Méid an Téacs

Feachtas BÚA

Aibreán 12, 2016

Tá BÚA, feachtas de chuid Sheachtain na Gaeilge, ag iarraidh ar phobal na Gaeilge an fhoirm Ghaeilge don daonáireamh a líonadh ar an 24ú Aibreán.

Cuireadh tús le feachtas darb ainm BÚA- Bain Úsáid Aisti ag Seachtain na Gaeilge i mí na Nollag 2015. An sprioc atá leis an bhfeachtas ná smaointí a thabhairt do dhaoine faoi conas gur féidir leo a gcuid Gaeilge a úsáid. An mhí seo tá an feachtas ag díriú ar an Daonáireamh agus ag iarraidh go líonfaidh daoine le Gaeilge an fhoirm Ghaeilge ar an 24ú Aibreán.   BÚA - Daonáireamh Aibreán '16

Fiú má tá foirm Bhéarla agat go dtí seo, is féidir fós í a athrú agus foirm Ghaeilge a fháil. Níl ort ach glaoch a chur ar oifig an daonáirimh ag 021 4535555.

Is féidir tuilleadh eolais faoin bhfeachtas a fháil ar Facebook Sheachtain na Gaeilge nó trí r-phost a chur go orlaith@cnag.ie.