Méid an Téacs

Gaeloideachas – ainm nua Gaelscoileanna Teo.

Deireadh Fómhair 10, 2016

Fógrófar go hoifigiúil ainm nua Gaelscoileanna Teo. ag seoladh oifigiúil Chomhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. agus COGG tráthnóna inniu i gCill Chainnigh.

Ag cruinniú urghnách ar an 6 Deireadh Fómhair, ghlac baill na heagraíochta leis an ainm nua Gaeloideachas – Guth don Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ainm a thugann aitheantas do fhearainn oibre iomlán na heagraíochta, idir bunscoileanna agus iarbhunscoileanna laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, mar aon le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.

Ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Uachtarán na heagraíochta, Cathnia Ó Muircheartaigh, “táimid an-bhuíoch do na baill uile a ghlac páirt sa chomhairliúchán faoi ainm na heagraíochta. Léiríonn a gcuid rannpháirteachta sa phlé seo tábhacht na ceiste dóibh agus mar eagraíocht táimid an-sásta gur éirigh linn aitheantas a thabhairt do mhianta na mball i dtaobh uileghabhálachta ainm na heagraíochta”. I gcomhthéacs ainmbhranda na heagraíochta, deir sé “aithnímid gur ainmbhranda láidir é Gaelscoileanna Teo. ach tá lán-mhuinín againn go rachaidh an eagraíocht ó neart go neart leis an ainm nua”.

Seolfaidh Méara Chill Chainnigh, Patrick O’Neill go hoifigiúil Chomhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. agus COGG tráthnóna inniu i gCill Chainnigh, ócáid a thabharfaidh blaiseadh beag ar imeachtaí na comhdhála a bheidh ar siúl ar an 11-12 Samhain sa chathair chéanna. Ag labhairt faoin gComhdháil, deir Seán Ó hArgáin, Oifigeach Caidrimh Phoiblí na heagraíochta, “Is mór an onóir dúinn Cathair Chultúrtha Chill Chainnigh a bheith roghnaithe mar láthair na Comhdhála Bhliantúil. Beimid ag súil le breis agus 300 toscaire ó chuile cearn den tír a bheidh linn don dá lá le tabhairt faoi fhorbairt ghairmiúil, gréasánú i measc a chéile agus clár breá siamsaíochta.”

Le clárú don chomhdháil, féach anseo.