Méid an Téacs

Misean, Fís & Feidhmeanna

Ráiteas misean na heagraíochta:

Go mbeidh sealbhú agus sóisialú na Gaeilge á chur chun cinn tríd an tumoideachas lán-Ghaeilge ón réamhscolaíocht go hiarbhunscolaíocht ar fud na tíre.

Fís na heagraíochta:

Go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir/caomhnóir ar thumoideachas lán-Ghaeilge ar ard-chaighdeán gurb é a rogha é dá gcuid páistí.

Tuarascálacha:

Réimse feidhmeanna an mhór-réimse:

  • Gaeloideachas/Tumoideachas ó dheas, Gaeltacht san áireamh;
  • Réamhscolaíocht ó dheas, lasmuigh den Ghaeltacht; agus
  • Cur chuige comhoibritheach le páirtithe ó thuaidh sa Ghaeloideachas/Tumoideachas agus sa réamhscolaíocht.

Feidhmeanna sa Ghaeltacht:

  1. Tacaíocht a chinntiú do Bhoird bhainistíochta i scoileanna lán-Ghaeilge Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus an iar-bhunleibhéal, chun soláthar iomlán trí mheán na Gaeilge a sholáthar don phobal, agus sin a dhéanamh trí sheirbhís ionadaíochta, abhcóideachta agus tacaíochta do na boird bhainistíochta sin agus plé leis na páirtithe leasmhara ina leith sin;
  2. Tacaíocht a thabhairt do Bhoird bhainistíochta i scoileanna Gaeltachta nach scoileanna Lán-Ghaeilge iad ar mian leo stádas lán-Ghaeilge a bhaint amach agus plé leis na páirtithe leasmhara ina leith sin;
  3. Tacaíocht a chinntiú do phobal na scoileanna Gaeltachta (daltaí, tuismitheoirí, agus foireann) teacht a bheith acu ar sholáthar iomlán trí Ghaeilge; agus
  4. Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann scoileanna lán-Ghaeilge Gaeltachta.

Feidhmeanna lasmuigh den Ghaeltacht:

  1. Cur chuige comhoibritheach a neartú le comhpháirtithe tumoideachais lán-Ghaeilge ó thuaidh agus ó dheas a bheidh chun leasa soláthar tumoideachais ag leibhéal na réamhscolaíochta, na bunscolaíochta agus na hiar-bhunscolaíochta do thuismitheoirí agus dá bpáistí ar bhonn pleanáilte, straitéiseach sa dá dhlínse;
  2. Cur chuige comhleanúnach i leith bunú soláthair tumoideachais ó réamhscolaíocht, go bunscolaíocht, agus ó bhunscolaíocht go hiar-bhunscolaíocht a chinntiú trí thacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí teacht a bheith acu ar sholáthar tumoideachais dá bpáistí ag gach céim dá n-oideachas;
  3. Tacú le tograí forbartha Gaeilge dírithe ar an scoilphobal i gceantair ina bhfuil naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge suite, i ndlúthchomhar le ceanneagraíochtaí eile i réimse an oideachais;
  4. Cur chun cinn na Gaeilge mar theanga bheo chumarsáide a éascú laistigh den naíonra / scoil lán-Ghaeilge agus idir na naíonraí / scoileanna lán-Ghaeilge do pháistí, tuismitheoirí, foirne agus baill bhoird.
  5. Comhoibriú le forais chuí stáit agus le páirtithe leasmhara eile a bheidh chun leasa soláthar réamhscolaíochta, bunscolaíochta agus iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge a bheith ar fáil de réir rialacha agus caighdeán cuí;
  6. Tionchar éifeachtach a imirt ar na forais chuí stáit agus ar pháirtithe leasmhara eile a bheidh chun leasa forbairt struchtúir chuí thacaíochta do gach gné de sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na réamhscolaíochta, na bunscolaíochta agus na hiar-bhunscolaíochta i gcomhar le páirtithe leasmhara eile ar an bhFóram Comhpháirtíochta agus taobh amuigh de.
  7. Comhoibriú le forais chuí stáit sa deisceart chun críche soláthar um fhorbairt ghairmiúil chuí a bheith ar fáil do bhaill foirne sa chóras oideachais lán-Ghaeilge ag na trí leibhéal le caighdeán ard sealbhaithe Gaeilge a éascú, agus comhoibriú le páirtithe leasmhara an tuaiscirt chun críche comhroinnt dea-chleachtais idir fhorais tumoideachais.
  8. Seirbhís chomhairleach a chur ar fáil do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna atá ag iarraidh aistriú ó bheith ina scoileanna meáin Bhéarla le bheith ina scoileanna lán-Ghaeilge.
  9. Tacú le comhroinnt an dea-chleachtais trí Chomhdháil Oideachais a eagrú móide seimineáir ar théamaí na Comhdhála le freastal ar phobal na naíonraí, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, agus é sin i gcomhair le heagrais eile, más cuí.
  10. Seirbhís chuimsitheach agus údarásach eolais agus tacaíochta a chur ar fáil don mhór-phobal agus do phobal na naíonraí agus scoileanna maidir leis an gcóras tumoideachais ina iomláine.

Eile, bunaithe ar na feidhmeanna agus ar na freagrachtaí thuas:

  1. Bheith rannpháirteach le Conradh na Gaeilge i dtionscadail ardaithe feasachta a bheidh á gcur i gcrích le haird an phobail a dhíriú ar an ngaeloideachas agus le heolas a chur ar fáil dóibh;
  2. Tionscadail chomhpháirtíochta a stiúradh le comhpháirtithe eile ar an bhFóram Comhpháirtíochta;
  3. Bheith rannpháirteach i dtionscadail chomhpháirtíochta a bheadh á stiúradh ag ceanneagraíochtaí eile ar an bhFóram Comhpháirtíochta;
  4. Pleananna Straitéiseacha agus oibríochtúla a réiteach i gcomhpháirt le comhpháirtithe eile ar an bhFóram Comhpháirtíochta ar bhonn tráthrialta;
  5. Eolas riachtanach a bhailiú agus a chur in eagar le feidhmeanna an mhór-réimse a chur i gcrích go héifeachtach agus sin a dhéanamh i ndlúthchomhar le comhpháirtithe eile; agus
  6. Iarratais thráthúla ar mhaoiniú a chur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge bunaithe ar na pleananna sin.