Méid an Téacs

An Brat Buí

Chuile bhliain, tugtar do scoileanna Lán-Ghaeilge páirt a ghlacadh sa tionscnamh ‘An Brat Buí’ a dhéanann ceiliúradh ar éagsúlacht sna scoileanna bunleibhéil agus iarbhunleibhéil.

Tá an-spéis ag an tionscnamh scoileanna lán-Ghaeilge a earcú a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh i gClár an Bhrait Buí. Is clár praiticiúil scoil-bhunaithe atá ann a chothaíonn timpeallacht dearfach chuimsitheach ina chuirtear comhionannas agus éagsúlacht chun cinn.

Tá an gradam buaite ag 26 scoil sa tír, idir bunscoileanna agus iarbhunscoileanna agus is iontach an rud é go bhfuil 3 ghaelscoil san áireamh anseo – Gaelscoil Riabhach, Co. na Gaillimhe, Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Co. na Mí agus Gaelscoil Mhichíl Cíosóig, Co. an Chláir.

Tá roinnt den ábhar a d’ullmhaigh Gaelscoil Mhichíl Cíosóig le feiceáil anseo: An Brat Buí i nGaelscoil Michíl Cíosóig

Tá lámhleabhar na scéime ar fáil i nGaeilge anseo: http://www.yellowflag.ie/images/misc/Irish_Travellers_v7_Irish.pdf.

Tá an clár bunaithe ar chur chuige 8 gcéim praiticiúil agus tá sé dírithe ar éachtaí praiticiúla idirchultúrtha le gradam mar thoradh. Is iad na céimeanna atá i gceist ná:

  1. Oiliúint idirchultúrtha agus frithchiníochas don fhoireann agus don bhord (ceardlann 2 uair an chloig agus tá oiliúnóirí le Gaeilge ar fáil leis na ceardlanna a dhéanamh le scoileanna agus le tuismitheoirí chomh maith).
  2. Ag cothú gaoil leis an bpobal lasmuigh den scoil,
  3. Coiste Éagsúlachta a bhunú (baill foirne, tuismitheoirí, daltaí),
  4. Ag tabhairt faoi athbhreithniú ar idirchultúrachas,
  5. Ag forbairt plean gnímh le haghaidh scoil a cheiliúrann éagsúlacht,
  6. Monatóireacht, measúnú agus scaipeadh eolais,
  7. Obair churaclaim, agus
  8. Forbairt cód ar éagsúlacht.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil le híoslódáil ón láithreán gréasáin www.yellowflag.ie. Más mian leat fiú do spéis a léiriú ann thar ceann na scoile tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Paula Madden ar ríomhphost yellowflagprogramme@gmail.com nó ar 01 6796577.

Is deis iontach é seo do na scoileanna lán-Ghaeilge aitheantas a fháil mar scoileanna atá cuimsitheach agus oscailte do gach páiste agus a dhéanann ceiliúradh ar an éagsúlacht.

Tá eolas ar www.yellowflag.ie freisin maidir le deiseanna do dhaoine (le taithí mhúinteoireachta) a mbeadh spéis acu cabhrú go deonach i gcur chun cinn na scéime sna scoileanna lán-Ghaeilge.