Méid an Téacs

Comhdháil: Forbairt na Ceannasaíochta sa Bhunscoil lán-Ghaeilge

Is oth le GAELSCOILEANNA TEO. a chur in iúl duit go raibh orainn an chomhdháil a bhí beartaithe do mhí Lúnasa ar fhorbairt na ceannasaíochta a chur ar ceal i bhfianaise a laghad rannpháirtithe a bhí cláraithe. Ón aiseolas a fuair muid, tá an-fhiúntas leis an gclár féin ach ní fheileann an tseachtain sin (22-23 Lúnasa) agus daoine ar saoire an tsamhraidh go fóill. Faraor, ní raibh aon tsolúbthacht ann i dtaobh na ndátaí mar go raibh sé le bheith mar chuid de scoil samhraidh an RTU ó thuaidh.

Ba mhaith linn áfach triail a bhaint as é a rith arís, b’fhéidir sa bhfómhair, agus d’fháilteoimis go mór roimh aon mholtaí uait maidir le:-

  • Tréimhsí/téarmaí feiliúnacha i ndialann an Phríomhoide/Leas-Phríomhoidí?
  • Laethanta: an bhfeilfeadh lá iomlán Aoine agus Satharn éigin?
  • Suíomh: an mbeadh BÁC nó suíomh eile lár tíre feiliúnach le haghaidh oiliúna uile-oileánda ó thaobh rochtana de?

Is féidir moltaí a sheoladh ar ríomhphost chuig blathnaid@gaelscoileanna.ie. Gabhaimid buíochas leo siúd a chláraigh don oiliúint agus tá súil againn go bhfeilfeadh cibé socrú nua a dhéanfar amach anseo duit.

Eolas maidir leis an gComhdháil:

An chéad chomhdháil uile-oileánda riamh ar fhorbairt na ceannasaíochta sna bunscoileanna lán-Ghaeilge. Comhthionscadal idir An Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas; Ionad Réigiúnach Oiliúna agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí.

Tá clár an-fhiúntach agus mealltach curtha le chéile againn ar riachtanais oiliúna a thagann chun cinn ó phríomhoidí go leanúnach agus tá súil againn go gcabhróidh an clár seo le ceannasaithe dul i ngleic leis na dúshláin agus na deiseanna atá ann san earnáil lán-Ghaeilge ar mhaithe lena bhforbairt ghairmiúil phearsanta féin agus forbairt a gcuid foirne.

Rannpháirtithe:

Príomhoidí/leasphríomhoide ó gach bunscoil lán-Ghaeilge ar bhonn 32 contae, Gaeltacht san áireamh mar aon le príomhoidí agus comhordaitheoirí na nAonad: Cuirfear áiseanna comhuaineacha ar fáil do phríomhoidí na nAonad.

Clár na Comhdhála:

  • Ról na gCeannasaithe sa Scoil Lán-Ghaeilge
  • Tarmligean dualgais – foireann bhainistíochta agus foireann iomlán
  • Forbairt na meán-cheannasaíochta le róil agus freagrachtaí soiléire Ag cinntiú Ardchaighdeán Oideachais
  • Ionduchtú agus meántóireacht do mhúinteoirí nua
  • Forbairt Ghairmiúil an Mhúinteora
  • Measúnú Uile Scoile agus Féinmheasúnú i dtreo barr fheabhais: tábhacht, impleachtaí agus feidhmiú éifeachtach
  • Ceannasaíocht Teanga Shóisialta / Chumarsáide na scoile
  • Polasaí na Gaeilge / sainmheon teanga na scoile a chaomhnú
  • Cruinneas na bpáistí / na múinteoirí / na foirne
  • Gaeilge sa chlós / lasmuigh den fhoghlaim fhoirmiúil
  • Pleanáil uile scoile  (cúrsaí curaclaim san áireamh)
  • Cur chuige an tumoideachais
  • Léitheoireacht an Bhéarla agus na Gaeilge sa scoil lán-Ghaeilge
  • Ag Cothú Cultúir Dearfaigh
  • Gaol a chothú idir an scoil agus an scoilphobal / mórphobal
  • Cur chuige cumarsáide le páirtithe éagsúla
  • Comhoibriú idir scoileanna

Bróisiúr Eolais