Scéal na Gaeilge, Doire: Grianghraif á lorg do Chartlann Íomhánna
Lúnasa 23, 2013
‘Cuimhní Shliabh Eachtaí’ agus ‘Na hUltaigh’
Lúnasa 23, 2013
Comhdháil Ghráig na Muilte Iarainn 24-25 Lúnasa 2013
3 Leabhar Nua ó Chló Mhaigh Eo
Lúnasa 22, 2013
Breithlá ‘Líofa’
Lúnasa 22, 2013
Áiseanna ar logainm.ie
Lúnasa 22, 2013
Tá pacáiste acmhainní oideachais ar fáil anois ón suíomh logainm.ie, bunachar logainmneacha na hÉireann.
Tá na hacmhainní seo dírithe ar leibhéal na bunscoile, na hiar-bhunscoile agus an tríú leibhéal, ach is féidir leas a bhaint astu ag leibhéil eile freisin, mar shampla ranganna Gaeilge do dhaoine fásta mar aon le déagóirí. Sa réimse do bhunscoileanna mar shampla tá acmhainní dírithe ar pháistí sna ranganna sinsearacha sa bhunscoil. Oireann na hacmhainní do cheantar ar bith sa tír. Tá sé scéim oibre ar fáil, ceann amháin mar réamhrá don ábhar logainmneacha agus cúig chinn bunaithe ar théamaí éagsúla. D’fhéadfaí na hacmhainní seo a úsáid i roinnt ranganna iarbhunscoile chomh maith. Tá na hacmhainní oideachais seo á soláthar mar áis do theagascóirí agus d’fhoghlaimeoirí. Cuid lárnach d’oidhreacht na hÉireann is ea na logainmneacha agus leis an áis nua tá súil go spreagfaidh sé spéis daoine iontu.
www.advertiser.ie
Cúntóir Gaeilge á lorg ag Coláiste Hibernia
Lúnasa 22, 2013
Baineann na dualgais seo thíos leis Ard-Dioplóma Ealaíon sa Bhunoideachas.
Dualgais:
- Tacaíocht acadúil agus riaracháin a thabhairt do Cheann na Gaeilge
- Bainistiú ar aiseolas d’iarratasóirí agus do mhic léinn maidir le hathbhreithnithe agus achomhairc
- Aistriú, profáil agus eagarthóireacht ar dhoiciméid
- Modúil na Gaeilge (An Ghaeilge Acadúil, Cleachtadh Múinteoireachta agus Curaclam na Gaeilge) a bhainistiú go héifeachtach i gcomhar le Ceann na Gaeilge agus Leas-Stiúrthóir an Chláir
- Tacaíocht a thabhairt do Cheann na Gaeilge maidir le hearcaíocht agus agallaimh don fhoireann acadúil
- Tacaíocht a thabhairt do Cheann na Gaeilge le caighdeán acadúil an Chláir a dheimhniú
- Próifíl na Gaeilge a ardú laistigh agus lasmuigh den Choláiste agus comhpháirtíocht a chothú le páirtithe seachtracha
Riachtanach don Ról:
- Ardchaighdeán cruinnis agus líofachta sa Ghaeilge agus sa Bhéarla
- Tuiscint mhaith ar Chláir Acadúla Ghaeilge agus ar an nGaeltacht
- Tionscantach agus solúbtha
- Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
- Teist go dtí seo ar a bheith ullmhaithe agus cruinn
- Cumas iltascála chomh maith leis an gcumas a bheith cruthaitheach agus feidhmiú faoi bhrú
- Gairmiúil le tuiscint ar éifeachtúlacht, ar dhiscréid agus ar rúndacht
- Scileanna réitithe fadhbanna den scoth chomh maith leis an gcumas smaoineamh as an nua
- Céim mháistreachta sa Ghaeilge
- Ardchaighdeán cruinnis agus líofachta sa Ghaeilge agus sa Bhéarla
- Inmhianaithe:
- Tuiscint leathan ar Churaclam na Bunscoile, ar Chláir Chumaisc Foghlama agus ar Chláir Oiliúna Tosaigh do mhúinteoirí
- 5 bliana taithí i ról in earnáil an Oideachais/ na Gaeilge
Tuiscint leathan ar Churaclam na Bunscoile, ar Chláir Chumaisc Foghlama agus ar Chláir Oiliúna Tosaigh do mhúinteoirí
Beidh téarma seasta agus conradh ar sheirbhísí i gceist, ag tosú le 3 lá sa mhí .
Próiseas iarratais:
Seol litir chlúdaigh, le cur síos ar na cúiseanna go mbeifeá oiriúnach don ról seo le CV reatha trí ríomhphost chuig careers@hiberniacollege.net.
Ní mór an t-iarratas a sheoladh roimh an Aoine, 30 Lúnasa 2013.
Foilsithe ar Gaelport.com
Cúntóir Naíonra
Lúnasa 22, 2013
Tá Naíonra Pobail-Seanchill Teo. B.Á.C. 18 ag lorg cúntóir chun obair le páistí réamhscoile agus iarscoile san iarnóin (12-6) cúig lá na seachtaine.
Tá líofacht gaeilge riachtanach don phost. Tuilleadh eolais ó cris@naionra-pobail-seanchill.com nó 087 7666419.
Spriocdháta 20/09/2013
Foilsithe ar Gaelport.com
Uinseann Donn – Pictiúrleabhar Nua le Futa Fata
Lúnasa 21, 2013
Uinseann Donn – Leabhar nua Futa Fata
Riarthóir do Choláiste Samhraidh
Lúnasa 21, 2013
Tá Riarthóir á lorg ag Coláiste Gaeilge Samhraidh chun dul i mbun cúraimí eagraíochta, riarachta agus forbartha sa choláiste.
An Post:
- Ullmhúchán agus Eagrúchán a dhéanamh ar Chúrsaí Gaeilge an Choláiste: Cúrsaí an tSamhraidh agus Cúrsaí Cinnireachta le linn na bliana
- Margaíocht a dhéanamh ar na cúrsaí; iarratais agus agallaimh na scoláirí a eagrú; lóistín agus taistil a shocrú do na cúrsaí
- Chomhfhreagras le Múinteoirí, Cinnirí, Mná Tí
- Plean forbartha an Choláiste a fheidhmiú agus a chur i gcrích
- Dul i gcomhairle le Coiste Stiúrtha an Choláiste
- Dul i ngleic le hEagraíochtaí Stáit – Roinn na Gaeltachta agus Roinn an Oideachais
Cáilíochtaí:
- Cáilíocht tríú leibhéil sa ghnó nó/agus san oideachais
- Ard-chaighdeán scríofa agus labhartha na Gaeilge
- Taithí phraiticiúil agus cumas i riaradh gnó
- Ard-scileanna Ríomhaireachta
- Taithí oibre i gcúrsaí oideachais
- Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta d’ardchaighdeán, ag plé le foireann agus daoine i gcoitinne
Féin taisteal riachtanach
Uaireanta Oibre: Is post 30-40 uair in aghaidh na seachtaine é.
Tuarastal: Tuarastal coimhlinte ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí.
Is conradh bliana atá á thairiscint i dtosach.
Iarratais: Seol iarratais mar aon le C.V. roimh 4 Meán Fómhair 2013 chuig colaistegsamhraidh@gmail.com.
Foilsithe ar Gaelport.com
Spraoi – lascaine ar fáil
Lúnasa 20, 2013
Ar thug tú cuairt ar shuíomh Spraoi le déanaí? www.spraoi-online.com
Tá táirgí NUA acu don scoilbhliain 2013/14: ‘Na Baill Bheatha 1 and 2’
Chomh maith leo siúd, tá réimse leathan áiseanna a bhfuil an-tóir orthu. Mar shampla:
*Mothúcháin
*Liom/Leat/Leis srl.
*An Tuiseal Ginideach
*Béiríní – The Teddies + Leabhar Oibre Nua
*Seanfhocail
agus go leor, leor eile.
Má chláraíonn tú leo, gheobhaidh tú lascaine 20% ar aon ordú a chuireann tú agus a íocann tú roimh 20 Meán Fómhair!
Is féidir ordú ar-líne, ar an bhfón, tríd an bpost nó le téacs.
Is féidir íoc le Paypal, le seic, ordú poist nó dréacht bainc.
Má tá aon cheist agat nó má tá tú ag iarraidh a thuilleadh eolais, cuir teachtaireacht chuig:
Paula Nic Cionnaith
091-593265 087-1276116