Méid an Téacs

Struchtúr agus Bord

Bunaíodh Gaeloideachas mar Gaelscoileanna Teo. i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.

Ó Iúil 2014, tá Gaeloideachas freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas, Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Cuimsíonn an ról nua seirbhís tacaíochta do scoileanna lán-Ghaeilge Gaeltachta freisin. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta agus ionadaíochta thar ceann naíonraí agus scoileanna ar a gcuid riachtanais.

Is comhaltaí iad na scoileanna sa chomhlacht agus is iad na comhaltaí a thoghann na hoifigigh agus baill an bhoird stiúrtha ag Cruinniú Cinn Bhliana na heagraíochta. Tá seachtar oifigeach agus suas le 13 ball ceadaithe ar an mbord stiúrtha, atá comhdhéanta de thuismitheoirí, mhúinteoirí agus baill de bhoird bhainistíochta sna scoileanna lán-Ghaeilge.

Gheobhaidh tú sonraí maidir le feidhmeannas na heagraíochta agus rólanna na foirne anseo.