Gaelscoil Nua do Bhéal an Átha Móir
Tá Gaelscoileanna Teo. ag tacú le hiarratas ó choiste áitiúil i mBéal an Átha Móir, Co. Liatroma, go mbeadh bunscoil lán-Ghaeilge ar fáil don cheantar. Is gá go mbeadh tacaíocht an phobail ag an t-iarratas le go n-osclófar an scoil. Iarrfar ar tuismitheoirí léiriú spéise a chlárú le tacú leis an bhfeachtas seo tríd an fhoirm thíos a chomhlánú.
Is féidir leat cabhrú linn trí labhairt le tuismitheoirí eile maidir le do chinneadh do thacaíocht a léiriú don scoil, trí eolas maidir leis an bhfeachtas a roinnt ar na meáin shóisialta agus trí obair dheonach a dhéanamh linn, má tá uair a chloig le sparáil agat le heolas a scaipeadh i do cheantar féin. Déan teagmháil le Clare Spáinneach ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie más mian leat cúnamh a thabhairt dúinn.
Oops! We could not locate your form.