Méid an Téacs

Gaelscoil Ilchreidmheach Nua do Bhaile an Chollaigh

Gaelscoil BhréifneTá bunscoil nua lán-Ghaeilge ilchreidmheach le hoscailt i mBaile an Chollaigh i Meán Fómhair 2017 faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta. Chuir An Foras Pátrúnachta iarratas faoi bhráid na Roinne Oideachais & Scileanna ar an 6 Eanáir 2017 agus d’éirigh leis an iarratas.

Beidh breis eolais maidir le cúrsaí clarúcháin do na blianta eile ar fáil ón bpríomhoide ar oscailt na scoile.

Polasaí Iontrála 2017

Cén fáth go roghnófá scoil lán-Ghaeilge dod’ pháiste? 

Léigh anseo maidir leis na buntáistí a bhaineann leis an gcóras tumoideachais.

Tá gach eolas maidir leis an bhForas Pátrúnachta ar fáil ar www.foras.ie.

Tá eolas reatha maidir leis an bhfeachtas i mBaile an Chollaigh ar fáil ar Facebook.