Méid an Téacs

Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2017

Ba mhór le Gaeloideachas agus COGG ár mbuíochas a ghabháil le rannpháirtithe uile Thionól Forbartha 2017, a bhí ar siúl san Óstán Mullingar Park, an Iarmhí ar an 24 Samhain 2017. Bhí scoth na gcainteoirí linn ar an lá a roinn a gcuid saineolais, dea-chleachtais agus taithí go fial le toscairí.  Gabhaimid buíochas ar leith leis na cainteoirí a cheadaigh dúinn a gcuid cur i láthair a roinnt anseo, tá súil againn cur leis an ábhar thíos amach anseo.

Clár na Comhdhála

Clár Thionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG 2017

Aiseolas

Cabhraigh linn comhdháil 2018 a phleanáil trí aiseolas a thabhairt dúinn ar Thionól Forbartha 2017. Ní thógann an suirbhé ach cúpla nóiméad agus cuirfear gach éinne a líonann isteach é i gcrannchur le péire ticéad a bhuachan do chomhdháil 2018 agus béile ceiliúrtha na hócáide.

Ollseisiúin na Comhdhála

ABD-FFT: Beathaíonn na Briathra is Neamhrialta na Bráithre. Cúrsaí gramadaí/cruinnis agus straitéisí teagaisc na gramadaí – Muireann Ní Bheaglaoich, Teagascóir Gaeilge trasleibhéil,aistritheoir Gaeilge

Eochairaitheasc an Tionóil: Cothrom na Féinne – An tOllamh Alan Titley (le teacht)

Ó Rang na Naíonán go Rang na hArdteiste: Borradh, Beachtú agus Buanú na Teanga – An Dr TJ Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál & Maebh Uí Ainiféin, Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Co. Chorcaí

 

Bunscoileanna

Ag Forbairt Scileanna Eolaíochta agus Mata le Lego WeDo 2.0 – Frank Ó Tormaigh, Gaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath

Ag Spreagadh na Léitheoireachta – moltaí praiticiúla & acmhainní úsáideacha – Máire Nic an Rí, COGG

Cur siar mhúineadh an Bhéarla: cúiseanna agus cleachtais – An Dr Pádraig Ó Duibhir, Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath & An Dr Conchúr Ó Brolcháin, Coláiste Mhuire gan Smál (Ollscoil Luimnigh)

Cursaí Tumoideachais agus Curaclam Teanga na Bunscoile sa suíomh ilranga – Eithne Ní Dhubhghaill & Bríd Ní Dhonnchadha, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí

Ré nua – ag ullmhú do thodhchaí an oideachais speisialta –  Muireann Ní Arrachtáin, Scoil na nÓg, Gleann Maghair, Co. Chorcaí

Iarbhunscoileanna

An drámaíocht a úsáid mar acmhainn ranga chun an Spáinnis, an Ghaeilge & an Fhraincis a mhúineadh – Rachel Ní Fhionnáin, Gaelcholáiste an Phiarsaigh

An Eolaíocht: Torthaí Foghlama á gCur i nGníomh – Dónal Ó Laoire, An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí

Conas na meáin dhigiteacha a úsáid sa seomra ranga iar-bhunleibhéil – Daithí Ó Geibheannaigh, Gaelcholáiste Luimnigh

Múineadh na Matamaitice ag leibhéal iar-bhunscoile – féidearthachtaí na teicneolaíochta – Deborah Ní Cheallaigh, Aonad Loch Gile, Coláiste na Trócaire

Seisiún Eolais ar an tSraith Shóisearach dírithe ar na nuatheangacha le comhairleoirí ón tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí