

Cén uair? Dé Sathairn an 13 Aibreán, 10.30 – 1.30
Cén áit? Seomra M229, Institúid Oideachais Marino.

Úna McCabe a bheidh i mbun na ceardlainne seo, dírithe ar an drámaiocht don aos óg, 3-6 bliana d’aois. Ceardlann phraiticiúil a bheidh anseo, do dhaoine a bhíonn ag obair le leanaí 3-6 bliana d’aois. Pléifear neart smaointe agus tuairimí maidir le tús a chur le drámaíocht, agus le bogadh ar aghaidh le drámaíocht leis an aoisghrúpa seo. Díreofar ar an leabhar “Owl Babies”, le Martin Waddell. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe conas pointí tosaigh maithe don drámaíocht a aithint. Beidh na gníomhaíochtaí sa cheardlann seo inaistrithe thar leabhair agus topaicí eile. Cuirfear nótaí ar fáil freisin, agus moltaí maidir leis na gníomhaíochtaí a chur in oiriúint don raon aoise, ón bpáiste réamhscoile go dtí na Naíonáin Shinsearacha.

As Béarla a reachtálfar an Cheardlann, ach beidh na tuairimí agus gníomhaíochtaí luachmhar do gach duine a bhíonn ag obair leis an aoisghrúpa seo.

Bhain an Dr. Una McCabe PhD in Drámaíocht sna Blianta Tosaigh amach i Roinn an Oideachais Luath-Óige i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus múineann sí Oideachas Drámaíochta i gColáiste Phádraig, Drom Conrach. Scríobh sí an leabhar “Classroom Drama: A Practical Guide”, téacs luachmhar do mhúinteoirí agus do mhicléinn drámaíochta. Tá spéis ar leith ag Una in obair le páistí réamhscoile agus le naíonáin.

Téigh chuig www.adei.ie chun tuilleadh eolais a fháil agus chun áit a chur in áirithint.