Méid an Téacs

Coiste Seasta Thuaidh Theas

D’eascair an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas as an dtionscadal Gaelscolaíocht Éireann a maoiníodh faoi mhaoiniú an Phrósis Síochána. B’iad Gaelscoileanna Teo, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta na páirtnéirí tosaigh sa tionscadal seo. Ba é ról agus réimse Ghaelscolaíocht Éireann ná comhoibriú na hearnála agus soláthar seirbhíse a fheabhsú cois teorann agus sna Sé Chontae ó thuaidh.  Ba léir go raibh bua an chomhoibrithe chun ár leasa uile in earnáil na gaelscolaíochta thuaidh/theas.  Mar sin de, chinn muid ar Choiste Seasta a chur ar bun a chuirfeadh le comhoibriú trasteorann agus le roinnt an dea-chleachtais ar bhonn thuaidh theas. Chonacthas do na heagraíochtaí bunaidh sin gur le leas na hearnála an comhoibriú sin a leathnú le go mbeadh na heagraíochtaí uile atá páirteach in earnáil na gaelscolaíochta thuaidh agus theas páirteach. Bunaíodh an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas sa bhliain 2009. Tá ballraíocht leathan ag an gCoiste anois de na príomhpháirtnéirí in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge ar bhonn 32 contae, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Tá an Coiste Seasta Thuaidh Theas (CSTT) comhdhéanta de na páirtnéirí seo a leanas:

Ról, réimse agus cuspóir an CSTT

Is é ról, réimse agus cuspóir an Choiste Sheasta – comhoibriú thuaidh theas agus fócas ar an ghaelscolaíocht mar shainábhar agus fóram neamhfhoirméalta a fhorbairt amach anseo. Dhéanfadh an Coiste Seasta an fóram neamhfhoirméalta a threorú agus a stiúradh trí mholtaí a chur chun cinn agus de réir acmhainní na mballeagraíochtaí ag aon am ar leith. Tagann an Coiste Seasta le chéile trí uair ar a laghad in aghaidh na bliana agus déantar ról an Chathaoirligh a roinnt ar bhonn sealaíochta i measc na gcomhpháirtithe.

Áirítear i measc príomhaidhmeanna an Choiste:

  • próifíl an oideachais lán-Ghaeilge a ardú;
  • cur le teagmhálacha ar fud an oileáin, le struchtúir thacaíochta a fhorbairt agus le meicníochtaí do roinnt an dea-chleachtais a chur chun cinn;
  • cur leis an gcomhoibriú agus le comhthuiscint i measc na n-eagraíochtaí a bhíonn ag plé leis an ngaelscolaíocht sa dá dhlínse;
  • nasc tras-earnála a fhorbairt idir na comhghrúpaí sna réimí réamhscolaíochta, bunscolaíochta agus iarbhunscolaíochta;
  • dea-chleachtas a roinnt le go bhféadfaí feabhas a chur ar chaighdeán agus ar shochair na ngeallsealbhóirí;
  • comhoibriú straitéiseach thuaidh theas a fhorbairt;
  • comhthionscadail a bhunú;
  • luach ar airgead a léiriú i gcomhthéacs buiséad rialtais trí phlé straitéiseach thuaidh theas ar fhorbairt acmhainní, oiliúint mhúinteoirí agus seirbhís tacaíochta do scoileanna;
  • fócas ar an ngaeloideachas mar shainábhar; agus
  • tionchar a imirt ar na Ranna Rialtais, ar eagraíochtaí leasmhara, agus ar an mórphobal

Ceann de na mór -spriocanna a baineadh amach ó bunaíodh an Coiste ná gur bunaíodh Meitheal Oibre ar Thaighde a bhfuil mar aidhm aige réimsí taighde a bhfuil taighde de dhíth iontu a aithint agus taighde a choimisiúnú dá réir agus de réir cúnamh maoinithe chuige.

CSTTmosaic