Text size

Folúntas i Naíonra Lorcáin, Baile Átha Cliath

July 5, 2018

Múinteoir Naíonra á lorg ag Naíonra Lorcáin

Is naíonra lán-Ghaelach é Naíonra Lorcáin atá lonnaithe i Scoil Lorcáin. Tá seisiún amháin againn ar maidin le 18 páiste. Déanann Naíonra Lorcáin ‘chuile iarracht cúram agus oideachas d’ard-chaighdeán a chur ar fáil do na páistí. Cuirtear béim ar shealbhú na Gaeilge trí mhodh an tsúgartha.

Cáilíochtaí: Teastas FETAC leibhéal 5 ar a laghad; Gaeilge mhaith chumarsáide.

Freagrachtaí: Aire a thabhairt do na páistí; obair ghinearálta an Naíonra; páirteach i gcúrsaí pleanála, breathnadóireachta agus i scríobh na dtuairiscí.

Pá iomaíoch ag brath ar na cáilíochtaí agus an taithí atá ag an duine. Conradh 10 mí atá i gceist.

Seol litir agus C.V. chuig naionralorcain@gmail.com roimh 20 Iúil.