70 ‘gnó le Gaeilge’ cláraithe cheana féin le ‘Eolaire’ an Chonartha a sheolfar i mí an Mheithimh
Aibreán 20, 2016
Beidh Eolaire Chonradh na Gaeilge beo ar líne ó mhí Mheithimh na bliana seo ar aghaidh. Dheimhnigh an Conradh an méid sin ar Twitter inné agus iad ag iarraidh ar chomhlachtaí a bhaineann úsáid as an nGaeilge clárú leis an tseirbhís nua.
Go dtí seo, tá tuairim is 70 duine nó comhlacht cláraithe leis an Eolaire, ina mbeidh eolas faoi chomhlachtaí atá sásta agus in ann seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil dá gcuid custaiméirí. Is dlíodóirí iad tuairim is 30 de na daoine sin.
Dúirt Ian Mac Gabhann, Oifigeach Iontrála Sonraí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil “bunchloch” curtha leis an mbunachar nua agus go bhfuil an Conradh ag súil go mbeidh sé ina “phríomháis teagmhála” ag lucht labhartha na Gaeilge.
“Tá muid ag díriú isteach anois ar an Eolaire agus é le seoladh i mí an Mheithimh. Bhí muid an-ghnóthach le Seachtain na Gaeilge agus Comóradh 1916, mar sin bhí an obair cineál mall ar feadh cúpla seachtain.
“Tá 70 comhlacht cláraithe anois leis agus tá an líon sin ag dul i méid gach lá. Tá muid ag dul i dteagmháil le comhlachtaí ceann ar cheann agus ag scagadh na n-eolairí atá ann cheana féin, ach tá cuid mhaith acu as dáta faoin am seo,” a dúirt Mac Gabhann.
Beifear in ann seirbhísí a lorg ar an eolaire trí eochairfhocal a chur isteach, cuardach de réir earnála, nó cuardach de réir contae a dhéanamh.
Taispeánfar na comhlachtaí atá in ann seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, an cineál seirbhíse a chuirtear ar fáil, agus ainm an duine nó na ndaoine atá fostaithe ag an gcomhlacht a bhfuil Gaeilge acu. Taispeánfar uaireanta oscailte agus seoladh na ngcomhlachtaí freisin. Dúirt Mac Gabhann go mbeidh ‘cuardach casta’ ar fáil “a bheidh thar a bheith sainiúil”.
Beidh teacht ar an Eolaire ar líne agus ar aip PEIG.ie.
Pacáistí Dialann Dúradáin- (The Diary of a Wimpy Kid as Gaeilge) ó Futa Fata
Aibreán 19, 2016
Tá phacáiste an-tarraingteach leabhar atá réitithe ag Futa Fata do ranganna Gaelscoileanna, mar thairiscint speisialta do mhí Aibreán/Bealtaine 2016.
Féach thíos Pacáistí 1 /2/ 3 mar rogha don scoil. (€70 / €140 / €210 Costais)
Pacáiste #1 Wimpy Kid Gaeilge, ar €70 an ceann (sábháilt €29.50)
10 x Dialann Dúradáin
Pacáiste #2 Wimpy Kid Gaeilge, ar €140 an ceann (sábháilt €59)
20 x Dialann Dúradáin
Pacáiste #3 Wimpy Kid Gaeilge, ar €210 an ceann (sábháilt €88.50)
30 x Dialann Dúradáin
Dialann Dúradáin- Aoisgrúpa T1 8+ / T2 10+
Faoin lead óg, Greg Heffley, atá ag dul i ngleic ar saol nua na meánscoile.
Sa leabhar Dialann Dúradáin, cuireann an scríbhneoir agus maisitheoir Jeff Kinney laoch neamhghnách inár láthair.Tá Greg caite isteach sa mheánscoil le daltaí atá níos airde, níos scanrúla agus níos fiáine ná é féin. Ceapann Mama gur cheart do Ghreg dialann a choinneáil agus cur síos a dhéanamh ann ar a shaol. Ach ní aontaíonn Greg léi.
Mar a deir sé féin: Ná bí ag súil go mbeidh mé ag scríobh síos mo chuid “mothúchán” anseo.
ISBN: 978-1-906907-99-0 RRP: €9.95
Leis an bpacáiste seo a ordú, níl le déanamh agat ach glaoch ar 091 504 612, seol ríomhphost chuig eolas@futafata.ie nó seol nóta ar ais chuig Futa Fata, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Cuirfear na leabhair móide sonrasc sa phost ar an bpointe.
Is féidir pacáiste eile a chuir le chéile duit seo má tá na leabhra seo agat cheana fhéin agus míle fáilte.
Féile Scannán Fhine Gall, 30 Meán Fómhair – 2 Deireadh Fómhair 2016
Aibreán 19, 2016
Tá Féile Scannán Fhine Gall ar oscailt anois leis na scannáin seo a leanas a chur isteach: Beochan – Príomhscannán – Gearrscannán – Scannán ó Mhac Léinn – Scannán Faisnéise – An Scannán Gaeilge is Fearr – Scannán Idirnáisiúnta –
Scannán maidir le 1916.
Seo an cúigiú bliain d’ócáid bhliantúil Fhéile Scannán Fhine Gall, a bheidh ar siúl in Movies@swords, Ionad Siopadóireachta Pavilions, Sord, Co Bhaile Átha Cliath ón 30 Meán Fómhair – 2 Deireadh Fómhair 2016. D’fhreastail níos mó daoine ná riamh ar ócáid 2015, rud a chruthaigh gurb é “Féile Scannán Fhine Gall an Fhéile Neamhspleách Scannán is fearr le do scannán a chur i láthair slua mór daoine. Is ardán den scoth é do dhéantóirí scannán atá ag teacht chun cinn in Éirinn agus thar lear,” a deir Liz Kenny, Stiúrthóir Bainistíochta na Féile. “In 2016 díreoimid ar fhéile a chruthú ina mbeidh cineálacha éagsúla scannán, a thabharfaidh eispéireas idirghníomhach don lucht féachana agus do dhéantóirí scannán araon,” a deir Stiúrthóir Cruthaitheach na Féile, Dave Byrne. “Táim féin agus an fhoireann ar fad ag tnúth go mór leis.” Mar chuid den cheiliúradh cothrom céad bliain in 2016 beidh sliotán ar leith againn sa sceideal d’ábhair a bhaineann le hÉirí Amach 2016. Déantóir scannán ar bith a chruthaíonn ábhar in aon cheann de na catagóirí a thaispeánfar ag an bhféile, iarrtar orthu an scannán a chur ar aghaidh le cur san áireamh, b’fhéidir, i bhFéile Scannán Fhine Gall 2016.
Naoi chatagóir scannán a bheidh i gceist i 2016
• An Beochan is Fearr
• An Scannán Gaeilge is Fearr (Duais)
• An Scannán Idirnáisiúnta
• An Gearrscannán is Fearr
• An Príomhscannán is Fearr
• An Scannán Faisnéise is Fearr
• An Scannán is Fearr ó Mhac Léinn (Duais)
• Duais Meán Fhine Gall do Dhaoine Nuathagtha – (Duais) (Stiúrthóir / Scríbhneoir / Léiritheoir / Stiúrthóír
Grianghrafadóireachta (a chónaíonn i gceantar Fhine Gall) )
• Duais ar son Éacht sna Meáin – (Stiúrthóir / Scríbhneoir / Léiritheoir / Stiúrthóír Grianghrafadóireachta /
Iriseoir ). Bronnfar an duais seo ar dhéantóir scannán a dhéanann rud nua in aon cheann de na catagóirí nó a chruthaíonn slí nua chun scéal a insint.
Gheofar tuilleadh eolais ag an nasc seo a leanas ar an tslí le do scannán a chur isteach www.fingalfilmfest.com
nó seol ríomhphost chugainn ag pr@fingalfilmfest.com pr@fingalfilmfest.com:
Eagrán de Cosmic Quantum Ray i nGaeilge ón BBC
Aibreán 19, 2016
Ábhar Gaeilge an BBC – Teilifís, Raidió agus Digiteach
Cosmic Quantum Ray: www.bbc.co.uk
Clárach Gaeilge: www.bbc.co.uk/programmes
Foilseachán don Chigireacht Nua sna luathbhlianta
Aibreán 19, 2016
Foilsíodh Treoir don Chigireacht dírithe ar Oideachas sna Luathbhlianta (EYEI) i Suímh Luathbhlianta a ghlacann páirt sa Chlár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) ar 11 Aibreán 2016. Leagann an Treoir foilsithe amach na cleachtais agus nósanna imeachta a bhaineann leis an bpróiseas EYEI atá éifeachtach ó 11 Aibreán 2016.
Déanann cigireacht dírithe ar oideachas sna luathbhlianta (EYEI) measúnú ar nádúr, réimse agus oiriúnacht an eispéiris luathoideachais do leanaí atá páirteach sa Chlár ECCE. Déanann Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna stiúradh ar Chigireachtaí dírithe ar Oideachas sna Luathbhlianta.
Tá EYEIanna bunaithe ar chreat cáilíochta, le prionsabail Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige, agus Síolta: an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige, mar bhonn eolais, chomh maith le taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Foilseachán ar fáil anseo: www.education.ie
Scoth na cainte poiblí ag Abair Gael Linn
Aibreán 19, 2016
Le cúpla mí anuas ghlac beagnach 100 dalta meánscoile i gCúige Uladh páirt i gcomórtas cainte poiblí, Abair, a reáchtálann Gael Linn.
Eagraíodh babhta ceannais an chomórtais in Ionad Barrfheabhais Gharbh Achaidh i dTír Eoghain Déardaoin seo caite. Rinneadh scagadh, idir throm agus eadtrom, ar shaincheisteanna na sochaí.
Chuaigh mórdhuaiseanna an chomórtais chuig Gaelcholáiste Dhoire, Coláiste Feirste agus Scoil na Mainistréach, Iúr Cinn Trá.
Seo chugaibh buaicphointí an chomórtais agus agallaimh leis na buaiteoirí… Físéan
(English) Letterkenny Gaelscoil selected as finalist in national music competition
Aibreán 15, 2016
€3.7 milliún breise don Ghaeilge i mbuiséad Pharlaimint na hEorpa
Aibreán 15, 2016
Vótáil Feisirí Pharlaimint na hEorpa inniu i bhfách le €3.7 milliún a chur ar leataobh don Ghaeilge i mbuiséad na Parlaiminte.
Úsáidfear an t-airgead breise le níos mó seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sna forais Eorpacha amach anseo. Ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh, aistreofar gach treoir de chuid an AE go Gaeilge. Go dtí seo ní raibh á aistriú ach rialacháin ó Chomhairle na nAirí.
Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le plean an Rialtais i mí na Nollag seo caite go gcuirfí leis na seirbhísí atá ar fáil in nGaeilge ón AE nó go rachadh an maolú atá i bhfeidhm ar stádas na Gaeilge in éag faoi cheann cúig bliana.
Chuir na Feisirí Eorpacha atá ag Fine Gael – Seán Kelly, Mairéad McGuinness, Brian Hayes agus Deirdre Clune – fáilte roimh an scéala inniu go raibh breis maoiniú ar fáil.
“It is very important that Irish has full working status in the EU and an improved level of services for those who use our native language,” a dúirt an ceathrar Feisirí ó Fhine Gael i ráiteas a d’eisigh siad inniu.
www.tuairisc.ie
(English) Rith Beo fun run in Gaelscoil Osraí
Aibreán 14, 2016
(English) Work underway on new building for Tuam Gaelscoil
Aibreán 13, 2016