Coistí Bunaithe: Deontais
Tugann GAELSCOILEANNA TEO. tacaíocht do choistí bunaithe gur mian leo cur le soláthar an ghaeloideachais ag an mbun agus iarbhunleibhéil.
Is féidir go dtabharfaí tacaíocht maoinithe do:
- Coistí ag feidhmiú i gceantair atá aitheanta ag an Roinn Oideachais mar ceantar ina bhfuil scoil nua le bunú
- Coistí ag feidhmiú lasmuigh de ceantair atá aitheanta ag an Roinn Oideachais mar ceantar ina bhfuil scoil nua le bunú
- Coistí ag gníomhú le cur le soláthar na gaelscolaíochta trí sainmheon teanga scoile a athrú
- Coistí ag feidhmiú le haonaid nua a bhunú ag an iarbhunleibhéal agus a ghlacann le Polasaí GAELSCOILEANNA TEO. maidir le Struchtúir Aonaid ag an Iarbhunleibhéal
Is gá go ndéanfaí aon iarratas ar deontas i scríbhinn chuig Oifigeach Forbartha GAELSCOILEANNA TEO. Glacfar le hiarratais ó choistí atá ag feidhmiú laistigh de phróisis na Roinne Oideachais agus Scileanna (sonraithe thíos) agus do choistí atá ag feidhmiú go neamhspleách ar phróisis na Roinne.
Tá coistí i dteideal iarratas a dhéanamh ar sciar den deontas ag céimeanna áirithe den phróiseas. Sa chás go bhfuil pátrún ag déanamh iarratas ar maoiniú le coiste a bhunú, is féidir go n-íocfar costais leis an bpátrún ar bhonn admhála agus ar an gcoinníoll go ndéanfar an obair i gcomhpháirt le GAELSCOILEANNA TEO.
Sciar 1: le fáil nuair a chinneann coiste ar tabhairt faoi feachtas poiblíochta maidir le scoil/Aonad nua a bhunú nó sainmheon teanga scoile a athrú. Bunaithe ar na costais mheasta ar cruinniú poiblí a eagrú agus buneolas a scaipeadh maidir lena bhfeachtas.
- Seomra cruinnithe ar cíos €150
- Fógraíocht €300
- Bileoga eolais a dhearadh agus a chló €150
- Postas €100
- Fótachóipeáil €100
- Speansais ilghnéitheacha €200
Iomlán: €1,000
Sciar 2: le fáil nuair a aithníonn an Roinn go bhfuil scoil/Aonad nua le bunú sa cheantar nó dífheistiú pátrúnacht scoile le déanamh sa cheantar. Bunaithe ar na costais mheasta le hiarratas an phátrún ionchasach atá roghnaithe ag an gcoiste bunaithe a phoibliú (i gcomhair leis an pátrún):
- Fógraíocht €300
- Fótachóipeáil €100
- Speansais ilghnéitheacha €100
Iomlán: €500
Sciar 3: le fáil nuair atá oscailt na scoile/an Aonaid nó athrú sainmheon teanga na scoile deimhnithe. Bunaithe ar na costais mheasta ar cruinniú eolais a eagrú agus ábhar margaíochta a chló don scoil/Aonad (i gcomhair leis an bpátrún):
- Seomra cruinnithe ar cíos €150
- Fógraíocht €300
- Pacáiste eolais a dhearadh agus a chló €300
- Fótachóipeáil €100
- Speansais ilghnéitheacha €150
Iomlán: €1,000
Próiseas na Roinne Oideachais agus Scileanna le scoileanna nua a bhunú:
- Aithneoidh an Roinn na ceantair ina bhfuil gá le breis soláthair, bunaithe ar déimeagrafaic mhéadaithe
- Ní chuirfear síneadh le scoileanna reatha má tá éileamh ar éagsúlacht pátrúnacht sa cheantar
- Ní bhunófar scoil nua áit go n-imreodh sé droch-thionchar ar scoileanna eile sa cheantar
- Fógróidh an Roinn líon daltaí agus bliain bunaithe na scoileanna nua
- Tabharfar deis do phátrúin ionchasacha iarratais a dhéanamh ar phátrúnacht na scoileanna nua
- Is gá do phátrúin ionchasacha a léiriú go bhfuil éileamh ar an gcineál scoil atá á mholadh acu don cheantar agus go ndéanfaidh sí freastal ar an bpobal ann
- Is gá do phátrúin ionchasacha a léiriú go gcomhlíonann siad na Socruithe Nua i gcomhair Pátrúnachta Scoileanna Nua
- Déanfaidh an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua moltaí don Aire maidir le pátrúnacht na scoileanna nua bunaithe ar na hiarratais
- Fógróidh an Aire pátrúin na scoileanna nua
Próiseas na Roinne Oideachais le pátrúnacht scoile a athrú:
- Lorgófar léirithe suime foirmeálta i bpátrúnacht scoileanna
- Foilseofar fógra poiblí sna ceantair a bhfuil suirbhé le déanamh ar na tuismitheoirí maidir lena rogha pátrúnacht
- Déanfar suirbhé a chur i gcrích sna ceantair aitheanta ag an Roinn
- Déanfar bailíochtú ar thorthaí an tsuirbhé i gcomhar leis an nGrúpa um Bhunú Scoileanna Nua
- Foilseofar torthaí na suirbhéanna agus seolfar chuig na pátrúin go léir iad le go mbreithneoidh siad ar na roghanna dífheistithe
Próiseas na Roinne Oideachais le haonad a bhunú:
Níl próiseas foirmeálta ann i láthair na huaire. Moltar do phátrún iarratas i scríbhinn a dhéanamh chuig an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua sa Roinn agus aitheantas na Roinne a lorg, agus Polasaí GAELSCOILEANNA TEO. maidir le Struchtúir Aonaid ag an Iarbhunleibhéal a chur i bhfeidhm.
Polasaí faofa ag Fochoiste Airgeadais GAELSCOILEANNA TEO., Deireadh Fómhair 2012



