Comórtas Póstaer na nÓg ag an Irish Cancer Society
Feabhra 14, 2013
Tá comórtas Póstaer na nÓg ar siúl ar son Seachtain na hEorpa in aghaidh Ailse agus iarrtar ar scoileanna páirt a ghlacadh ann. Tá an comórtas oscailte dhaoine óga aois 10-18 agus sé an dáta deiridh ná 19 Aibreán. Leis an gcomórtas seo, spreagtar daoine óga chun foghlaim conas is féidir ailse a sheachaint tré póstaeir a chruthú a bhéas in ann cumarsáid a dhéanamh le daoine óga eile maidir leis na rudaí is féidir a leat a dhéanamh anois chun ailse a sheachaint níos deireanaí sa saol.
Le haghaidh na sonraí ar fad don chomórtas, téigh go http://www.europeancancerleagues.org/ewac/european-week-against-cancer-2013.html nó is féidir cuairt a thabhairt ar an leathanach Facebook www.facebook.com/EclYouthCompetition
Irish Cancer Society
+ 353 1 2310 500 | + 353 1 2310 555
hptemp@irishcancer.ie
http://www.cancer.ie
Ceart Cultúrtha an Pháiste faoi chaibidil ag Comhdháil Mheitheal na mBeag
Feabhra 13, 2013
Tá an scáthghrúpa ‘Meitheal na mBeag’ ag eagrú comhdhála dar teideal ‘Ceart Cultúrtha an Pháiste’ bunaithe ar Airteagal 31 de Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.
Beidh an chomhdháil ar siúl ar 15 agus 16 Feabhra agus is é an aidhm atá leis ná feasacht a chruthú faoi thaibhealaíona Gaeilge na n-óg.
Freastalaíonn ‘Meitheal na mBeag’ ar ealaíontóirí, oideachasóirí, comhlachtaí, ionaid ealaíon agus institiúidí a léiríonn a ndílseacht do chur chun cinn agus d’fhorbairt na dtaibhealaíon trí Ghaeilge do pháistí.
Tá an scáthghrúpa déanta suas de chomhaltaí le paisean agus fuinneamh, idir ealaíontóirí agus mhúinteoirí, a chreideann go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh fáil ag páistí ar scoth na n-ealaíon – idir amharclann agus cheol, fhilíocht agus fhís-ealaíon.
Is é Martin Drury ón gComhairle Ealaíona agus bunaitheoir na hamharclainne ‘The Ark’, a bheidh mar aoichainteoir ag an gcomhdháil mar aon le hiar-Laureate na nÓg, Siobhán Parkinson agus Ceann na Roinne Ealaíon agus Corpoideachais i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, Michael Finneran.
Beidh an cainteoir idirnáisiúnta Angus Macleod, Oifigeach Drámaíochta le Fèisean nan Gàidheal as Albain i láthair ann chomh maith.
Cuirfidh na complachtaí téatair ‘Branar’ agus ‘Graffiti’ léiriúcháin dá gcuid ar an stáitse agus reáchtálfar díospóireachtaí agus cainteanna oscailte.
Tabharfar deis do dhaoine éagsúla a bhaineann leis na healaíona casadh chéile agus an earnáil a phlé.
I rith na comhdhála beidh Meitheal na mBeag ag lorg aighneachtaí ó ealaíontóirí píosa ealaíne a chruthú a rachaidh ar chamchuairt ó chontae go contae. Beidh fáil ar an ealaín sna hallaí Cathrach i ngach contae i rith na bliana. Is é an aidhm a bheidh leis an bpíosa ealaíne seo ná go gceisteoidh na comhairlí contae an méid áiseanna de ghníomhaíochtaí cultúrtha a chuireann siadsan ar fáil do pháistí sa chontae.
Tá fáilte roimh chách freastal ar an gcomhdháil a osclófar go hoifigiúil ag 6pm ar an Aoine, 15 Feabhra. Ní mór clárú ar www.meithealnambeag.ie.
Sceideal na gclár Gaeilge ar fáil anois
Feabhra 13, 2013
Tugtar léargas ar líon agus éagsúlacht na gclár Gaeilge atá le cloisteáil ar 54 stáisiún raidió fud fad na tíre sa sceideal nua atá foilsithe ag an tseirbhís eolais ‘Cogar’.
Tá an sceideal iomlán roinnte i gceithre chuid; luaitear sceidil RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus Raidió Rí-Rá chomh maith le sceideal náisiúnta ina bhfuil cláir ó stáisiúin raidió pobail agus stáisiún tráchtála ar fud na tíre luaite ann.
Seoladh an sceideal ag ceardlann raidió a reáchtáladh in oifigí Údarás Craolacháin na hÉireann ar 30 Eanáir.
I láthair ag an ócáid bhí Traic Ó Braonáin (Raidió Rí-Rá); Cian Mac Cárthaigh (Raidió na Life); Cearbhall Ó Síocháin ( RTÉ Raidió na Gaeltachta); Barbara Nic Dhonnacha ( iRadio) agus Máire Máiréad Ní Loideáin ( Shannonside/Northern Sound FM).
Ba í an tseirbhís nuachta dhigiteach do chraoltóirí le Gaeilge Cogar a chuir an sceideal náisiúnta le chéile. Tá Cogar maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an tseirbhís ar fáil.
Beidh an sceideal ina áis don éisteoir nó don fhoghlaimeoir atá ag iarraidh cluas a thabhairt do chlár Gaeilge. A bhuíochas le forbairtí sna meáin dhigiteacha, tá lucht éisteachta níos forleithne á aimsiú ag craoltóirí agus tá ag éirí leo díriú isteach ar lucht éisteachta úr.
Le forbairt na craoltóireachta raidió ar líne, fóin chliste agus aipeanna, níl teorainn thíreolaíoch ar bith leis an stáisiún raidió inniu. Má tá cónaí ort i Loch Garman, mar shampla, d’fhéadfá éisteacht le cláir Ghaeilge ó stáisiún raidió atá lonnaithe i nGaillimh, i gCiarraí nó áit ar bith timpeall na tíre ar do fhón cliste nó ar do ríomhaire glúine.
Mar an gcéanna leis sin, tá fáil ag eisimircigh agus ag Gaeilgeoirí thar lear ar chláir Ghaeilge ar ghléasanna cliste, ar aipeanna agus ar stáisiúin idirlín in ainneoin go bhfuil cónaí orthu thar sáile.
Tá an sceideal náisiúnta ar fáil le híoslódáil ar Cogar.ie anseo: http://www.cogar.ie/sceideal2013.
Gaelport.com
Pleananna Teanga agus Polasaí Rialtais le plé ag Tóstal na Gaeilge
Feabhra 13, 2013
Tá athruithe suntasacha i ndán don Ghaeltacht i mbliana le feidhmiú an phróisis pleanála teanga agus beidh impleachtaí agus mionsonraí an bheartais seo á bplé go mion ag an bpobal ag Tóstal na Gaeilge Dé Sathairn seo chugainn.
Is é Harry McGee, an Comhfhreagraí Polaitíochta de chuid an Irish Times, a osclóidh an plé ar maidin Shathairn, 16 Feabhra 2013, ag 10:30am, agus ina dhiaidh sin leanfaidh trí sheisiún plé go dtí 5pm san Óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2.
Le coicís anuas tá fógartha ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh tús á chur le próiseas le plean teanga a ullmhú i dtrí limistéar Gaeltachta. Beidh Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach an Údaráis ag labhairt ag Tóstal na Gaeilge i mbliana, agus is cinnte go mbeidh bainisteoirí na gcomhlachtaí forbartha agus na gcomharchumann Gaeltachta ar bís chun eolas breise a fhail ar a bhfuil beartaithe don bhliain 2013 faoin bpróiseas pleanála teanga.
Beidh saincheisteanna reatha na Gaeilge idir chamáin ag polaiteoirí, ag saineolaithe sa phleanáil teanga, ag ionadaithe an státchórais, agus ag pobal na Gaeilge le linn trí sheisiún plé a reáchtálfar le linn an Tóstail, mar atá:
Seisiún 1: Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge in 2013
Seisiún 2: An Ghaeltacht in 2013
Seisiún 3: Freagrachtaí an Stáit i leith na Gaeilge
Is féidir clár iomlán an Tóstail a íoslódáil ag an nasc thíos: www.gaelport.com/tostal2013.
€15 atá ar thicéad don Tóstal, agus clúdaíonn sé seo lón éadrom a chuirfear ar fáil san óstán.
Is féidir do thicéad a chur in áirithe don Tóstal ach glaoch a chur ar Mháire Ní Phuirséil, 016794780 nó r-phost a chur chuig maire@comhdhail.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com
Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013
Feabhra 13, 2013
Tá áthas ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar siúl arís i mbliana don séú bliain as a chéile.
Reáchtálfar babhta ceannais an chomórtais i ‘Cois Teallaigh’, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Dé hAoine 19 Aibreán 2013 mar chuid den mhalartú cultúrtha Gaeilge/Gàidhlig Turas na bhFilí 2013. Rachaidh filí agus ceoltóirí Albanacha, an file agus léachtóir Meg Bateman ina measc, ar thuras mórthimpeall Ghaeltacht Mhaigh Eo agus oileán Acla ón 17-19 Aibreán.
Is é an t-úrscéalaí agus an craoltóir Alan Titley a bheidh mar fhear an tí ag an ócáid agus tabharfar an deis do na cuairteoirí Albanacha amhráin agus ceol ó na garbhchríocha a chasadh don slua.
Bronnfar duais €500 agus Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar bhuaiteoir an chomórtais an oíche sin. Is iad an file aitheanta Gabriel Rosenstock agus Meg Bateman a bheidh mar mholtóirí ar Chomórtas Uí Néill i mbliana.
Is i gcomhluadar roinnt de na filí is fearr ón ghlúin seo a bheidh buaiteoir an chomórtais lena n-áirítear na hiarbhuaiteoirí Ailbhe Ní Ghearbhuígh, Máire Wren, Proinsias Mac a ‘Bhaird, Tadhg Ó Dúshláine agus Niall Gordon.
Is comórtas dátheangach ar théama oscailte é seo, áit ar féidir le hiarratasóirí dánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chur ar fáil chomh maith.
Ní ghlacfar le níos mó ná trí iarratas ó gach iarratasóir. Ní mór rialacha an chomórtais a bheith léite go maith roimh ré chomh maith. Ní ghearrfar costas ar iontrálacha. Is é 15 Márta 2013 an spriocdháta d’iontrálacha.
Roghnófar gearrliosta d’ochtar, as a mbeidh buaiteoir amháin ainmnithe ag oíche mhór filíochta agus cheoil ar an Aoine, 19 Aibreán 2013 in ionad Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 2.
Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais agus ar rialacha an chomórtais ar an leathanach seo http://www.gaelport.com/comortasuineill.
Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le Sibéal Davitt ag sdavitt@comhdhail.ie nó glaoch ar 01-6794780.
Is comhthionscnamh é Turas na bhFilí 2013 idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Fèisean nan Gàidheal le tacaíocht ó Poetry Ireland agus Colmcille.
Preaseisiúint le Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge
An dara scéim teanga á dhréachtadh ag Coiste Gairmoideachais Chontae an Chláir
Feabhra 11, 2013
Tá sé i gceist ag Coiste Gairmoideachais Chontae an Chláir an dara scéim teanga acu a dhréachtadh de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag Coiste Gairmoideachais Chontae an Chláir anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach). Is féidir aighneachtaí a sheoladh isteach go leictreonach chuig sconlan@clarevec.ie nó tríd an bpost chuig:
An Rúnaí,
Coiste Gairmoideachais an Chláir,
Bóthar an Stáisiúin,
Inis,
Co. an Chláir.
An dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí ná 5pm ar 22 Feabhra 2013.
Tá eolas maidir le mandáid agus an ról/na seirbhísí arna soláthar ag Coiste Gairmoideachais Chontae an Chláir ar www.clarevec.ie.
Tá an chéad scéim teanga de chuid Choiste Gairmoideachais Chontae an Chláir le fáil anseo.
Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.pobail.ie nó ar iarratas trí ríomhphoist chuig achtteanga@pobail.ie
Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.
Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:
http://www.gaelport.com/abhchoideacht nó http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.
Fógra Poiblí foilsithe don chéad uair ar Gaelport.com 29 Eanáir 2013 agus foilsithe don athuair ar 11 Feabhra 2013.
An Teanga is a Luach: Ról na Gaeilge in Eacnamaíocht na hÉireann
Feabhra 11, 2013
Dé Sathairn, 9ú Márta, 2013, Seomra T116, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach: An Teanga is a Luach
Deontais ar fáil d’uirlisí ceoil
Feabhra 11, 2013
Tuilleadh Eolais: EMI Music Sound Foundation
Cló Iar-Chonnacht – Nuachtlitir nua do scoileanna
Feabhra 8, 2013
Is féidir an nuachtlitir a léamh ar líne anseo.
Nuachtlitir Futa Fata
Feabhra 8, 2013