Méid an Téacs

Cén fáth go roghnófá scoil lán-Ghaeilge?

Is eagraíocht náisiúnta, dheonach í Gaelscoileanna Teo. atá ag tacú leis an oideachas lán-Ghaeilge agus á chur chun cinn le breis is 40 bliain. Creideann muid gur ceann de na cinntí is tábhachtaí a dhéanann tuismitheoirí ar son a bpáistí ná scoil a roghnú dóibh, agus is é ról s’againne ná tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh rogha fheasach a dhéanamh faoi oideachas a gcuid bpáistí. Is é an múnla oideachais a chuireann muid chun cinn ná múnla an tumoideachais, múnla ina bhfaigheann daltaí a gcuid oideachais – taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga – trí mheán na Gaeilge. Tá os cionn 53, 000 dalta ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge i láthair na huaire agus is léiriú iad ar bhuntáistí an mhúnla tumoideachais do gach uile dalta, beag beann ar leibhéal cumais, stádas socheacnamaíoch, nó ar chúlra creidimh, cultúrtha nó teanga. Seo roinnt de na buntáistí a aithnítear leis an tumoideachas.

Buntáistí Cognaíocha

TacaíochtEascraíonn solúbthacht chognaíoch agus smaointeoireacht iltreóch as an tumoideachas; éiríonn le daltaí smaoineamh ar bhealaí níos cruthaithí, agus é ar a gcumas acu réimse réiteach/freagraí bailí a thabhairt ar fhadhb.

De bharr an tumoideachais, aithnítear smacht méadaithe ar aird agus smacht feidhmiúcháin feabhsaithe; sé sin go mbíonn daltaí níos fearr ag tabhairt airde, bíonn siad níos fearr ag díriú ar thascanna agus á chur i gcrích, agus bíonn scileanna éisteachta agus cumarsáide níos éifeachtaí acu. Bíonn scileanna cuimhne níos fearr acu freisin, bíonn siad níos cumasaí ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí agus ag déanamh cinntí stuama, agus bíonn siad níos muiníní ina gcuid cinnteoireachta.

Léiríonn an taighde gur féidir leis an dátheangachas moill cheithre bliana a chur ar galar Alzheimer!

Buntáistí Cumarsáide

IlchultúrachasNí gá do thuismitheoirí bheith buartha nach dtuigfidh a bpáistí an múinteoir. Tacaíonn múnla an tumoideachais le sealbhú teanga an pháiste trí rannpháirtíocht agus ionsú iomlán; ní fhágtar ar a gconlán féin iad. Cé go labhraíonn na múinteoirí Gaeilge leis na páistí ón gcéad lá ar aghaidh, úsáideann siad comharthaíocht choirp, pictiúir agus tuin chainte le cinntiú go dtuigtear iad. Ar dtús, freagraíonn na páistí ina dteanga bhaile féin, ach foghlaimíonn siad go tapa go labhraítear Gaeilge leis an múinteoir agus lena comhscoláirí.

Bainfidh páistí nach bhfuil an Ghaeilge ná an Béarla mar ghnáth-theanga bhaile acu tairbhe as an tumoideachas agus rachaidh sé chun a leasa i dtaobh shealbhú an Bhéarla. Tá tacaíochtaí ar fáil i scoileanna lán-Ghaeilge do pháistí a bhfuil an Béarla mar theanga bhreise acu, díreach mar atá siad i scoileanna eile. Leis an tumoideachas, méadaíonn cumas na ndaltaí i dteangacha eile (an Béarla san áireamh) seachas a mhalairt. Bíonn na próisis chognaíocha chéanna i gceist le teangacha i gcoitinne; aistrítear na scileanna agus coincheapa a shealbhaítear i dteanga amháin go teanga eile agus próiseáiltear iad i gceann den dá theanga óir bíonn siad ag idirghníomhú le chéile.

Caoinfhulaingt agus Féinmhuinín Mhéadaithe

Cothaíonn an tumoideachas leibhéil níos airde caoinfhulaingthe i measc páistí. Bíonn níos mó teagmhála ag na daltaí le cultúir éagsúla agus bíonn meas níos mó acu orthu, rud a spreagann ilchultúrachas níos doimhne agus níos lú ciníochais dá réir. Tugann an dátheangachas tuiscint níos fearr do na daltaí ar a gcuid féiniúlachta féin agus mar thoradh air sin bíonn feinmheas níos mó acu.

Buntáistí Acadúla

LéamhFaigheann páistí cur amach níos fearr ar chúrsaí meititheangeolaíochta tríd an dátheangachas. Bíonn tuiscint níos fearr acu ar bhunchlocha teanga – gramadach, bunú focal, ord abairtí – agus faigheann siad scileanna inaistrithe a gcabhraíonn leo teangacha eile a fhoghlaim.

Bíonn gnóthachtáil níos airde sa Bhéarla agus sa Mhata araon ag daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge i gcomparáid lena bpiarghrúpa i scoileanna lán-Bhéarla. Is mó seans go gcuirtear curaclam níos leithne ar fáil i scoileanna lán-Ghaeilge ná mar a chuirtear ar fáil i scoileanna de chineálacha eile.

Cuirtear na tacaíochtaí céanna ar fáil do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna lán-Ghaeilge agus baineann siad an leas céanna as an oideachas dátheangach. Freastalaíonn scoileanna lán-Ghaeilge ar pháistí faoi mhíchumas fisiciúil agus faoi mhíchumas intleachta go rialta; daltaí le deacrachtaí radhairc agus éisteachta, neamhoird de chuid speictream an uathachais, disléicse, agus riachtanais speisialta oideachais eile. Tá cead á thabhairt do roinnt scoileanna lán-Ghaeilge aonaid speisialta a oscailt le freastal ar pháistí le riachtanais bhreise. Maítear nach ndéanann an t-oideachas dátheangach aon dochar do pháistí le riachtanais speisialta oideachais agus dearbhaítear an méid seo ina thaobh ‘Bilingual education…does no harm and clearly does contribute to social-emotional and interpersonal growth’ – Tuairisc NCSE, 2011

Tagairtí agus Acmhainní Breise

Baker (2003) A Parents’ and Teachers’ Guide to Bilingualism
Bialystok & Codd (1997) Cardinal limits: Evidence from language awareness and bilingualism for developing concepts of number
Bialystok et al. (2005) Cognitive and Linguistic Processing in the Bilingual Mind
Ianco-Worall (1972) Bilingualism and Cognitive Development
Kharkhurin (2008) The effect of linguistic proficiency, age of second language acquisition, and length of exposure to a new cultural environment on bilinguals’ divergent thinking
Peal & Lambert (1962) The relation of bilingualism to intelligence