Méid an Téacs

Samhail Úr EILE do na heagrais Ghaeilge

Meán Fómhair 5, 2012

Tá sé ceithre bliana fhada ó chualamar trácht den chéad uair ar Shamhail Nua Mhaoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge. Ar foghlaimíodh aon cheacht sa tréimhse seo?

Ó bunaíodh Foras na Gaeilge faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá maoiniú bliantúil curtha ar fáil aige d’eagraíochtaí Gaeilge fud fad na tíre.

19 n-eagras san iomlán a fhaigheann an bunmhaoiniú seo ó Fhoras na Gaeilge, agus sa bhliain 2009 fuair Foras na Gaeilge treoir ón gComhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) chun athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a chuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Gaeilge.

Agus treoir faighte acu ón gCATT, tháinig Foras na Gaeilge aníos le punann scéimeanna i mí Bealtaine 2010, ar thug siad an tSamhail Nua Mhaoinithe uirthi. In áit a bheith ag bronnadh airgid ar bhonn eagraíochtúil, bhí i gceist ag an bhForas maoiniú a chur ar fáil ar bhonn iomaíoch, is é sin go mbeadh scéimeanna ar fáil de réir catagóirí éagsúla agus go mbeadh iarrthóirí á maoiniú bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtionscadal luaite sna scéimeanna.

Le linn an ama, bhí an tsamhail á forbairt de réir a chéile, agus d’ardaigh agus d’ísligh líon na scéimeanna, go dtí gur cuireadh mearbhall iomlán ar an bpobal. Seacht scéim a fógraíodh ar dtús báire, d’ardaigh seo go dtí 10 scéim i gcomhthráth le próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl bunaithe ar an tsamhail de seacht scéim, agus ar deireadh thiar, sular caitheadh an tsamhail sna traipéisí, is ar ocht scéim a bhíothas ag díriú.

Le buaiteoir amháin tuartha do gach scéim, seachas an scéim raidió pobail a bhí luaite mar eisceacht, ba léir go raibh tua le titim ar líon na n-eagras Gaeilge.

Ní nach ionadh, níor aontaigh na heagrais Ghaeilge leis an bpunann ó foilsíodh í ar dtús báire.

D’éiligh siad plé oscailte, comhairleoireacht neamhspleách, saineolas sa phleanáil teanga, trédhearcacht sa phróiseas, ionchur ar bhonn comhpháirtíochta, agus thar aon rud eile d’éiligh siad fianaise nó cruthúnas bunaithe ar thaighde go mbeadh an tsamhail úr níos éifeachtaí nó níos éifeachtúla ná an stádas reatha.

Léirigh na heagrais Ghaeilge a míshástacht i leith na samhla go poiblí arís agus arís eile. Is fíor nár chabhraigh sé pioc le cur chun cinn na Gaeilge le blianta anuas, go raibh conspóid, aighneas agus teannas poiblí le feiceáil idir eagraíochtaí deonacha na Gaeilge agus Foras na Gaeilge, eagraíocht stáit a bunaíodh chun ceannaireacht a thabhairt don earnáil.

Theastaigh athrú ó Fhoras na Gaeilge, toisc nach raibh an múnla maoinithe eagraíochtúil reatha inmharthana dar leo, ach ba é an léamh lom a bhí ag na heagrais ar an tsamhail a cuireadh rompu ná gur theastaigh ó Fhoras na Gaeilge go ndéanfaí obair na Gaeilge feasta trí thairiscintí a lorg ar líon teoranta scéimeanna nach mairfeadh ach ar feadh trí bliana.

Tá curtha in iúl ag na heagrais go n-aithníonn siad an gá le forbairt agus le cuíchóiriú ar mhaithe leis na torthaí is fearr a bhaint amach, ar an luach is fearr ar airgead.

Tá curtha in iúl freisin ag na heagraíochtaí go bhfuil siad lánsásta obair ar bhonn comhpháirtíochta leis an bhForas chun teacht ar mhúnlaí nua oibre, a rachadh chun tairbhe na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Níos luaithe i mbliana, ar threoir ón gCATT thionscain Foras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin phoiblí ar an tsamhail nua mhaoinithe.

Labhair an pobal amach go láidir i gcoinne na samhla ag gach aon chruinniú poiblí a eagraíodh.

Thuairiscigh an Foras don CATT go bhfuair siad 167 aighneacht ón bpobal ach dar leis na heagrais gur chuir a mbaill níos mó ná deich n-oiread den méid sin aighneachtaí faoi bhráid an Fhorais. Chuir buíon de shaineolaithe sa phleanáil teanga litir chuig Foras na Gaeilge mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ag cáineadh na samhla.

Cé gur foilsíodh an litir seo i nuachtáin náisiúnta, níor cláraíodh an comhfhreagras seo, a seoladh chuig Foras na Gaeilge roimh spriocdháta an phróisis chomhairliúcháin, mar aighneacht ar shuíomh Fhoras na Gaeilge. Bhí an pobal míshásta leis an bpunann scéimeanna ach míshásta freisin leis an bpróiseas comhairliúcháin ó tharla go bhfacthas dóibh nach raibh á bhfáil acu ach cluas bhodhar.

I ndiaidh an phróisis chomhairliúcháin is déanaí a tháinig chun críche ag tús mhí Aibreáin, d’fhoilsigh an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht tuarascáil ar mhaoiniú na n-eagras amach anseo.

Sa tuairisc seo mhol an Comhchoiste gur cheart bunmhaoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí chun seirbhísí fíorthábhachtacha a chinntiú do phobal na Gaeilge, agus nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairiscint iomaíoch. Tháinig tuairisc an Chomhchoiste sna sála ar rún a ritheadh i dTionól Thuaisceart Éireann ag léiriú amhrais faoin tsamhail.

I bhfianaise thorthaí an phróisis chomhairliúcháin, agus an bhrú pholaitiúil, d’fhógair Bord Fhoras na Gaeilge, a bhí nuacheaptha cúig mhí roimhe sin, deireadh leis an tSamhail.

Is trua é gur caitheadh oiread ama agus fuinnimh le ceithre bliana ag plé samhla nuair ba léir go raibh an tsamhail dofheidhmithe ón gcéad lá riamh gan tacaíocht ó na heagrais. Agus deireadh na Samhla fógartha anois, an féidir aon cheo a fhoghlaim ón gceithre bliana atá caite?

An bhfuil an mhuinín caillte ag na heagrais Ghaeilge, nó go deimhin ag pobal na Gaeilge, as an bhForas? Ar thaobh amháin de tá an bhearna idir na heagrais agus Foras na Gaeilge níos mó ná riamh, ach ar an taobh eile de, tá na heagrais féin tar éis aithne níos fearr a chur ar a chéile tríd an bpróiseas, agus comhoibriú orgánach tarlaithe eatarthu dá réir.

Cé gur fógraíodh deireadh leis an tsamhail áirithe seo, tá an Foras fós freagrach as treoir na Comhairle Aireachta, is é sin go gcuirfí cuíchóiriú i bhfeidhm san earnáil.

Ag deireadh mhí Iúil, gan ach fógra coicíse, b’éigean do cheannasaithe na n-eagras Gaeilge a gcláir oibre a fhágáil ar leataobh, agus trí lá a chaitheamh i mbun ceardlann faoi stiúir Dhónaill Uí Bhraonáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus trí sprioc leagtha rompu:

1. Bearnaí a aithint sa soláthar reatha

2. Réimsí sa soláthar reatha a aithint

3. Na réimsí riachtanacha agus is mó tábhacht ar chóir tosaíocht a thabhairt dóibh a shainaithint.

Anuas air na ceardlanna seo, tá cuireadh tugtha ag Foras na Gaeilge do na heagrais Ghaeilge teacht chun cruinnithe leo, de réir réimsí oibre chun an cuíchóiriú a phlé.

Ar an drochuair níl an bhagairt ama a bhí ag déanamh tinnis do na heagrais go dtí seo, agus a chur bac ar phlé oscailte dar leo, ídithe os rud é go bhfuil Foras na Gaeilge ag súil le tuairisciú a dhéanamh ar shamhail nua mhaoinithe don CATT ag a gcruinniú i mí na Samhna 2012.

Tá curtha in iúl ag Foras na Gaeilge go mbeidh cruinnithe acu leis na heagrais an tseachtain seo ó Luan – Déardaoin. Cuirfear múnla nua maoinithe le chéile Dé hAoine, a scaipfear ar an Luan agus tabharfar ceithre lá oibre d’eagrais chun a n-aiseolas a chur in iúl don Fhoras. Rachaidh an t-aiseolas faoi bhráid an Choiste Forbartha an tseachtain dár gcionn, agus cuirfear eolas ar an múnla nuafhorbartha seo chuig baill Boird ar an 18 Meán Fómhair, le plé ag a gcruinniú ar 28 Meán Fómhair. Má ghlacann an Bord leis an múnla nua, beidh cás gnó le scríobh a chuirfear faoi bhráid na CATT ag a gcruinniú mí na Samhna.

Ar ndóigh tá na heagrais ag súil go mbeidh aon samhail nua mhaoinithe fréamhaithe i gcoincheapa na pleanála teanga, agus go ndéanfar anailís iomlán ar an soláthar reatha sula mbeartófar ar mhúnla nua don todhchaí.

Foilsithe ar Gaelport.com

Time for education minister to have faith in his ideals

Meán Fómhair 3, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Your chance to learn Irish

Meán Fómhair 3, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

The empty wallet

Meán Fómhair 3, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Gaelscoil Neachtain to greet first pupils

Meán Fómhair 3, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Le Chéile Trí Chultúr – ag tógáil droichead idir óige an tuaiscirt

Meán Fómhair 3, 2012

Le filleadh na scoileanna an tseachtain seo, ta tús á chur le tionscadal ceannródaíoch ‘Le Chéile Trí Chultúr’ i scoileanna ar fud an Tuaiscirt.

Tiocfaidh 36 scoil ón phobal aontachtach agus ó phobal náisiúnach le chéile le comhthuiscint a chothú trí chomhoidhreacht na Gaeilge.

D’fhiosraigh Meon Eile bunú na scéime, an tréimhse phíolótach agus na féidearthachtaí forbartha: féach an físeán anseo.

Is leor beirt

Lúnasa 31, 2012

Tá Conradh na Gaeilge ag ullmhú liosta d’ionaid breise don scéim Is Leor Beirt.

Mar bhunús na scéime seo eagrófar ionaid inár bhféidir le daoine bualadh le chéile trí Ghaeilge le haghaidh gnáth sos caife nó lón ag am agus ar lá cinnte gach seachtain nó mí. Sna hionaid seo beidh ar a laghad beirt chainteoir Gaeilge a chuirfidh fáilte roimh dhaoine eile.

Is féidir le grúpaí nua ceangail leis an scéim agus is féidir é sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le Bairbre Ní Fhlatharta ó Chonradh na Gaeilge 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie.

Cuirfear cúnamh ar fáil dóibh chun an grúpa a chur ar a chosa.

www.advertiser.ie/galway

Lá Idirnáisiúnta Litearthachta Domhanda

Lúnasa 31, 2012

Léiríonn taighde gurb é léitheoireacht os ard an rud is tábhachtaí gur féidir le tuismitheoir nó oideoir a dhéanamh do pháiste maidir le forbairt agus rath acadúil. Tá dlúthchaidreamh idir litearthacht agus teanga – caithfidh bunús láidir teanga a bheith ag páiste le bheith ina léitheoir maith, agus ar an gcuma chéanna, forbróidh léitheoireacht forbairt teanga an pháiste.

Lá Idirnáisiúnta Litearthachta Domhanda atá ann Dé Sathairn, 8 Meán Fómhair. Molann muid an lá seo a úsáid le ham a chaitheamh ag léamh le do pháiste agus ag baint sult as an ngníomh agus as forbairt stór foclaíochta an pháiste ag an am céanna.

*Mar chuid den ‘Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011-2020’, tá leabhar saor in aisce, Ruairí agus Úna, á thabhairt ag FNT do gach páiste sa tír atá ag freastal ar Naíonra. Má tá an leabhar faighte ag do pháiste, seo deis iontach len é a léamh leis!

Tuilleadh eolais faoin lá ar fáil ar www.unesco.org.

Foinse: Forbairt Naíonraí Teo. 

Bí mar chuid don tionscadal náisiúnta: Our Life in One Day

Lúnasa 31, 2012

Tá RTÉ agus Macalla Teoranta ag iarraidh orthu siúd faoi 18 dul i bpáirt leo chun clár faisnéise neamhghnách a dhéanamh.

Ar an Máirt an 25 Meán Fómhair déanfaidh na céadta daoine óga ó gach cearn d’Éirinn taifeadadh físe thart ar dhá nóiméad a chur isteach chugainn de rud a rinne siad, a chonaic siad, a bhraith siad nó a rith leo an lá sin.

Níl teora leis: coinne fiaclóra, obair bhaile á críochnú ar an mbus, bearradh gruaige, amhrán, bó á crú ag breacadh an lae, ag teacht ar ghráinneog sa gháirdín, teacht le chéile teaghlaigh, cnónna capall á mbailiú ar an tslí abhaile ón scoil, físeán mearscaipthe nó seisiún Facebook.

Maidir le rudaí teicniúla, is féidir na físeáin a thaifeadadh ar ghuthán cliste, ar i-phone, ar cheamara físe, pé rud. Is féidir le héinne ar leis gléas taifeadta bheith páirteach sa chlár faisnéise uathúil seo a chraolfar níos moille sa bhliain ar RTÉ.

Beidh tuilleadh eolais faoin dtionscadal seo ar fáil go luath ar www.rte.ie/trte/ourlife.html  nó is féidir leat teangmháil a dhéanamh le Macalla Teoranta (01) 6703880, (01) 670 4012 nó (01) 670 4895 nó trí r-phost ourlifeinoneday@gmail.com.

Seachtain Oidhreachta ag Gaeilge Locha Riach

Lúnasa 30, 2012

Seachtain Oidhreachta – Gaeilge Locha Riach

« Previous PageNext Page »