Méid an Téacs

Seastáin agus Fógraí

Beidh Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG ar siúl in Óstán an Clayton, Gaillimh, ar an Aoine, an 16 Samhain 2018. Freastlaíonn ionadaithe ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre ar an ócáid bhliantúil seo. Táthar ag súil go mbeidh 300 toscaire i láthair ag Tionól Forbartha 2018.

Tugann an Tionól Forbartha deis uathúil d’eagraíochtaí agus comhlachtaí eolas maidir lena gcuid seirbhísí agus táirgí d’earnáil an oideachais lán-Ghaeilge a chur os comhair múinteoirí, príomhoidí, taighdeoirí agus daoine eile. Arís i mbliana, beidh rogha deiseanna maidir le fógraíocht:

Seastán a ghlacadh sa Taispeántas Seastán

Léigh anseo, le do thoil, na téarmaí agus coinníollacha mar a bhaineann le seastán a bheith agat ag an Tionól Forbartha. 

nó/agus

Fógra a ghlacadh i gclár an Tionóil

Léigh anseo, le do thoil, na téarmaí agus coinníollacha mar a bhaineann le fógra a bheith agat i gclár an Tionól Forbartha.

Eolas:

Peigí Ní Chonghaile | peigi@gaeloideachas.ie | 087 9452452