Feachtas BÚA
Aibreán 12, 2016
Tá BÚA, feachtas de chuid Sheachtain na Gaeilge, ag iarraidh ar phobal na Gaeilge an fhoirm Ghaeilge don daonáireamh a líonadh ar an 24ú Aibreán.
Cuireadh tús le feachtas darb ainm BÚA- Bain Úsáid Aisti ag Seachtain na Gaeilge i mí na Nollag 2015. An sprioc atá leis an bhfeachtas ná smaointí a thabhairt do dhaoine faoi conas gur féidir leo a gcuid Gaeilge a úsáid. An mhí seo tá an feachtas ag díriú ar an Daonáireamh agus ag iarraidh go líonfaidh daoine le Gaeilge an fhoirm Ghaeilge ar an 24ú Aibreán.
Fiú má tá foirm Bhéarla agat go dtí seo, is féidir fós í a athrú agus foirm Ghaeilge a fháil. Níl ort ach glaoch a chur ar oifig an daonáirimh ag 021 4535555.
Is féidir tuilleadh eolais faoin bhfeachtas a fháil ar Facebook Sheachtain na Gaeilge nó trí r-phost a chur go orlaith@cnag.ie.