Méid an Téacs

Scoileanna Nua

Cá bhfuil an scoil lán-Ghaeilge is cóngaraí duit? Tá léarscáil anseo do na scoileanna lán-Ghaeilge (bun agus iarbhunleibhéal) ar fud na tíre: Léarscáil

Bunscoileanna Nua:

2013

Teach na Giúise, Baile Átha Cliath 24 – Gaelscoil na Giúise

An Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar an scoil agus tá blag nua acu maidir le dul chun cinn na scoile: Tamhlacht 2013. Beidh an scoil lonnaithe in aice le hIonad Pobail Theach Giúise. Is scoil comhoideachais, ilchreidmheach a bheidh inti. Is féidir glaoch a chur ar Clare ag 01 8535193 nó ríomhphost a chur chuig clare@gaelscoileanna.ie le heolas ginearálta a fháil maidir le scoileanna nua, agus teagmháil díreach a dhéanamh le An Foras Pátrúnachta más mian leat do pháiste a chlárú (01 6294110). Tá áiteanna ar fáil do Mheán Fómhair 2013!

An Chéim, Baile Átha Cliath 18

An Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar an scoil agus tá blag nua acu maidir le dul chun cinn na scoile: An Chéim 2013. Beidh an scoil lonnaithe i Sráidbhaile Aiken. Is scoil comhoideachais, ilchreidmheach a bheidh inti. Is féidir glaoch a chur ar Clare ag 01 8535193 nó ríomhphost a chur chuig clare@gaelscoileanna.ie le heolas ginearálta a fháil maidir le scoileanna nua, agus teagmháil díreach a dhéanamh le An Foras Pátrúnachta más mian leat do pháiste a chlárú (01 6294110). Tá áiteanna ar fáil do Mheán Fómhair 2013!

Baile Chill Dara

An Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar an scoil. Is féidir glaoch a chur ar Clare ag 01 8535193 nó ríomhphost a chur chuig clare@gaelscoileanna.ie le heolas ginearálta a fháil maidir le scoileanna nua, agus teagmháil díreach a dhéanamh le An Foras Pátrúnachta más mian leat do pháiste a chlárú (01 6294110). Tá áiteanna ar fáil do Mheán Fómhair 2013!

2014

Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil bunscoileanna nua le bunú sna ceantair thíos, ach níl pátrúin nó sainmheoin teanga agus creidimh na scoileanna cinntithe go fóill. Fógrófar na pátrúin i ndiaidh tréimhse comhairliúcháin leis na pobail áitiúila, na pátrúin ionchasacha agus an Roinn.

    • Sord, Baile Átha Cliath
    • Dumhach Trá/An Rinn, Baile Átha Cliath
    • Carraig Thuathail/Mainistir na Corann, Co. Chorcaí
    • Cnoc na Cathrach, Gaillimh

Is féidir glaoch a chur ar Clare ag 01 8535193 nó ríomhphost a chur chuig cspainneach@gaelscoileanna.ie le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an bpróiseas le pátrúin na scoileanna seo a aithint.

Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar freastal ar an éileamh ar an ngaelscolaíocht i mBiorra, Co. Uíbh Fháilí trí ghaelscoil nua a bhunú ann faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta. Níl bliain oscailte na scoile seo aitheanta ag an Roinn go fóill ach tá súil ag an gcoiste bunaithe go n-osclófar i 2014 í. Tá níos mó eolas ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Biorra le Gaeilge.

Iar-bhunscoileanna agus Aonaid Nua:

2013

Coláiste Lú, Dún Dealgan (Aonad lán-Ghaeilge)

Coiste Gairmoideachais Co. Lú a bheidh mar phátrún ar an Aonad lán-Ghaeilge nua. Tá gach eolas maidir leis ar fáil ar www.colaistelu.ie.  Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an scoil ar 042 9352428 nó eolas@colaistelu.ie.

2014

Gael-Choláiste an Phiarsaigh, Dún Droma, Baile Átha Cliath

An Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar an iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua i nDún Droma, agus is scoil il-sainchreidmheach agus comhoideachais a bheidh inti. Is féidir teagmháil díreach a dhéanamh le coiste na scoile más mian leat dalta a chlárú; féach www.gaelcholaiste.com, glaoigh ar 01 6294110 (An Foras Pátrúnachta) nó  087 9790193 (Lorcán Mac Gabhann).

Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, Baile Átha Cliath

An Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar an iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua i mBaile Brigín, agus is scoil il-sainchreidmheach agus comhoideachais a bheidh inti. Is féidir teagmháil díreach a dhéanamh le An Foras Pátrúnachta más mian leat dalta a chlárú (01 6294110). Tá eolas maidir leis an scoil le fáil ar www.colaisteghlornamara.com chomh maith.

Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí

Is faoi Coiste Gairmoideachas Co. Chorcaí a bheidh an iarbhunscoil nua lán-Ghaeilge atá le hoscailt i gCarraig Uí Leighin.  Is féidir teagmháil díreach a dhéanamh le Coiste Gairmoideachas Co. Chorcaí más mian leat dalta a chlárú (ceo@cocorkvec.ie).

Maigh Nuad (Aonad lán-Ghaeilge)

Is iad Coiste Gairmoideachais Co. Chill Dara a aithníodh mar phátrún ar an scoil nua atá le bunú i Maigh Nuad, agus tá Aonad lán-Ghaeilge le bunú sa scoil mair aitheantas ar an éileamh fíor-láidir atá ar an ngaelscolaíocht sa cheantar. Tá sé luaite ag an Aire Oideachais go mbeidh deis aige amach anseo fás ina scoil neamhspleách. Is féidir teagmháil díreach a dhéanamh le Coiste Gairmoideachais Co. Chill Dara más mian leat dalta a chlárú (cooffice@kildarevec.ie).

Níl scoil i mo cheantar!

D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna socruithe nua i gcomhair pátrúnachta scoileanna nua ar an 27 Meitheamh 2011. Is féidir iad a léamh anseo. Tá liosta foilsithe ag an Roinn de na ceantair ina mbeidh scoileanna nua de dhíth as seo go 2017, agus is féidir an liosta a léamh anseo. Tá liosta na Roinne bunaithe ar déimeagrafaic, áfach, seachas ar éilimh na dtuismitheoirí agus ní léir go bhfuil siad ag tabhairt aitheantas mar is ceart don éileamh ná do gheallúint an Stáit i dtaobh tacú le soláthar na gaelscolaíochta.

Mura bhfuil scoil i do cheantar, tá seans go bhfuil feachtas ar bun le ceann a bhunú ann. Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag obair le coistí bunaithe timpeall na tíre le cinntiú go mbeidh oideachas trí mheán na Gaeilge mar rogha ag daltaí agus tuismitheoirí ina gceantair féin. Is grúpaí pobail iad na coistí seo a tháinig le chéile toisc riachtanais agus éilimh an phobail áitiúil i leith na gaelscolaíochta. Tá gach eolas maidir leis na feachtais atá ar bun ag na grúpaí seo ar fáil ó Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie. Más mian leat coiste a chur ar bun i do cheantar féin, tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn.

Tá comhairliúchán poiblí ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le rogha tuismitheoirí i leith pátrúnacht scoile. Tá eolas tábhachtach maidir leis an bpróiseas anseo