Méid an Téacs

Buaiteoirí Chraobh Ceannais Scléip! 2009

Márta 24, 2009

Is cúis mór áthais do GAELSCOILEANNA TEO. buaiteoirí Scléip! 2009 a fhógairt.

Ghlac 18 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge páirt sa chomórtas tallainne seo i mbliana agus chuaigh rannpháirtithe ó 13 scoil chomh fada leis an gCraobh Ceannais a reáchtáladh ar Shatharn, 21 Márta 2009 san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath 9.  Ba mhaith le GAELSCOILEANNA TEO. tréaslú leis na scoileanna, na múinteoirí agus na daltaí a ghlac páirt.  B’é Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin a bhronn na duaiseanna ar na buaiteoirí.  Dúirt Ó Broin gur ‘onóir agus pléisiúr é a bheith i láthair ag Craobh Ceannais Scléip!  Tugann an tallainn agus an spiorad a léiríonn na taibheoirí agus na múinteoirí ardú croí d’earnáil na Gaelscolaíochta’. 

Buaiteoir an Grand Prix:
  • Trí Lasadh, Scoil Phobail Mhic Dara, Gaillimh (Rannóg Grúpaí Ceoil).
Buaiteoirí Rannóige:
•·         Rannóg A:  Ceol Aonair Shane Ó hAonghusa, Gaelcholáiste Cheatharlach.
•·         Rannóg B:  Amhránaíocht Aonair Breda Ní Cheannabháin, Scoil Phobail Mhic Dara, Gaillimh.
•·         Rannóg C:   Rince Cruthaitheach (Aonair) Heather Ní Chaisín, Gairmscoil na bPiarsach, Gaillimh.
•·         Rannóg D:  Rince Cruthaitheach (Grúpa) Domhan Tarraingt, Gaelcholáiste Cheatharlach.
•·         Rannóg E:  Pop/Rac-Cheol Mo Phóca, Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh.*
•·         Rannóg F:  Grúpaí Ceoil Trí Lasadh, Scoil Phobail Mhic Dara, Gaillimh.
•·         Rannóg G:  Drámaíocht / Mím"Tóraíocht Dhiarmada & Gráinne", Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath.
•·         Rannóg H:  Ilchineálach Brídín Ní Mhaoldomhnaigh: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall.

 

*Duais breise na Rannóige seo ná seisiún taifeadta i stiúideo cheoil a bhuíochas le Seachtain na Gaeilge Teo. Déanfar amhráin chomórtais an bhanna buachana a thaifeadadh agus a uaslódáil ar MySpace Seachtain na Gaeilge, taobh hamhránaithe cáiliúla Ceol ‘09 ar nós Duke Special agus Paddy Casey.

Buaiteoirí duaiseanna nuálaíochta:
  • Aoibheann Ní Mhurchú, Coláiste an Phiarsaigh, (Rannóg Ceol Aonair).
  • Gealt, Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath (Rannóg Grúpaí Ceoil).
  • "Chun na Farraige síos", Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall (Rannóg Drámaíocht / Mím).

Táimid buíoch as an tacaíocht leanúnach a chuireann Foras na Gaeilge, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar fáil don chomórtas. Tá grianghraif ó Chraobh Ceannais Scléip! 2009 ar fáil ar http://www.gaelscoileanna.ie/.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 170 gaelscoil agus 42 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

Tuilleadh Eolais:                Seán Ó hAdhmaill              oifig@gaelscoileanna.ie,    01-8535193