Text size

Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!

June 27, 2017

Bhí an-spórt ag daltaí ó ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta ag Féile Peile Gael Linn 2017 le linn na míonna Bealtaine agus Meitheamh. Cúig fhéile ar fad a eagraíonn Gael Linn go bliantúil le maoiniú ó Foras na Gaeilge- ceann i ngach cúige agus an dara ceann i gCúige Mumhan, chun freastal ar éileamh! I mbliana, bhí na féilte dhá-lá seo ar bun i Ráth Chairn, in Indreabhán, ar an bhFál Carrach, sa Rinn, agus i gCorca Dhuibhne, agus bhí 8 scoil páirteach i ngach ceann acu.

Chomh maith leis na féilte féin, reáchtáladh réamhbhabhtaí cáilithe i mBéal Feirste (i gcomhar le Corn Uí Mhuirí), i gCorcaigh (i gcomhar le Cumann na mBunscoil), sa Cheathrú Rua agus i dTuaim. Idir na réamhbhabhtaí agus na féilte féin, bhí os cionn 60 scoil páirteach, agus suas le 1,100 peileadóir, idir chailíní agus bhuachaillí!

D’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad ag gach féile agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin go dtí an Craobh Cúige. Is iad seo a leanas na foirne buacacha- comhghairdeas leo!:

Féile Laighean, Ráth Chairn: Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Co. Chill Dara

Féile Uladh, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall: S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall

Féile Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Scoil Iognáid, Gaillimh

Féile na Mumhan 1; Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí: Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Co. Chiarraí

Féile na Mumhan 2, An Rinn, Co. Phort Láirge: Gaelscoil Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann

Agus ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhí an spraoi! Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird agus céilithe ar bhun do na daoine óga, agus ghlac sár-cheoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí ó na scoileanna éagsúla páirt sna ceolchoirmeacha chomh maith! Deis iontach a bhí ann do na scoláirí bualadh le cairde nua ó scoileanna eile, agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga! Tá Gael Linn an-bhuíoch de na múinteoirí uilig a thug cabhair agus cúnamh le reáchtáil na bhféilte ar aon bhealach, agus ar ndóigh, de coistí áitiúla CLG a chur na háiseanna ar fáil dúinn sna ceantracha éagsúla!