Gaelcholáiste Ilchreidmheach nua do Bhaile Munna
Toisc go bhfuil líon mór daltaí ag dul ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge áitiúla ar aghaidh ag an iarbhunleibhéal, tá coiste curtha le chéile againn le feachtas a rith le hiarbhunscoil nua lán-Ghaeilge, il-sainchreidmheach, comhoideachais a bhunú i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Tá sé beartaithe againn go mbeidh béim ag an scoil seo ar theicneolaíocht (lena n-áirítear TF agus ceardaíocht trádála traidisiúnta), spórt agus cultúr (lena n-áirítear ealaíon, ceol agus drámaíocht), agus barr feabhais i dteagasc agus foghlaim.
Táimid ag iarraidh ar thuismitheoirí a chur in iúl, dá mbeadh a leithéid de scoil nua ar fáil, go mbeidís sásta a gcuid páistí a chur ann, chun leanúint lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.
Tá súil againn an scoil a lonnú ar suíomh lárnach i mBaile Munna, go mbeadh sé insroichte ar bhus ón seacht mbunscoil lán-Ghaeilge atá i mBaile Munna, An Chúlóg, Fionnghlas, Glas Naíon, an Chabrach agus Baile Bhlainséir: Scoil an tSeachtar Laoch, Gaelscoil Uí Earcáin, Gaelscoil Cholmcille, Scoil Mobhí, Gaelscoil Bhaile Munna, Gaelscoil an Chuilinn agus Gaelscoil Bharra.