Riachtanais an Ghaeloideachais le plé inniu i dTithe an Oireachtais
Deireadh Fómhair 7, 2015
Ainmneofar Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) os comhair Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais an tráthnóna chun ceisteanna a bhaineann leis an ngaeloideachas a phlé.
Cuirfidh Dónal Ó hAiniféin, Cathaoirelach ainmnithe COGG, tús leis an bplé nuair a leagfaidh sé amach na riachtanais atá roimh scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta. Díreoidh sé chomh maith ar a bhfuil ar siúl chun dul i ngleic leis na riachtanais sin.
Dúirt Joanna Tuffy TD, Cathaoirleach an Chomhchoiste, go dtabharfadh an cruinniú le Cathaoirleach COGG deis do bhaill an choiste léargas a fháil ar na dúshláin éagsúla atá roimh scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna “ag am go bhfuil “athrú ag teacht i gcónaí” ar chúrsaí “deimeagrafacha agus teangeolaíochta”.
http://tuairisc.ie/riachtanais-an-ghaeloideachais-le-ple-inniu-i-dtithe-an-oireachtais-ar/
Cúntóir Taighde faoi oiliúint
Deireadh Fómhair 6, 2015
Tá folúntas mar Chúntóir Taighde faoi oiliúint fógartha sna boscaí eolais ar shuíomhanna Fiontar anois.
Spriocdháta: 26 DF.
Tá gach eolas ar fáil ag www.gaois.ie/download/15.10.06-cuntoir-taighde-faoi-oiliuint.pdf.
Folúntais: Coláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha
Deireadh Fómhair 6, 2015
Tugann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cuireadh do dhaoine atá cáilithe cur isteach ar an phost seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i gColáiste Chineál Eoghain don scoilbhliain 2015/2016:-
Coláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha
Tag: Post:
OCG 1: Tíreolaíocht (4.93 uair)
OCG 2: Fraincis (11.10 uair)
Is scoil lán-Ghaeilge í Choláiste Chineál Eoghain agus tá an ábhar seo a theagasc trí mheán na Gaeilge
Is é 12:00 meán lae ar Dé Ceadaoin, 14ú Deireadh Fómhair 2015 an dáta deiridh ar a nglacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe.
Tabhair faoi deara:
- Beidh ceapachán ar bith maidir le post/postanna fógraithe anseo ag brath ar clárúcháin suas-chun-dáta leis an gComhairle Mhúinteoireachta de réir Ailt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001.
- Ní glacfar le foirmeacha iarratais comhlánta a chuirtear le ríomhphost.
- D’fhéadfaí gearrliostáil a dhéanamh ar iarrthóirí.
- Ní chuirfear san áireamh iarratais a thagann isteach mall.
- D’fhéadfaí painéal/painéil a dhéanamh chun folúntais eile a líonadh sa scoilbhliain 2015/2016
Sonraí Teagmhála:
Linda Harley
Rannóg na hAcmhainní Daonna
Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall
Oifigí Riaracháin, Ard Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 DP98.
T: (074) 9161510 R: linda@donegaletb.ie G: www.donegaletb.ie
20 blian ag fás i nGaelscoil Chill Dara
Deireadh Fómhair 5, 2015
Campell míshásta le líon na bpáistí tosaithe i nGaelcholáiste Dhoire i mbliana
Deireadh Fómhair 5, 2015
Gregory Campbell míshsta nach bhfuil ach 14 páiste tosaithe i nGaelcholáiste Dhoire i mbliana. Scéal iomlán ar fáil ag an nasc thíos:
Folúntas: Gaelscoil Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath
Deireadh Fómhair 5, 2015
Tá múinteoir buan de dhíth i nGaelscoil Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23685/
An Gaeilgeoir thú?
Deireadh Fómhair 1, 2015
Tá alt á scríobh ag Ailbhe Ní Riain faoi labhairt na Gaeilge. Má tá tú ag iarraidh cabhrú léí bí i dteagmháil ar an ríomhphost ag ailbheniriain@gmail.com, agus freagair na ceisteanna seo thíos:
– Cad í an cúis duit bheith ag caint as Gaeilge?
– Cathain an mbíonn tú ag labhairt as Gaeilge?
– Cá bhfeiceann sibh an Ghaeilge sa sochaí sa lá atá inniú?
Caith Vóta d’Aip Cúla 4 i nGradam Máithreachais & Naíonán Boots 2015
Meán Fómhair 30, 2015
Beidh vótáil ag teacht chun críche go luath don duais mhór ag Gradam máithreachais & naíonán Boots 2015 sa chatagóir an Aip is Fearr do Theaghlaigh/Leanaí.
Is féidir do vóta a chaitheamh d’Aip Cúla 4 ag an nasc thíos:
https://awards.maternityandinfant.ie/products/vote
Comórtas Gearrscéalaíochta do dhaoine óga faoi 25 bliain
Meán Fómhair 29, 2015
Eolas ar Chomórtas gearrscéalaíochta do dhaoine óga faoi 25 bliain d’aois atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Co. na Gaillimhe sa cheangaltán.
Duaiseanna: €1000, 400 agus 250 euro.
Spriocdháta 18 Nollaig
Folúntas: Scoil Oilibhéir, Baile Átha Cliath
Meán Fómhair 29, 2015
Tá Scoil Oilibhéir i mBaile Átha Cliath ag lorg ionadaí tacaíochta foghlama do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23594/