Bainisteoir Oideachais
Márta 13, 2014
Tá Coláiste UISCE ag cuardú Bainisteoir Oideachais nua.
Is post dúshlánach, freagrach in Ionad Eachtraíochta Gaeilge é seo lonnaithe i gcroí-lár Gaeltacht Mhaigh Eo. Is post lán-aimseartha buan atá i gceist.
Tá réimse leathan dualgais i gceist don Bhainisteoir Oideachais, san áireamh; freagracht as Polasaí Gaeilge a chur i bhfeidhm san Ionad agus sa cheantar, Cúrsaí Gaeltachta a reáchtáil agus a rith go héifeachtach, foireann oideachais a bhainistiú, seirbhísí riaracháin agus custaiméara chomh maith le plean gnó a fhorbairt agus tionscnaimh faoi leith a bhainistiú. Tuilleadh eolais ag http://uisce.ie/jobs/ nó seol r-phost chuig jobs@uisce.ie
Riachtanais Riachtanach:
- Líofacht sa Ghaeilge
- Céim tríú leibhéal (NFQ leibhéal 7 +)
- Scileanna scríbhneoireachta den scoth i nGaeilge agus i mBéarla
- Taithí 3 bliana bainistíochta
- Scileanna Ríomhaireachta den scoth
- Taithí ag bainistiú buiséadaí
- Carr féin le ceadúnas iomlán glan
- Scileanna idirphearsanta agus ceannaireachta maithe agus ard-scileanna cumarsáide
Riachtanais Inmhianaithe:
- Céim sa Ghaeilge
- Cáilíocht san oideachas
- Scileanna eagrúcháin
- Éifeachtach ag bainistiú struis
- Scileanna ball foirne den scoth
- Scileanna straitéiseach i gcúrsaí gnó
- Bainisteoir maith ama
CV agus litir iarratais chuig jobs@uisce.ie roimh an 28/03/14
Foilsithe ar Gaelport.com