Méid an Téacs

Iarbhunscoil Ilchreidmheach Nua do Bhaile Átha Cliath 15

Tá iarbhunscoil nua le hoscailt i mBaile Átha Cliath 15 i Meán Fómhair 2017 agus tá Gaelscoileanna Teo. ag tacú le hiarratas Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire go mbeidh an scoil nua ina scoil ilchreidmheach, le hAonad lán-Ghaeilge. Próiseás iomaíoch atá ann leis an cineál scoile a roghnú, agus is gá go mbeadh tacaíocht an phobail ag an iarratas seo le go n-éireoidh leis. Iarrfar ar tuismitheoirí tacú leis an bhfeachtas seo tríd ainmneacha a bpáistí, nach bhfuil ag freastal ar iarbhunscoil go fóill, a chlárú leo mar léiriú spéise.

Cén fáth go roghnófá scoil lán-Ghaeilge dod’ pháiste? 

Léigh anseo maidir leis na buntáistí a bhaineann leis an gcóras tumoideachais.

Tá gach eolas maidir leis an mBord Oideachais agus Oiliúna ar fáil ar www.ddletb.ie.

Tá gach eolas maidir le feachtas an choiste bunaithe áitiúil ar fáil ar www.colaistenatulchann.ie.