Méid an Téacs

Gaelscoil Ilchreidmheach Nua do Thuaisceart Bhaile Átha Cliath

Gaelscoil BhréifneI mí Beatlaine, dhiúltaigh an Aire Oideachais & Scileanna don iarratas ón bhForas Pátrúnachta go mbunófar scoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge nua i Meán Fómhair 2016, le freastal ar Marino, Droim Chonrach agus Baile Átha Cliath 1 (léarscáil thíos). Tá achomharc ar bun maidir leis an gcinneadh seo agus tá an Aire le ráiteas a dhéanamh ina leith i mí Meitheamh. Iarradh ar tuismitheoirí tacaíocht a léiriú don fheachtas trí léirithe spéise a chlárú i leith áiteanna scoile dá bpáistí ó aois 0-5, páistí nach bhfuil ag freastal ar scoil cheana féin. Tá fáilte roimh tuismitheoirí léirithe spéise a chlárú go fóill, go gcoinneofar ar an eolas iad maidir le toradh an phróisis. Tá eolas maidir le próiseas na Roinne Oideachais & Scileanna, móide an tuairisc maidir leis an gceantar, ar fáil ar www.education.ie.

Tá achanaí curtha le chéile ag tuismitheoirí, le cur faoi bhráid an Aire, ag impí air cead a thabhairt don phátrún an scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a oscailt dá gcuid páistí i Meán Fómhair 2016. Tá an achanaí sínithe ag níos mó ná 1,900 daoine go dtí seo, is féidir do shíniú agus tráchtaireacht a chur leis anseo: The 733 Campaign

Cén fáth go roghnófá scoil lán-Ghaeilge dod’ pháiste? 

Léigh anseo maidir leis na buntáistí a bhaineann leis an gcóras tumoideachais.

Déan an scéal a roinnt!

Is féidir le tuismitheoirí cabhrú linn trí labhairt le tuismitheoirí eile maidir le tacaíocht a léiriú don scoil, trí eolas maidir leis an bhfeachtas a roinnt ar na meáin shóisialta agus trí obair dheonach a dhéanamh linn. Más mian leat cúnamh a thabhairt dúinn, déan teagmháil le Ciara Ní Bhroin on 01 8057736 or ciara@gaelscoileanna.ie.

Tá gach eolas maidir leis an bhForas Pátrúnachta ar fáil ar www.foras.ie.

Tá eolas reatha maidir leis an bhfeachtas ar fáil ar Facebook.

Léarscáil