Méid an Téacs

Eolas Ginearálta

Cuireann GAELSCOILEANNA TEO deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn an-tóir ar na deontais seo.

Faraor, níl muid ag glacadh le hiarratais ar deontais faoin scéim seo faoi láthair. Tá súil againn go mbeidh na deontais ar fáil arís go luath.

Tríd an scéim seo, bíonn deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile agus cuireann GAELSCOILEANNA TEO. uasmhéid de €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 scoil rannpháirteach ann, uasmhéid €500 / £450 d’imeacht le 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann agus €750 / £675 más 4 scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:

  • Naíonraí /naíscoileanna agus bunscoileanna
  • Bunscoileanna amháin
  • Bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna
  • Iar-bhunscoileanna amháin

Tugann na himeachtaí idirscoile seo deis thábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail.

Tá gach eolas mar gheall ar an scéim seo ar fáil ach ríomhphost a chur ag oifig@gaelscoileanna.ie nó glaoch a chur ar 01 8535193.

Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

Bileog Imeachtaí Idirscoile 2012

beidh uasmhéid de €250 á chur ar fáil d’imeacht le 2 scoil rannpháirteach ann, agus uasmhéid €500 d’imeacht le 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann agus €750 más 5 scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach.