Review of Leaving and Junior Cert promised
Márta 7, 2011
Mamó agus an Peileadóir á léamh ar Raidió na Life
Márta 4, 2011
Beidh sliocht as an leabhar nuafhoilsithe Mamó agus an Peileadóir le Pauline Devine á léamh ag Aedín Ó Ruairc, dalta i rang a ceathair i nGaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán ar Raidió na Life ag 12pm ar an Domhnach beag seo, an 6ú Márta. Bígí ag éisteacht!
An Chéad Chéim – Forbairt Naíonraí Teo.
Márta 4, 2011
Le tús a chur le Seachtain na Gaeilge, tá bronntanas againn daoibh!
Is foilseachán bunúsach ach úsáideach é An Chéad Chéim. Tá sé dírithe ar dhaoine a oibríonn le páistí ach úsáideann tuismitheoirí é chomh maith do bhunfhocail agus frásaí gur féidir a úsáid sa bhaile.
Tá sé lán le focail, frásaí agus rann simplí gur féidir a úsáid le páistí ar maidin, ag am lóin, breithlaethanta agus mórán uaireanta eile.
An rud is fearr faoi – tá sé SAOR IN AISCE! Is féidir é a íoslódáil ó shuíomh FNT anseo.
Chuirfeadh moladh Enda caidhp báis go deo ar an dteanga labhartha
Márta 4, 2011
A Dhuine chóir
Ba bhreá liom ar ndóigh na polaiteoirí Mícheál, Enda agus Éamon a chloisteáil ag díospóireacht go líofa as Gaeilge ar TG4 le gairid.
Ach nach do-chreidte ar fad an scéal é an oiread sin íontasa bheith ar dhaoine maidir leis an méid sin. An amhlaidh go mbeadh íontas ar mhuintir náisiún ar bith eile a gcuid polaiteoirí a chloisteáil ag labhairt ar an teilifis ina dteangain dúchasach féin?
Caithfidh go bhfuil rud éigin bun os cionn le modh múinte Gaeilge nuair nach bhfuil formhór scoláirí scoile in ann cúpla abairt simplí a chur le chéile sa teangain tharéis 13 no 14 blian á foghlaim. Ach mar sin féin, ní ceart, cóir na feiliúnach Gaeilge bheith roghnach don Ard-Teist, mar ata molta ag Enda, mar cuirfeadh sé sin an caidhp báis go deo ar an dteanga labhartha.
Is mise,
le gach dea-ghuí
Bhéra Ni Aodha
An Cheathrún Chaol
Móta Gráinne Óige
Co. na hIarmhí
Gaelscéal – Litir chuig an Eagarthóir
B’fhearr an Ghaeilge a bheith roghnach
Márta 4, 2011
A Chara,
Bím ag éisteacht le díospóireachtaí agus argóintí ar son agus i gcoinne na Gaeilge maidir léi mar ábhar ar chúrsa na hÁrdteiste agus tuigim an dá thaobh.
Táim féin ag saothrú ar son na Gaeilge gan stad, agus tá grá don teanga Náisiunta go láidir im’chroí, bím ag plé le forbairt agus teagasc na Gaeilge ó lá go lá. Aontaim leis ‘an bpointe nua’ maidir leis an Ardteist mar creidim i bhfírinne an tseanfhocail… ‘Is féidir an capall a thabhairt chun uisce ach ní féidir iachall a chur air é a hól!’ Ceapaim gurbh é an díobháil ba mhó a tharla don Ghaeilge riamh ná gur ruaigeadh Sean-chló na teangan mar thóg sé carachtair agus stíl speisialta a bhain le blas agus litríocht na Gaeilge chun suim na ndaltaí scoil a mhealladh maidir le foghlaim na Gaeilge. Feicim na deacrachtaí atá ag scoláiri ag foghlaim Gaeilge agus cé gur ábhar fíor-álainn Í, ní haon dochar a rá gur ábhar casta go leor le foghlaim Í.
Creidim gur fearr é a bheith mar rogha an dalta, seachas mar ábhar riachtanach agus creidim chomh maith, go bhfuil an-suim agus grá ag a lán daoine óga don Ghaeilge agus gur cheart Scéim a chur i bhfeidhm san Roinn Oideachais, Gaeltachta a mheallfadh scoláirí leanúint ar aghaidh le hábhar na Gaeilge. Feicim daltaí ag obair go cruaidh le haghaidh Scrúdú Béil (Múinteoireachta) agus caighdeán an-íseal ach, go bhfóra Dia orthu agus bím beagáinín imníoch faoi chaighdeán na Gaeilge san tseomra ranga ina dhiadh, nuair atá deacrachtaí ag na múinteoirí. Táim ag moladh gan stad gur cheart múinteoir le cáilíocht in ábhar na Gaeilge (Céim onórach mar shampla) a bheith ar an bhfoireann sa bhun-scoil ag déileáil speisialta le hoiliúint na teangan náisiúnta.
Mholfainn bónas a hofráil don dalta, mac-léinn a thogfadh Gaeilge mar ábhar san dara Leibhéal agus ba cheart an t-eolas sin a bheith ar Chlár na Meán-Scoile ag tosnú leis an gcéad bhliain. Ba mhór an gríosú, spreagahd dá mbeadh pointí breise mar luach saothair agus aitheantas don scoláire a gheobhaidh marcanna arda san Árdteist agus bheadh caighdeán B, ar a laghad riachtanach le haghaidh múinteoireachta. Sin iad mo mholtaí maidir le caomhnú na Gaeilge mar ábhar speisialta agus creidim go mbeadh struchtúr agus spiorad i bhfad níos dáiríre agus níos bríomhaire ag gabháil le hoiliúint na Teangan agus daltaí oilte i slí éifeachtach, gan aon bhrú curtha orthu. Mol an Óige agus tiocfaidh sí… Meall mic-léinn na Gaeilge agus oibreoidh siad…
Mise le meas
Eilís Ui Bhriain
Caisleán ui Liatháin
Co. Chorcaí
Gaelscéal – Litir chuig an Eagarthóir
SEACHTAIN NA GAEILGE 2011 5 – 17 MÁRTA
Márta 3, 2011
Is féile bhliantúil í Seachtain na Gaeilge a spreagann úsáid theanga agus chultúr na Gaeilge sa bhaile agus thar lear agus beidh sí ar siúl ón 5 – 17 Márta 2011. Le himeachtaí idir thráthnóna comhrá agus chéilithe sráide; blind date agus ranganna surfála ‘as Gaeilge’; tugann sé seans do gach éinne triail a bhaint as an nGaeilge is cuma más cainteoir dúchais nó foghlaimeoir nua atá ionat. Beidh ceolchoirm ‘Ceol’ ar siúl ar an 16ú Márta ag 7.30p.m. i Vicar Street, B.Á.C. 8 mar mór-imeacht Sheachtain na Gaeilge i gcabhair le Barnardos Ireland.
Tugann Seachtain na Gaeilge deis do gach éinne mothú compordach lena gcuid cúpla focail a úsáid agus i mbliana tá Bernard Dunne agus Craig Doyle tagtha ar bhord mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2011. Is iar-dornálaí proifisiúnta as Baile Átha Cliath é Bernard Dunne atá i ndiaidh neart suime a chur sa teanga le cúpla bliain anuas, ach go háirithe nuair a thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge arís in iarthar Bhaile Átha Cliath. Dúirt Bernard: ”Tá áthas orm go bhfuil mé bainteach le Seachtain na Gaeilge mar tá paisean pearsanta agam don teanga. Tá mo bheirt pháiste sa naíonra áitiúil, agus tá mé fhéin ag baint taitneamh as foghlaim na teanga.”
Is láithreoir teilifíse agus raidió é Craig Doyle as Baile Átha Cliath. Is ar ‘The Panel’ de chuid RTÉ a fheictear é na laethanta seo ag baint grinn as cúrsaí reatha an tsaoil. Tá clú aige mar fhear spóirt ón am caite aige leis an BBC, ach i mbliana tá sé ag léiriú don phobal an suim atá aige sa Ghaeilge. Agus é ag labhairt le Seachtain na Gaeilge, dúirt Craig: “Tá áthas orm a bheith páirteach le Seachtain na Gaeilge i mbliana. Mothaím go bhfuil an Ghaeilge an-tábhachtach agus mar chroí-lár chultúir agus oidhreacht na hÉireann. Tá mé fhéin ag tabhairt faoi foghlaim na teanga faoi láthair i ndiaidh na blianta, agus déanaim gach iarracht í a úsáid le mo chuid pháistí sa bhaile. Creidim go dtugann Seachtain na Gaeilge deis don bpobal an Ghaeilge a úsáid sa bhaile agus thar lear agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí eagraithe ag an bpobal don phobal. Táim ag súil go mór leis an bhféile!”
Beidh imeachtaí ag tarlú timpeall an domhain idir an 5ú agus 17ú Márta chun Seachtain na Gaeilge ’11 a cheiliúradh. Breathnaigh ar www.snag.ie le haghaidh liosta iomlán na n-imeachtaí a bheidh ar siúl. Mar sin, fiú mura bhfuil úsáid bainte agat as an teanga le tamall, dean iarracht í a labhairt le linn Sheachtain na Gaeilge!
Le haghaidh tuilleadh eolais, teagmhálaithe agallaimh nó íomhánna, déan teagmháil le:
Órla Nic Shuibhne – Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge 2011
F: 01 – 4757401, 087-9845760
E: orla@snag.ie
Irish is indeed alive, Mr Myers
Márta 3, 2011
Leanfaidh an feachtas le Gaeilge a chosaint
Márta 3, 2011
Is céim sa treo ceart an tuairim a thug Enda Kenny ar RnaG
LEANFAIDH feachtasóirí Gaeilge orthu chun an Ghaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach don Ardteist, go dtí go dtabharfaidh Enda Kenny cúl lena pholasaí Gaeilge. Cuireadh fáilte roimh ráiteas Kenny le gairid ina ndúirt sé go ndéanfaidh sé taighde eolaíoch ar mhúineadh na Gaeilge sula ndéanfar athrú ar bith ar an gcóras oideachais. Dar le hÉamonn Mac Niallais, urlabhraí do Ghuth na Gaeltachta, is céim sa treo ceart an tuairim seo a thug Enda Kenny ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ach nach ndéanfar dearmad ar an gceist seo toisc go bhfuil an t-olltoghchán thart. “Go dtí seo níl ann ach moladh pearsanta a bhí ag Enda Kenny, nach raibhbunaithe ar aon taighde nó comhairliúchán fiú le daoine ina pháirtí féin. Dúirt Dinny Mc Ginley nár labhair sé leis ar chor ar bith faoi. Is é an t-aon rud nach bhfuil ráite ag Enda Kenny ná an mbeidh sé sásta glacadh le pé moltaí a thagann as an taighde seo?” a dúirt sé.
Beidh sé ag cuardach cruinnithe leis an Taoiseach nua, leis an Aire Oideachais nua chomh maith leis an Aire Gaeltachta nua chun ceist na Gaeilge a phlé nuair a cheaptar iad. Níor éirigh le Mac Niallais agus a chomhfheachtasóirí bualadh le Enda Kenny i rith an fheachtais olltoghcháin ach tá sé dóchasach go leor go dtiocfaidh athrú ar an scéal seo go luath. Dúirt sé le Foinse: “Is cinnte go raibh sé sásta labhairt leis na meáin faoin ábhar seo ach go dtí seo ní raibh sé sásta bualadh linne. Sílim go mbeidh sé sásta bualadh linn anois agus an t-olltoghchán thart. Deir sé go bhfuil sé ag déanamh an méid seo ar son na teanga; táimid uilig á dhéanamh seo ar son na teanga.” Beidh an tUasal Mac Niallais agus Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge ag reáchtáil cruinniú eile ag 2pm ar an 11 Márta in óstán Menlo Park i gcathair na Gaillimhe.
Tá siad ag súil go mbaileoidh daoine le chéile chun an saineolas atá acu ar ról na Gaeilge sa chóras oideachais a roinnt agus chun liosta moltaí do Enda Kenny a chur le chéile. Dúirt sé: “Is gá breathnú ar an gcóras ina iomláine, ní amháin an Ardteist agus tá sé sin ar eolas ag Enda Kenny. “Beidh muid ag tabhairt daoine le chéile arís chun an taighde agus an saineolas atá againn a chur le chéile; cé na moltaí atá againn, cén dóigh is fearr chun an taighde sin a dhéanamh. Tá trí cheist againn do Enda Kenny:
1. An mbeidh COGG i gceannas ar an taighde eolaíoch a choimisiúnú?
2. Cén scála ama a bheidh i gceist?
3. Cén critéar a bheidh ann sa taighde?
Creideann Mac Niallais go léireoidh an taighde eolaíochta seo gur tubaiste don teanga a bheadh ann, deireadh a chur leis an nGaeilge mar chroíábhar Ardteiste. Dúirt sé le Foinse nach gcreideann saineolaí ar bith go dtiocfadh bláth nó fás ar an teanga le polasaí mar seo. “Níl aon dabht faoi ach go bhfuil teipthe ar an gcóras an líofacht Ghaeilge a thabhairt do dhaltaí a ba mhaith linn” a dúirt sé. “É sin ráite, níl teipthe ar an gcóras go hiomlán mar go bhfuil cuid mhaith daoine a bhfuil líofacht mhaith bainte amach acu. Mar sin de, séard atá le déanamh ná taighde a dhéanamh ar an chaighdeán atá á bhaint amach i gcomparáid leis an chaighdeán inmhianaithe. Ní amháin sin ach ba chóir ansin breathnú ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta ó thaobh múineadh agus sealbhú mionteangacha de.” Táthar ag súil go ndeimhneofar Enda Kenny mar Thaoiseach ar chomhrialtas nua le Páirtí an Lucht Oibre, páirtí a thacaíonn leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach. Is é seo an toradh is fearr riamh do lucht Fhine Gael agus 76 suíochán buaite acu go dtí seo. D’éirigh le Páirtí an Lucht Oibre 37 suíochán a fháil agus chaill Fianna Fáil níos mó ná caoga suíochán. D’éirigh go maith le Sinn Féin freisin, páirtí a bhfuil polasaí láidir Gaeilge acu chomh maith. Tá 14 shuíochán buaite acu san olltoghchán seo, níos mó suíochán ná le 90 bliain anuas.
Foinse – Orla Bradshaw
Gaeilge ar an chlár
Márta 3, 2011
TÁ Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le dul i dteagmháil le gach ball den rialtas nua le háit na Gaeilge a chinntiú ar Chlár an Rialtais, a scríobhann Pól Ó Muirí.
Dúirt stiúrthóir an eagrais, Pádraig Mac Criostail, go raibh siad ag iarraidh ar an rialtas nua go mbeadh a bpolasaí teanga “bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú”.
Bhunaigh an chomhdháil a bhfeachtas réamhthoghchánaíochta ar cheithre sprioc: tábhacht na Gaeilge don fhéiniúlacht náisiúnta; stádas na Gaeilge a chosaint agus a neartú; an Ghaeilge a chothú mar theanga bheo sa Ghaeltacht agus lasmuigh di; agus ceart gach saoránach Gaeilge a úsáid i ngach gné dá shaol.
Chuir an t-eagras deich n-éileamh faoi bhráid iarrthóirí toghcháin agus bhí rún acu oibriú “go dian dícheallach” le cinntiú go mbeadh na héilimh seo san áireamh agus Clár an Rialtais á ullmhú.
Creideann siad gur chóir go mbunófaí struchtúir chuí leis an straitéis teanga 20 bliain a chur i gcrích go héifeachtach. Ba mhaith leo go ndéanfaí soiléiriú ar chúraimí Údarás na Gaeltachta agus go mbeidh an tacaíocht chuí ag an eagras le cúrsaí fiontraíochta a chur chun cinn.
Tá an t-eagras ar son an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar san Ardteist agus go seasfaidh sí mar riachtanas iontrála don tríú leibhéal.
Athbhreithniú ar bhunscoileanna beaga
Márta 3, 2011
Tá an Roinn Oideachais ag lorg aighneachtaí faoin athbhreithniú atá ar bun acu faoi lathair maidir le bunscoileanna beaga (níos lú na 50 dalta).
Beidh scoileanna beaga Gaeltachta i gceist san athbhreithniú seo agus tá an chontúirt ann go mbeadh brú ar chuid acu nascadh le scoileanna ina bhfuil an bhéarla mar mheán teagaisc iontu.
Tá Guth na Gaeltachta ag iarraidh ar an bpobal tacaíocht a leiriú do na scoileanna seo trí aighneacht a sheoladh isteach chuig Roinn an Oideachais ag déanamh cur síos ar thábhacht na teanga agus na scoile go ginearálta sna pobail bheaga tuaithe seo.
Tá na haighneachtaí le bheith istigh roimh an 18 Márta.