Méid an Téacs

Téarmaí agus coinníollacha: Seastáin

Chuile bhliain, tugaimid cuireadh do chomhlachtaí/eagraíochtaí oideachais agus Gaeilge seastán a ghlacadh ag an Tionól.

  • Beidh na seastáin ar taispeáint ar an Aoine, an 16 Samhain 2018 ó 8.30rn – 4.00in.
  • Is féidir an seastán a shocrú suas idir 19.00-20.00 ar an Déardaoin 15ú Samhain nó idir 07.00-08.00 ar an Aoine.
  • Beidh toscairí an Tionóil ag freastal ar cheardlanna/léachtaí ar feadh an lae. Spreagfar iad chun cuairt a thabhairt ar na seastáin le linn clárúcháin, sosanna tae/caifé agus i rith am lóin le linn na n-amanna seo thíos a bhfuil dath dearg orthu:

08.45-09.15: Clárúchán & Tae, Caifé & Seastáin
09.30-11.00: Gnó Oifigiúil
11.00-11.30: Sos Tae/Caifé & Seastáin
11.30-12.45: Ceardlanna
12.15-12.45: Lón do lucht na seastán i mbeár an óstáin
12.45-13.45: Lón & Seastáin
13.45-14.45: Ceardlanna
14.45-15.15: Sos Tae/Caifé & Seastáin
15.15-16.15: Ceardlanna
16.15-17.15: Ceardlanna
19.30: Fáiltiú Deochanna
20.00: Béile & Siamsaíocht

Táillí:

Eagraíocht dheonach/neamhbhrabúis: Spás le bord 5’x2” ar €200
Eagraíocht tráchtála: Spás le bord 5’x2” ar €300

Clúdaithe sa chostas tá:

  1. spás seastáin le bord, dhá chathaoir agus spás do 2 sheastán aníos (pull-up stands),
  2. cead isteach ag ceardlanna uile an Tionóil
  3. lón, tae agus caifé (sula mbíonn lón,tae, caifé ag na toscairí)
  4. wi-fi
  5. ainm agus cur síos ar an gcomhlacht/eagraíocht i gclár an Tionóil Forbartha agus ar shuíomh Gaeloideachas

Is faoi lucht na seastán gach rud eile a bheidh de dhíth orthu a thabhairt leo iad féin. Molann an t-óstán cábla sínidh a thabhairt leat.

Spás Teoranta = Critéir Roghnúcháin

Beidh líon na seastán ag Tionól Forbartha 2018 an-teoranta i mbliana de dheasca ceal spáis. Beidh 19 spás seastán ar díol do Thaispeántas na Seastán. Cuirfear an critéir roghnúcháin thíos i bhfeidhm i mbliana le spásanna seastán a dháileadh:

  1. Osclófar clárúchán do Thaispeántas na Seastán ar an Luan 17ú Meán Fómhair ag a 12.00 meánlae agus dúnfar é ar an 24ú Meán Fómhair ag 14.00 i.n. Ní ghlacfar le hiarratais ar bith roimh an 17ú Meán Fómhair 2018.
  2. Tabharfar tús áite d’eagraíochtaí agus comhlachtaí a chuireann seirbhísí agus/nó táirgí Gaeilge ar fáil d’earnáil an oideachais lán-Ghaeilge.
  3. Beidh deis cur síos a dhéanamh sa bhfoirm iarratais ar an gcineál seirbhíse/táirge a chuireann do chomhlacht/eagraíocht ar fáil.
  4. Dáilfear spásanna bunaithe ar an gcritéir thuas bheith i bhfeidhm agus ar bhonn tús freastail de réir am agus dáta a bhfaightear an fhoirm iarratais idir 17ú Meán Fómhair ag a 12.00 Meánlae agus 24ú Meán Fómhair ag 14.00 i.n.
  5. Ní cheadófar ach seastán amháin in aghaidh an chomhlachta/eagraíochta.
  6. Dáilfear aon spásanna atá fágtha ansin ar gach dream eile atá tar éis iarratas a dhéanamh ar bhonn tús freastail.
  7. Tá sé de cheart ag Gaeloideachas a cinntí féin maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar thuas a dhéanamh agus an cinneadh deiridh a ghlacadh maidir le dáileadh spásanna seastán.

Chun iarratas a dhéanamh:

  • Beidh an nasc don fhoirm iarratais beo ag bun an leathanach seo ar an Luan 17 MF ag 12.00 meánlae
  • Má éiríonn le do chomhlacht/eagraíocht spás a fháil don Taispeántas Seastán, cuirfear ar an eolas tú ar an Aoine 28 MF chomh maith le sonraí & spriocdháta íocaíochta. Cuirfear na comhlachtaí nár éirigh leo ar an eolas chomh maith.
  • Ní bheidh aon spás seastán cinntithe go dtí go n-íocfar an táille cuí le Gaeloideachas roimh an spriocdháta socraithe.

Coinníollacha:

  • Beidh taispeántas na seastán ar oscailt do rannpháirtithe an Tionóil ó 08.45-16.15 ar an Aoine.
  • Beidh imeachtaí an Tionóil ar siúl i rith na n-uaireanta seo ach spreagfar rannpháirtithe le cuairt a thabhairt ar na seastáin le linn na sosanna.
  • Clúdaíonn costas an tseastáin na sosanna tae/caifé agus lóin ar an Aoine.
  • Má tá riachtanas ar leith agat, iarraimid ort é sin a chur in iúl dúinn ar an bhfoirm agus déanfaimid ár ndícheall freastal ort.
  • Ní gá go mbeadh Gaeilge líofa ag an duine a bheidh leis an seastán, ach is í an Ghaeilge teanga oibre an Tionóil agus a rannpháirtithe.
  • Ní mór do na seastáin bheith glanta agus imithe ó sheomra na seastáin faoi 16.30 ar an Aoine.

Polasaí Cealaithe

Sa chás go dtarlaíonn rud éigin nach bhfuil tú ag súil leis agus nach féidir leat freastal ar an Tionól Forbartha, ní mór duit do sheastán a chur ar ceal trí ríomhphost a scríobh chuig eolas@gaeloideachas.ie. Ní féidir seo a dhéanamh thar an bhfón.

Aisíocfaidh Gaeloideachas do tháille seastán go hiomlán má fhaightear fógra i scríbhinn roimh an 19 Deireadh Fómhair 2018. Má fhaightear fógra i scríbhinn i ndiaidh an 19 Deireadh Fómhair, ní dhéanfar aon aisíocaíocht.

Forchoimeádann Gaeloideachas an ceart againn clár an Tionóil Forbartha a leasú de réir mar is gá ag brath ar chúinsí éagsúla nach mbeifear ag súil leo roimh na hócaide.

Breis Eolais :

Peigí Ní Chonghaile | peigi@gaeloideachas.ie | 087 9452452