Méid an Téacs

Scéim Iasachta Trealaimh

Cuireann an scéim seo trealamh forbartha/oideachasúil agus leabhair ar ardchaighdeán ar fáil ar bhonn iasachta do naíonraí. Tá sé mar aidhm acu bheith ina n-áiseanna luachmhara foghlama agus forbartha sa seomra naíonra agus go spreagfar na páistí bheith ag caint as Gaeilge. Tá réimse leathan trealaimh againn agus is féidir é a úsáid mar bhonn taca le téamaí Aistear a phlé. Is féidir iarratas a dhéanamh thíos, agus rogha a dhéanamh maidir le Bosca Spéise, Cistin nó Siopa.

SiopaAn Siopa

Trealamh ar ardchaighdeáin atá anseo, féach ar an ngrianghraf thall. Ní thagann sé le páistí nó le hearraí grósaera, áfach!

Boscaí Spéise

Tá 10 mbosca curtha le chéile againn bunaithe ar théamaí ginearálta faoi leith: Bia, Ainmhithe (An Fheirm agus An Zú), Dathanna agus Cruthanna, Timpeall an Tí, Ó Lá go Lá, Siopadóireacht agus Ainmhithe. Tá an t-ábhar céanna i ngach bosca.

Tá réimse éagsúil trealaimh agus leabhar iontu agus tá foclóir úsáideach agus lipéid curtha le chéile againn do gach mórthéama. Is féidir leis an stiúrthóir naíonra leas a bhaint as ábhar na mboscaí i mbealaí cruthaitheacha éagsúla chun téamaí Aistear a phlé:

  • Folláine agus Leas
  • Féiniúlacht agus Muintearas
  • Cumarsáid
  • Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht

Gheobhaidh tú liosta agus grianghraif den trealamh agus de na leabhair éagsúla atá sna boscaí spéise anseo: Boscaí Spéise

CistinAn Chistin

Trealamh ar ardchaighdeán atá anseo, féach ar an ngrianghraf thall.

Téarmaí Iasachta

Is féidir le naíonra iarratas a dhéanamh ar iasacht trealaimh – Bosca Spéise, Siopa nó Cistin – don téarma Meán Fómhair – Nollaig. Tabharfar deis do naíonraí eile buntáiste a bhaint as an scéim sa dara tréimhse iasachta, ó Eanáir – Meitheamh.

Dáileadh agus tabhairt ar ais an Trealaimh

Socróidh an t-oifigeach forbartha seachadadh agus bailiú an trealaimh leis an naíonra agus ní bheidh costas ar an naíonra ina leith.

Táille

Tá costas €40 in aghaidh an téarma iasachta ar na boscaí spéise agus déanfar na táillí ar fad a chur i dtreo trealaimh nua a cheannach. Beidh an táille le híoc nuair a dheimhnítear rannpháirtíocht an naíonra sa scéim. Déanfar teagmháil dhíreach le naíonraí maidir lena gcuid iarratas.

Cothabháil an Trealaimh

Tá an naíonra freagrach as gach trealamh agus leabhar a fhaigheann an tseirbhís mar chuid den scéim. Is le Gaeloideachas an t-ábhar i gcónaí agus beidh sé de dhualgas ar an naíonra aire réasúnach a thabhairt dó agus é a thabhairt ar ais in am tráth. Rachaidh oifigeach forbartha ó Gaeloideachas trí sheicliosta leis an naíonra agus an trealamh á dháileadh agus á thabhairt ar ais. Síneoidh an dá pháirtí conradh aontaithe.

Coinníollacha na Scéime

  • Tá an scéim seo ar fáil do naíonraí sna 26 chontae lasmuigh den Ghaeltacht ina bhfuil an luath-thumoideachas iomlán i bhfeidhm.
  • Is gá iarratas i scríbhinn a dhéanamh ar an Scéim Iasachta Trealaimh tríd an bhfoirm thíos a chomhlánú.Tabharfar tús áite d’iarratais ar bhonn dáta de réir mar a thagann siad chun na hoifige, agus de réir líon an trealaimh atá ar fáil mar chuid den scéim.
  • Cuirfear iarratais nach féidir a cheadú de bharr ró-éilimh ar liosta feithimh.
  • Nuair a faightear an trealamh tar éis dó a bheith seachadadh leis an gcúiréir, caithfear Gaeloideachas a chur ar an eolas láithreach. Tá cead ag an naíonra é a úsáid ar feadh téarma aontaithe. Is féidir le Gaeloideachas síneadh ama a thabhairt sa chás nach bhfuil naíonra ar bith eile ag fanacht ar an liosta feithimh don trealamh úd.
  • Tá cead ag Gaeloideachas trealamh a aisghairm ag am ar bith má bhraitear go bhfuil sé á mhí-úsáid.
  • Tá an naíonra freagrach as gach trealamh fad agus atá sé ina sheilbh acu.
  • Ní ghlacann Gaeloideachas freagracht ar bith as aon timpistí, gortú, díobháil nó damáiste a tharlaíonn agus an trealamh seo in úsáid.
  • Ba chóir go mbainfear úsáid as an trealamh mar is cuí. I gcás aon damáiste don trealamh nach mbaineann le gnáthchaitheamh agus cuimilt, nó sa chás go mbristear nó go gcailltear aon phíosa trealaimh, beidh sé de dhualgas ar an naíonra an costas a chlúdach.
  • Má tharlaíonn sé nach bhfuil an naíonra ábalta an pacáiste a thabhairt ar ais ar an dáta cuí, ba chóir go ndéanfadh siad teagmháil le Gaeloideachas agus iad a chur ar an eolas.

Nóta: CAITHFEAR AN ÍOCAÍOCHT + AN FOIRM SEO A CHOMHLÍONADH AGUS A SHEOLADH CHUIG OIFIGÍ GAELOIDEACHAS ROIMH DON NAÍONRA AN TREALAIMH A FHÁIL.