Text size

Sárscoil Drámaíochta Fíbín

April 28, 2016

w

Tá Sárscoil Drámaíochta Fíbín ar ais don séú bliain as a chéile agus muid ar thóir scoláirí idir 15-17 bliain d’aois ó cheantair Ghaeltachta agus Ghalltachta ó thuaidh agus ó dheas den teorainn chun páirt a ghlacadh ar an gcúrsa.  Más spéis leat taithí aisteoireachta/drámaíochta a fhoghlaim seo é an cúrsa duit!! Gach bliain eile théadh muid timpeall na tíre ag déanamh éisteachtaí i scoileanna ach i mbliana tá an próiseas roghnúcháin athraithe againn agus ní bheidh ort anois ach físeán gearr duit féin a sheoladh isteach ag aisteoireacht as Gaeilge ar YouTube/r-phost/Vimeo/Dlúthdhiosca cibé caoi is fearr leat chun seans a bheith agat áit a bhaint amach ar an gcúrsa.

Sárscoil 2016

Is dianchúrsa aisteoireachta/scileanna drámaíochta atá ann le casadh difriúil mar go gcónaíonn na rannpháirtithe le chéile i nGaeltacht Chonamara ar feadh an tréimhse coicíse agus ritear na ceardlanna uile trí mheán na Gaeilge. Gheobhaidh na haisteoirí óga taithí agus oiliúint fhíor-luachmhar faoi stiúir an stiúrthóra Stephen Darcy. Foghlaimeoidh na daoine óga faoi aisteoireacht don scáileán chomh maith le don stáitse. Beidh Laoise Ní Nualláin linn chomh maith ag teagasc ceoil agus amhránaíocht ar an gcúrsa. Tá costas €625 ar an gcúrsa coicíse le beatha agus lóistín san áireamh ach is féidir le daoine áitiúla nach dteastaíonn socruithe lóistín uathu an cúrsa a dhéanamh ar €325.  Tabharfar cuireadh do na meáin, craoltóirí, léiritheoirí teilifíse, polaiteoirí áitiúla chomh maith le tuismitheoirí agus cairde freastal ar an léiriú ar an lá deiridh. Chun tuilleadh eolais nó bróisiúr a fháil faoin gcúrsa téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig Caitlín i Fíbín ar sarscoilfibin@gmail.com nó glaoigh ar 091-505855!