Méid an Téacs

Ráiteas ó Gaelscoileanna Teo. maidir le fógra an Aire Oideachais agus Scileanna i leith mórthionscnaimh tógála scoile

Samhain 18, 2015

Cóiríocht chuí geallta do scoileanna

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh ráiteas ón Aire Oideachais agus Scileanna, Jan O Sullivan, maidir le hinfheistíocht chaipitiúil atá le déanamh i scoileanna sa tréimhse 2016-2021. Tá liosta de na mórthionscnaimh tógála foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a léiríonn go ndéanfar cóiríocht chuí a chur ar fáil do 27 bunscoil agus 16 iarbhunscoil lán-Ghaeilge, scoileanna atá ag feidhmiú faoi láthair i bhfoirgnimh shealadacha nó i gcóiríocht a bhfuil géarghá aici le hathchóiriú. Tréaslaíonn Gaelscoileanna Teo. le pobail na scoileanna seo; cabhróidh an infheistíocht atá deimhnithe anois ag an Aire le fás agus forbairt na scoileanna agus soláthar oideachais lán-Ghaeilge. Leanfaidh an eagraíocht ag plé leis an Roinn Oideachais agus Scileanna le deimhniú go dtarlóidh na forbairtí go tráthúil agus i gcomhairle leis na scoileanna féin, agus leanfar le stocaireacht ar son na scoileanna nach bhfuil soláthar cuí déanta dóibh go fóill.

Bunscoileanna nua – féidearthacht scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú

I measc na scoileanna a bhfuil cóiríocht bhuan á socrú dóibh, tá na bunscoileanna nua beartaithe do cheantair Marino/Droim Conrach/Baile Átha Cliath 1 agus Stigh Lorgan/Baile na nGabhar, atá le hoscailt don chéad uair i 2016. Tá Gaelscoileanna Teo. ag tacú le tuismitheoirí sa dá cheantar atá i mbun feachtas le héileamh gur scoileanna ilchreidmheacha lán-Ghaeilge faoin bhForas Pátrúnachta a bheidh sna scoileanna nua seo. Déanfaidh an tAire Oideachais agus Scileanna cinneadh maidir le sainmheon agus pátrúnacht na scoileanna go luath i 2016, bunaithe ar léirithe spéise ó thuismitheoirí.

Ina ráiteas ar an 17 Samhain, d’fhógair an tAire freisin go mbeidh scoileanna nua le bunú i 2017 agus 2018. 4 bhunscoil agus 9 n-iarbhunscoil a bheidh i gceist, i gceantair éagsúla timpeall na tíre. Roghnófar sainmheon teanga na mbunscoileanna bunaithe ar éileamh ón bpobal agus ar iarratais na bpátrún ionchasach, agus pléifidh Gaelscoileanna Teo. leis na pátrúin, na scoileanna agus an pobal i ngach ceantair díbh le cinntiú go dtabharfaí éileamh ar sholáthar lán-Ghaeilge san áireamh.

Iarbhunscoileanna nua – neamhaird déanta ar éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge

Is cúis mhór díomá do Gaelscoileanna Teo., áfach, gur trí Bhéarla a bheidh an 9 n-iarbhunscoil nua ag teagasc, de réir fhógra na Roinne. Déanann an cinneadh seo faillí ar an éileamh atá ann d’iarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge. Tá aighneachtaí cheana féin faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le 5 cheantar ina bhfuil tuismitheoirí i mbun dianfheachtas le hiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge a éileamh dá gcuid páistí, aighneachtaí nach bhfuil aon aitheantas tugtha ag an Aire dóibh sa ráiteas seo. Tá feachtais láidre ar bun le tamall ag tuismitheoirí i mBaile an Chollaigh, Baile Átha Cliath 15, Port Laoise, Sligeach agus Tuaisceart Chathair Chorcaí, agus fágfar daltaí gan rogha an tumoideachais lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh ag an iarbhunleibhéal de dheasca an chinnidh seo. Leanfaidh Gaelscoileanna Teo. le stocaireacht ar son tuismitheoirí agus daltaí gur mian leo tumoideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dóibh.

Tá sé aitheanta ag an Aire ina ráiteas go bhfuil éileamh dóthanach ar iarbhunscoil neamhspleách lán-Ghaeilge i Maigh Nuad, áit ar bunaíodh Aonad lán-Ghaeilge i 2014. Níl sé i gceist an an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas a thabhairt don éileamh seo go dtí 2019, áfach, ainneoin go bhfuil sé léirithe ag pobal an cheantair go bhfuil éileamh leordhóthanach ann le hiarbhunscoil neamhspleách a oscailt láithreach. Tacaíonn Gaelscoileanna Teo. leis an éileamh seo agus iarraimid ar an Aire soláthar cuí a dhéanamh do dhaltaí Chill Dara Thuaidh ó Mheán Fómhair 2016 trí iarbhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách a cheadú i Maigh Nuad. Tá stocaireacht leanúnach á déanamh ag Gaelscoileanna Teo. ar an Roinn d’fhonn aitheantas mar scoileanna neamhspleácha a bhaint amach d’Aonaid eile timpeall na tíre; leithéidí Ghaelcholáiste an Chláir, a bhfuil 150 dalta ag freastal uirthi ach nach bhfaigheann an tAonad tacaíocht chuí ón Roinn agus go bhfuil bac á chur ar a chumas fáis dá bharr. Tá géarghá le polasaí a bheith ag an Roinn Oideachais a thacaíonn le forbairt phleanáilte an tsoláthair ag leibhéal na hiarbhunscoile, agus go mbeadh meicníocht ann a thabharfadh an deis do gach Aonad fás ina scoil neamhspleách agus freastal mar is cuí a dhéanamh ar dhaltaí a roghnaíonn oideachas lán-Ghaeilge.

Comhdháil Oideachais

Pléifear cóiríocht scoile agus éileamh ar sholáthar tumoideachais lán-Ghaeilge i measc go leor eile ag Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo. a bheidh ar siúl ar an 20 agus 21 Samhain sa Sheraton, Baile Átha Luain. Freastalaíonn foireann na scoileanna agus naíonraí lán-Ghaeilge ar an ócáid seo, chomh maith le hionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus na páirtithe oideachais. ‘Forás Feasa, Saothrú Chun Feabhais’ atá mar théama na Comhdhála i mbliana agus tá clár cuimsitheach oiliúna le cur i láthair na rannpháirtithe. Beidh cruinniú cinn bhliana Gaelscoileanna Teo. ar siúl ar Satharn an 21 Samhain. Is féidir clárú le freastal ar an gComhdháil ar www.gaelscoileanna.ie. Lean an Chomhdháil ar Twitter: #ComhdháilGST

Críoch

Tuilleadh eolais maidir le: Cóiríocht scoile, Comhdháil Gaelscoileanna Teo.

Nóra Ní Loingsigh, Ardfheidhmeannach Gníomhach, Gaelscoileanna Teo.

+353 1 853 5191 | +353 87 673 7560

Tuilleadh eolais maidir le: Scoileanna nua

Clare Spáinneach, Oifigeach Sinsearach Forbartha & Polasaí, Gaelscoileanna Teo.

+353 1 853 5193 | +353 87 972 4020

Nótaí don eagarthóir

Gaelscoileanna Teo.

Bunaíodh Gaelscoileanna Teo. i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal. Ó Iúil 2014, tá Gaelscoileanna Teo. freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Cuimsíonn an ról nua seirbhís tacaíochta do scoileanna lán-Ghaeilge Gaeltachta freisin. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí.

 

Feachtais i dtaobh scoileanna nua:

Marino/Drom Conrach/BÁC 1 http://www.gaelscoileanna.ie/northdub/

Stigh Lorgan/Baile na nGabhar http://www.gaelscoileanna.ie/southdub/

Iarbhunscoileanna nua http://www.gaelscoileanna.ie/bunu-scoil-nua-iarbhunscoileanna/

Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo.

http://www.gaelscoileanna.ie/comhdhail/
Preasráiteas na Roinne Oideachais agus Scileanna

http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasr%C3%A1itis-2015/PR15-11-17.html