Imeachtaí
14ú Deireadh Fómhair 2015: Caife, Cáca & Caint ag Café O’Play
An bhfuil suim agat bualadh le tuismitheoirí eile a bhfuil suim acu sa bhunscoil lán-Ghaeilge nua mholta seo? Tar chuig Café O’Play ar an 14ú Deireadh Fómhair ag 10.30 leis na gasúir agus beidh deis acu súgradh le gasúir eile nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éagsúla atá eagraithe ag foireann Café O’Play. Oiriúnach do ghasúir 0-4 bliana d’aois. Beidh Ciara agus Cormac ó Gaelscoileanna Teo. ann chun aon cheisteanna atá agat faoin mbunscoil nua a fhreagairt.
Níl ach 20 spás againn don ócáid seo. Más maith leat teacht cuir r-phost chuig Ciara ciara@gaelscoileanna.ie chun d’áit a dheimhniú ann.
21ú Deireadh Fómhair 2015: Cruinniú Coiste, Oifigí Gaelscoileanna Teo.
Beidh an chéad chruinniú eile ar siúl ar 21ú Deireadh Fómhair (Dé Céadaoin) ag 20.00 in Oifigí Gaelscoileanna Teo. in Institiúid Oideachais Marino. Tá fáilte roimh chách ar an oíche, mar sin má tá aithne agat ar éinne a mbeadh suim acu bheith páirteach sa bhfeachtas agus bheith i láthair, tá lánfháilte romhat an cuireadh seo a scaipeadh orthu.