Folúntas: Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
Samhain 5, 2015
Tá ionadaí do shaoire mháithreachais de dhíth i gColáiste Cois Life i mBaile Átha Cliath. Tuilleadh sonraí ar fáil thíos:
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/16733/
Folúntas: Scoil an tSeachtar Laoch, Baile Átha Cliath
Samhain 4, 2015
Tá Scoil an tSeachtar Laoch ag lorg múinteoir ranga sealadach. Tuilleadh eolais ar fáil thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24095/
Folúntas: Gaelscoil Uí Ríordáin, Corcaigh
Samhain 4, 2015
Tá Gaelscoil Uí Ríordáin ag lorg múinteoir ranga speisialta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24028/
Folúntas: Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Co na Mí.
Samhain 4, 2015
Tá múinteoir tacaíochta foghlama de dhíth i nGaelscoil an Bhradáin Feasa. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24012/
Folúntas i Scoil Chaitríona
Samhain 4, 2015
Beidh post párt-aimseartha mar mhúinteoir Staire ar fáil i Scoil Chaitríona, Bóthar Mobhí, Glasnaíon, Baile Átha Cliath 9. Tosóidh sé ar 27/11/15.
Is féidir litir iarratais agus CV a sheoladh chuig – scoil@scoilchaitriona.ie.
Is é an spriocdháta ná 11/11/15
Folúntas: Gaelcholáiste Mhuire (A.G.) , Co Chorcaí
Samhain 4, 2015
Tá múinteoir páirt-aimseartha de dhíth i nGaelcholáiste Mhuire. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/16682/
Stádas inbhuanaithe caipitil bronnta ar cheithre ghaelscoil
Samhain 4, 2015
Tá stádas inbhuanaithe caipitil bronnta ag an Aire Oideachais John O’Dowd ar cheithre ghaelscoil, rud a fhágann nach bhfuil ach trí ghaelscoil fágtha sna sé chontae nach bhfuil stádas inbhuanaithe acu.
Bhronn an tAire O’Dowd an stádas inbhuanaithe ar Gaelscoil Léim an Mhadaidh; Gaelscoil Eoghain, An Chorr Críochach; Gaelscoil na mBeann, Cill Chaoil; agus Gaelscoil na Móna, Béal Feirste.
Ciallaíonn an stádas caipitil go bhfuil cúraimí forbartha agus maoinithe na gceithre scoileanna anois go hiomlán faoin Roinn Oideachas seachas faoi Iontaobhas na Gaelscolaíochta.
Tá an Roinn Oideachais le haisíocaíocht a dhéanamh le hIontaobhas na Gaelscolaíochta don infheistíocht atá déanta acu sna ceithre Ghaelscoil ó bunaíodh iad.
Fágfaidh seo ciste mhéadaithe faoin Iontaobhas chun tacú le forbairt na hearnála amach anseo.Deir Cathaoirleach an Iontaobhais, Pilib Mistéil gurb é soláthar luathbhlianta (0-3) agus soláthar iarbhunscolaíochta na chéad dúshláin eile atá rompu.
Rinneadh ceiliúradh ar stádas ardaithe na ngaelscoileanna sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar na maillibh, labhair Meon Eile le hionadaithe na nGaelscoileanna faoin méid atá rompu…
Ábhar oideachais san Irish Independent
Samhain 3, 2015
Foilsíonn an Irish Independent ábhair i nGaeilge le haghaidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
Tá pacáiste oideachais ann gach Céadaoin le haghaidh bunscoileanna. Sa phacáiste seo, tá: Eureka, iris dhathúil eolaíochta, Seachtain Óg, áis sheachtainiúil teagaisc, agus Scope (iris mhíosúil Mata, ar fáil i mBéarla amháin). Is pacáiste luachmhar é seo agus ní chosnaíonn sé ach €0.25 agus cuirtear é chuig nuachtánaí ainmnithe gach seachtain.
Ar Fheabhas – is forlíonadh é seo agus tá sé bunaithe ar churaclam na hArdteiste agus clúdaíonn sé na gnéithe tábhachtacha uile a chabhróidh le daltaí agus le múinteoirí ullmhú do na scrúduithe. Foilsítear ar an gCéadaoin é freisin, ní chosnaíonn eagrán ach €0.30, agus cuirtear go díreach chuig na scoileanna é.
Bíonn cóip den Irish Independent (agus Seachtain istigh) in éineacht leis an dá thairiscint. Ordaigh ar líne anois ag schools.independent.ie nó cuir r-phost chuig schoolorders@independent.ie.
Nuachtlitir an NCCA
Samhain 3, 2015
Tá an t-eagrán is deireanaí de nuachtlitir an NCCA le fáil anois http://goo.gl/weQxoI
Scéim nua ag an Roinn Gaeltachta chun TechSpace as Gaeilge a rith i scoileanna
Deireadh Fómhair 30, 2015
Scéal iomlán ar fáil ag: