Méid an Téacs

Comhdháil 2012

Féinmheastóireacht, Forbairt, Feabhas

Bhí an-rath ar an gComhdháil Oideachais a reáchtáladh i gcomhpháirt le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo i nGaillimh ar an 23 Samhain 2012. Deis iontach a bhí sa chomhdháil seo múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí, eagraíochtaí Gaeilge agus pobal na háite a tharraingt le chéile. Pléadh mórcheisteanna na hearnála agus ceiliúradh an córas gaeloideachais.

D’fháilteoimis go mór roimh aiseolas i leith na Comhdhála. Is féidir na foirmeacha aiseolais a scaipeadh ag an gComhdháil a sheoladh chugainn sa phost (GAELSCOILEANNA TEO., Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9) nó is féidir suirbhé a líonadh amach ar líne: Suirbhé

Seo thíos roinnt ábhar ón gComhdháil, léacht na Comhdhála agus ceardlanna (cuirfear leis an ábhar de réir a chéile):

Clár

Tuarascáil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO.

Preasráiteas na Comhdhála

Grianghraifeanna

Bunscoileanna & Iar-bhunscoileanna –

Léacht: Peirspictíocht na pleanála teanga i gcur i bhfeidhm na straitéise litearthachta agus uimhearthachta sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

An Dr Muiris Ó Laoire, Léachtóir Sinsearach, Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí.

Féinmheastóireacht agus plean forbartha scoile sa scoil lán-Ghaeilge/ Gaeltachta
Marina Ní Threasaigh, cigire bunscoile & Eibhlín Ní Scannláin, cigire le Gaeilge.

Bunscoileanna –

Cur chun cinn Aistear sa chóras tumoideachais
Sibéal Breathnach, Gaelscoil Chill Dara
 
Múineadh na gramadaí sna hardranganna sna bunscoileanna Gaeltachta/ lán-Ghaeilge: Cur chuige rathúil taitneamhach
Pádraig Ó Duibhir, Coláiste Phádraig & Aisling Ní Dhiorbháin, Scoil Naithí.
 
Teagasc agus Foghlaim na matamaitice sna scoileanna lán-Ghaeilge / Gaeltachta
Ríomhaireachtaí_póstaer, Cártaí Teanga A, Cártaí Teanga B, Cártaí Teanga_Míniú,
Ceannach is Fearr, Ceistiú ó oidí, Fadhbanna i bhfoirm focal, Fíor i gcónaí
Majella Mhic Cionnaith, An tSeirbhís Chomhairleach don Churaclam (CASS i dTuaisceart Éireann)

Iar-bhunscoileanna –

Straitéisí éifeachtacha don idirbhliain – béim ar úsáid Teastas Eorpach na Gaeilge i gcur chun cinn na Gaeilge
Bileog don cheardlann
Siuán Ní Mhaonaigh, Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
 
Athruithe ag teacht i bhfeidhm ar an Teastas Shóisearaigh
Reuben Ó Conluain, An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe