Méid an Téacs

Bainisteoir Oideachais

Márta 13, 2014

Tá Coláiste UISCE ag cuardú Bainisteoir Oideachais nua.

Is post dúshlánach, freagrach in Ionad Eachtraíochta Gaeilge é seo lonnaithe i gcroí-lár Gaeltacht Mhaigh Eo. Is post lán-aimseartha buan atá i gceist.

Tá réimse leathan dualgais i gceist don Bhainisteoir Oideachais, san áireamh; freagracht as Polasaí Gaeilge a chur i bhfeidhm san Ionad agus sa cheantar, Cúrsaí Gaeltachta a reáchtáil agus a rith go héifeachtach, foireann oideachais a bhainistiú, seirbhísí riaracháin agus custaiméara chomh maith le plean gnó a fhorbairt agus tionscnaimh faoi leith a bhainistiú. Tuilleadh eolais ag http://uisce.ie/jobs/ nó seol r-phost chuig jobs@uisce.ie

Riachtanais Riachtanach:

  • Líofacht sa Ghaeilge
  • Céim tríú leibhéal (NFQ leibhéal 7 +)
  • Scileanna scríbhneoireachta den scoth i nGaeilge agus i mBéarla
  • Taithí 3 bliana bainistíochta
  • Scileanna Ríomhaireachta den scoth
  • Taithí ag bainistiú buiséadaí
  • Carr féin le ceadúnas iomlán glan
  • Scileanna idirphearsanta agus ceannaireachta maithe agus ard-scileanna cumarsáide

Riachtanais Inmhianaithe:

  • Céim sa Ghaeilge
  • Cáilíocht san oideachas
  • Scileanna eagrúcháin
  • Éifeachtach ag bainistiú struis
  • Scileanna ball foirne den scoth
  • Scileanna straitéiseach i gcúrsaí gnó
  • Bainisteoir maith ama

CV agus litir iarratais chuig jobs@uisce.ie roimh an 28/03/14
Foilsithe ar Gaelport.com